Sonóg oifigiúil na Boston Red Sox is ea Wally the Green Monster (Gaeilge: Wally an tArracht Glas). Tagann a ainm ón leasainm atá ar an mballa ard (37 troigh nó 11.3m ar airde) sa pháirc amuigh ar chlé in Fenway Park. Cuireadh Wally os comhair an phobail den chéad uair ar 13 Aibreán 1997.[1] Cé gur thaitin sé go mór le leanaí ón tús, níor ghlac an lucht leanúna níos sine chomh maith leis. Glacann níos mó daoine, idir óg agus aosta, le Wally anois, go páirteach mar gheall ar scéalta a cheap an craoltóir Red Sox, Jerry Remy (nach maireann), fear a raibh an-ghean air ag lucht leanúna na foirne, le linn cluichí teilifíse.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarWally the Green Monster

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálcarachtar sonóige Cuir in eagar ar Wikidata

Beathaisnéis fhicseanúil cuir in eagar

De réir na Boston Red Sox, tá Wally ina chónaí in Fenway Park, laistigh den Green Monster féin, le fada an lá, ó 1947 i leith. Tháinig sé amach as an mballa den chéad uair sa bhliain 1997, agus dá bharr sin, caitheann sé geansaí Red Sox #97. Caitheann sé caipín (méid 37) arna eisiúint ag an bhfoireann i gcónaí.

Tagairtí cuir in eagar

  1. About Wally the Green Monster | Boston Red Sox” (en). MLB.com. Dáta rochtana: 2022-04-07.