Fisicí a rugadh i Waldstein na hOstaire ab ea Victor Franz Hess (24 Meitheamh 188317 Nollaig 1964). Thóg sé soithigh ianúcháin suas i mbalúin leis (1911-1912) agus fuair amach gur mhéadaigh an déine radaíochta de réir na hairde san atmaisféar. Chruthaigh sé gur tháinig an radaíocht ardfhuinnimh ón spás amuigh, gur radaíocht chosmach í. Chabhraigh sé le ráta astaithe alfa-cháithníní ó ghram raidiam a thomhas i 1918. Roinn sé Duais Nobel na Fisice le Carl Anderson i 1936 as a shaothar bunúsach ar ghathanna cosmacha. D'éag sé i Mount Vernon, Nua-Eabhrac.

Infotaula de personaVictor Franz Hess

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith24 Meitheamh 1883
Schloss Waldstein (An Ostair-Ungáir)
Bás17 Nollaig 1964
81 bliana d'aois
Mount Vernon, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Graz Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreFisic
Gairmfisiceoir, ollamh, taighdeoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Vín
Ollscoil Graz
Ollscoil Innsbruck
Ollscoil Fordham Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFronta an Athartha Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla agus an Ghearmáinis
Saothar
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileElizabeth M. Hoenke
Marie Bertha Warner Breisky (1920–1955) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Find a Grave: 176652938 Cuir in eagar ar Wikidata

Chuir sé faoi sna Stáit Aontaithe sa bhliain 1938 chun géarleanúint na Naitsíoch a sheachaint. Ba Ghiúdach í an chéad bhean chéile aige. D'fhan siad sna Stáit Aontaithe agus sa bhliain 1944 ghlac sé saoránacht Mheiriceánach.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Victor Frantz Hess". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 344.