Woody Guthrie

amhránaí Meiriceánach

Cumadóir agus ceoltóir Meiriceánach ab ea Woodrow Wilson "Woody" Guthrie (14 Iúil, 19123 Deireadh Fómhair, 1967), duine de na ceoltóirí ba mhó le rá sa 20ú haois. Nuair a chailleadh Guthrie ag deireadh na seascaidí, fágadh na céadta amhrán agus bailéad ina dhiaidh, a cuimsíonn plé ar pholaitíocht, amhráin traidisiúnta agus fiú amhráin do pháistí. Sheinn Guthrie gan stad ina shaol, go minic leis an sluán "This Machine Kills Fascists" ("Maraíonn an Meaisín seo Faisistithe") le feiceáil ar a ghiotár. An rian is cáiliúla a tháinig uaidh ná "This Land Is Your Land", a cantar go minic fós i scoileanna Meiriceánacha.

Infotaula de personaWoody Guthrie

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Woodrow Wilson Guthrie
14 Iúil 1912
Okemah, Oklahoma Cuir in eagar ar Wikidata
Bás3 Deireadh Fómhair 1967
55 bliana d'aois
Nua-Eabhrac, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Falrais Huntington)
Faisnéis phearsanta
Idé-eolaíocht pholaitíochtaFrithfhaisisteachas
Gníomhaíocht
Gairmgiotáraí, seinnteoir maindilín, cumadóir, veidhleadóir, amhránaí, dírbheathaisnéisí, ceoleolaí, cumadóir amhrán, amhránaí is scríbhneoir, ealaíontóir sráide, ceardchumannaí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1930 –  1956
SeánraAmerican folk music (en) Aistrigh, ceol tíre agus ceol tuaithe
TeangachaBéarla
UirlisGiotár, veidhlín, armónach, maindilín, fidil agus ceol gutha
Lipéad ceoilFolkways Records
Cub Records Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileMarjorie Guthrie (1945–1953) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteArlo Guthrie, Nora Guthrie Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinwoodyguthrie.org Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0349313 Rottentomatoes: celebrity/woody_guthrie IBDB: 505442
Last fm: Woody+Guthrie Musicbrainz: cbd827e1-4e38-427e-a436-642683433732 Discogs: 285789 IMSLP: Category:Guthrie,_Woody Allmusic: mn0000577531 Find a Grave: 431 Deezer: 6828 Cuir in eagar ar Wikidata

Thaistil Guthrie leis na spailpíní fánacha ó Oklahoma go California, ag foghlaim na hamhráin traidisiúnta agus gormacha a bhí acu ar an dturas. Bhí a chuid cumadóireachta bunaithe ar a thaithí le linn an Spealta Mhóir, agus tá aithne air mar "Troubadour na Dúiche ". Bhí baint aige le grúpaí Cumannacha sna Stáit Aontaithe, ach níor chláraigh sé le páirtí ar bith.

Phós Guthrie trí huaire agus bhí ochtar clainne aige, an ceoltóir Arlo Guthrie ina measc. Is gariníon leis í an ceoltóir Sarah Lee Guthrie. Bhásaigh Guthrie de bharr deacrachtaí le Galar Huntington. In ainneoin an tinneas, chaith Guthrie a laethanta deireanacha ag tabhairt inspioráid do ghlúin nua cheoltóirí, agus bhí sé ina bhéal múinte ar dhaoine ar nós Ramblin' Jack Elliott agus Bob Dylan.