William Standish Knowles

ceimiceoir Meiriceánach

Ceimicí a rugadh i dTaunton, Massachusetts is ea William Standish Knowles (1 Meitheamh 191713 Meitheamh 2012). Chaith sé a shaolré le comhlacht Monsanto. Rinne sé taighde ar chatalú ciriúil ar chomhdhúile orgánacha a rothlaíonn plána solais atá polaraithe i bplána. Mar shampla, déanann tuaslagán siúcra é seo. Rothlaíonn comhdhúile ar leith an plána polaraithe ar deiseal, agus comhdhúile eile ar tuathal. Tá cuid mhaith comhdhúl mar seo, drugaí, feithidicídí, is leasuithe talún ina measc, a tharlaíonn in dhá struchtúr, gach ceann ina íomhá scáthánach ar a chéile, ag rothlú plána polaraithe sa treo eile ón gceann eile. Fuair Knowles amach nárbh ionann éifeacht an dá struchtúr ina bhfeidhmeanna mar dhrugaí is eile, agus uaidh sin bhí sé in ann an struchtúr is éifeachtaí a roghnú is éifeacht na gcomhdhúl a fheabhsú go mór. Le Barry Sharpless is Ryoji Noyori, bhuaigh sé Duais Nobel na Ceimice i 2001 as an saothar seo.[1]

Infotaula de personaWilliam Standish Knowles

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1 Meitheamh 1917
Taunton, Minnesota Cuir in eagar ar Wikidata
Bás13 Meitheamh 2012
95 bliana d'aois
Chesterfield, Missouri Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisScléaróis chliathánach amatrófach
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síBerkshire School (en) Aistrigh
Ollscoil Columbia - ceimic (–1942)
Ollscoil Harvard - ceimic (–1939)
Acadamh Phillips Cuir in eagar ar Wikidata
Comhairleoir dochtúireachtaRobert Elderfield
Áit chónaitheTaunton
Jackson Hole (en) Aistrigh
Dayton
St. Louis
New Bedford
Gníomhaíocht
Réimse oibreCeimic
Gairmceimiceoir, taighdeoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirMonsanto Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Gradam a fuarthas

Find a Grave: 91992913 Cuir in eagar ar Wikidata

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "William Standish Knowles". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 387.