William M. McKechnie (breitheamh)

breitheamh Éireannach

Is breitheamh as Corcaigh é Liam McKechnie, nó William M. McKechnie (a rugadh i mí Aibreáin 1951), ina bhall den Chúirt Uachtarach (Márta 2010 - Aibreán 2021) agus ar scor inniu.[1]

Infotaula de personaWilliam M. McKechnie
Beathaisnéis
Breith16 Aibreán 1951
73 bliana d'aois
Cionn tSáile, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na hOllscoile Corcaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmbreitheamh, abhcóide Cuir in eagar ar Wikidata

Saol cuir in eagar

Rugadh McKechnie i Corcaigh i 1951 agus cuireadh oideachas air ag Coláiste Bhráithre na Toirbhearta, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, ónar bhain sé a chéim amach i 1971, sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus in Óstaí an Rí, Baile Átha Cliath. Bhí aige Céim Mháistreachta i nDlí na hEorpa.

 
Na Ceithre Cúirteanna

Gairm dlí cuir in eagar

Rinneadh é a ghairm chuig an mBarra i 1972 agus glacadh leis chuig Barra na Sinsear i 1987. Mar abhcóide, chleachtaigh sé i limistéar na tráchtála, na seansaireachta agus an dlí údaráis áitiúil, agus bhí suim ar leith aige i bhfaillí míochaine.

Bhí roinnt poist shinsearacha aige i gComhairle Bharra na hÉireann ar feadh roinnt blianta agus toghadh é ina Chathaoirleach i 1999 agus atoghadh in 2000 é.

Ceapadh é mar Bhreitheamh den Ard-Chúirt in 2000 agus ghlac sé ceannas ar an liosta iomaíochta in 2004. Agus é ag feidhmiú amhlaidh, bhí sé i gceannas ar gach cás iomaíochta sibhialta agus coiriúil araon. Rinne sé an chéad Dearbhú Neamhluí faoi Acht an Choinbhinsiúin Eorpaigh um Chearta an Duine, 2003, i gcás Trasinscne Foy –v- an tArd-Chláraitheoir.

Bhí McKechnie ina Chathaoirleach den Bhinse Luachála idir 1995 agus 2000 agus ó 2002 i leith bhí sé mar Chathaoirleach an Bhoird Eagarthóireachta d’Irisleabhar na hInstitiúide um Staidéar Breithiúnach. Bhí sé ina bhall de Bhord na Seirbhíse Cúirteanna agus freisin den Choiste Déanta Rialacha.

Ceapadh é chuig an gCúirt Uachtarach i Meitheamh 2010.

In 2010, toghadh é mar Uachtarán an Chumainn Bhreithiúna Eorpacha Dlí Iomaíochta, a dhéanann ionadaíocht do gach ceann de na 27 Ballstát den Aontas Eorpach, mar aon le Breithiúna ón gCúirt Bhreithiúnais agus ó Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh agus ón gCúirt EFTA. Ba ea é an tríú hUachtarán den Chumann, i ndiaidh Sir Christopher Bellamy agus an Dr Joachim Bornkamm.

Bhí roinnt páipéar scríofa aige, ghlac sé páirt ar chomhdhálacha iomadúla, mar aon le bheith i gceannas orthu agus thug sé an 4ú Léacht Bhliantúil den CCJHR ag COC an 4 Márta 2010.

Is Binseoir é de Chumann Onórach Óstaí an Rí.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Mr Justice Liam McKechnie retires from Supreme Court" (en). Irish Legal News. Dáta rochtana: 2021-12-19.