Whitley Stokes

scoláire agus dlíodóir Éireannach (1830-1909)

Ba dhlíodóir Éireannach agus scoláire sa Léann Ceilteach é Whitley Stokes (28 Feabhra 1830 - 13 Aibreán 1909).[1]

Infotaula de personaWhitley Stokes

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith28 Feabhra 1830
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Bás13 Aibreán 1909
79 bliana d'aois
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreTeangeolaíocht
Gairmsaineolaí dlí, teangeolaí, aistritheoir, dlíodóir, focleolaí, abhcóide Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Teaghlach
PáisteMaive Stokes Cuir in eagar ar Wikidata
SiblínMargaret Stokes
Gradam a fuarthas

An Léann Ceilteach cuir in eagar

Tá clú agus cáil ar Whitley Stokes go háirithe mar scoláire sa léann Ceilteach. D'oibrigh sé sa réimse seo san India agus i Sasana. Rinne sé staidéar ar théacsanna Gaeilge, Briotáinise agus Coirnise. Chuir sé spéis sa nGaeilge go príomha mar fhoinse ábhar le haghaidh focleolaíochta comparáidí. Cé gur fhoghlaim sé Sean-Ghaeilge agus Meán-Ghaeilge, ní bhfuair sé blas ceart na Gaeilge riamh agus ní raibh an Nua-Ghaeilge ar a thoil aige ach an oiread.[2] Bíodh gur cailleadh é breis agus céad bliain ó shin, is fear léinn tábhachtach é sa Léann Ceilteach go fóill.[2] D'fhoilsigh sé níos mó ná 15,000 leathanach sa Léann Ceilteach agus níor tháinig eagráin níos fearr in ionad a eagrán féin ina lán cásanna, fiú tar éis na tréimhse fada seo.[2] Ba chomhfhreagraí agus dhlúthchara dá chuid é Kuno Meyer ón mbliain 1881 ar aghaidh. Bhunaigh an bheirt acu an iris Archiv für celtische Lexicographie agus ba chomheagarthóir é maille le hErnst Windisch ar an tsraith darb ainm Irische Texte[2]

Saothair cuir in eagar

  • Three Irish Glossaries (1862)
  • Gwreans an Bys: the Creation of the World Aistriúchán ar dhráma Coirnise de chuid William Jordan ón mbliain 1611 (1864)
  • Three Middle-Irish Homilies (1877)
  • Old Irish Glosses at Merzburg and Carlsruhe (1887)
  • Irische Texte foilsithe ag Leipzig (1880-1900), ina comheagarthóir in éindí le hErnst Windisch
  • The Anglo-Indian Codes (1887).
  • Lives of Saints from the Book of Lismore (1890) aistritheoir
  • Urkeltischer Sprachschatz (1894) maille le hAdalbert Bezzenberger
  • Thesaurus Palaeohibernicus (1901–03) in éindí le John Strachan


Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar