Is uathoibreán ceallach é Wa-Tor a cheap Alexander Keewatin Dewdney. Cuireadh é i láthair in eagrán Nollag 1984 don Scientific American.

An phláinéid de Wa-Tor

Déanann an t-alt "Computer Recreations: Sharks and fish wage an ecological war on the toroidal planet Wa-Tor", cur síos ar an éiceachóras mar uathoibreán ceallach. Is pláinéad é Wa-Tor atá clúdaithe go hiomlán in uisce áit nach bhfuil ach dhá speiceas ina gcónaí i gcothromaíocht íogair. Tá an pláinéad toróideach i.e má bhogann rud beo síos faoi bhun an domhain feictear é arís ag an imeall uachtarach. Sa tslí chéanna má bhogann siad amach ar dheis feictear iad arís ar an imeall ar chlé. Glaotar "siorcanna" ar an gcéad speiceas mar gheall ar a gcosúlacht idir iad féin agus an speiceas comhainmneach ar domhan. Glaotar "éisc" ar an dara speiceas. Is speiceas creachóireach iad na siorcanna agus itheann siad na héisc. Cónaíonn, bogann agus síolraíonn na siorcanna agus na héisc i Wa-Tor de réir rialacha áirithe. Imíonn am thart i gcéimeanna scoite. Glaonn Dewdney "chronons" ar na céimeanna seo.

Tagairtí cuir in eagar

  • Dewdney (1984) "Sharks and fish Wage an ecological War on the toroidal planet Wa-Tor", Scientific American December pg I4—22.