Yr Hen Ogledd

limistéar i dtuaisceart na Breataine a rialaigh na Briotanaigh sa 5-7ú haois

Is éard is Yr Hen Ogledd (Gaeilge:An Sean-Tuaisceart) ann ná an téarma a n-úsáideann scoláirí chun tagairt a dhéanamh do na chríocha sin atá anois i dtuaisceart Shasana agus i ndeisceart na hAlban, ina raibh pobail na mBriotanach (Brythoniaid) ina gcónaí ann, sna blianta idir 500 agus ionradh na Lochlannach c. 800, sé sin sa tréimhse tar éis cúlú an garastúin Rómhánach.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilYr Hen Ogledd

Suíomh
Map
 54°36′N 2°18′W / 54.6°N 2.3°W / 54.6; -2.3
Sonraí stairiúla
Cruthú5 haois
Díscaoileadh7 haois
Á leanúint agRíocht Northumbria agus Albain Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
• Ceannaire stáitCoel Hen Cuir in eagar ar Wikidata

Ón tSean-Thuaisceart tháinig an litríocht Bhreatnach is luaithe, dánta gaisce le filí yr Hengerdd faoin gcath idir ríochtaí na mBreatnach agus na treibheanna Angla-Shacsanaigh a rinne iarracht na Briotanaigh a cheansú agus a gcuid talún a ghabháil. Ón tSean-Thuaisceart tháinig Cunedda ap Edern agus a lucht leanúna, bunaitheoirí ríocht Gwynedd freisin.

Is féidir Yr Hen Ogledd a shainiú mar Albain ó dheas ó líne shamhailteach idir teorainneacha Sruighlea agus Loch Laomainn agus na contaetha Sasanacha atá ann faoi láthair Cumbria, Lancashire, Contae Durham, Northumberland, Yorkshire agus Humberside. Is críoch níos móire í seo ná mar atá sa Bhreatain Bheag inniu. Féadfaidh ríochtaí Hen Ogledd (Elfed) síneadh chomh fada ó dheas le ceantar Cheshire inniu. Rinne Cath Chester deighilt ríochtaí an tSean-Thuaidh ón mBreatain Bheag i 615.