Laoch garrfhicsin é Zorro (Spáinnis: "Sionnach"), nó Señor Zorro, a tháinig ó pheann an scríbhneora Johnston McCulley. Chruthaigh McCulley an laoch seo le haghaidh an úrscéil The Curse of Capistrano sa bhliain 1919. Tháinig an t-úrscéal i gcló an chéad uair ar an iris gharrfhicsin All-Story Weekly, agus rinneadh scannán de faoin teideal The Mark of Zorro sa bhliain 1920. Ina dhiaidh sin, chuaigh an scéal i bprionta in athuair faoin teideal nua sin. D'imigh sin agus tháinig seo: is cuid dhoscartha den phopchultúr dhomhanda é Zorro inniu. Ba dóbair nár ligeadh Zorro i ndearmad i rith na n-ochtóidí, ach sa bhliain 1998, tháinig an carachtar ar an scáileán sa scannán The Mask of Zorro, agus Antonio Banderas ag déanamh na príomhpháirte. Sa litríocht, ba í an scríbhneoir Sileach Isabel Allende a bhain an mheirg den laoch sa bhliain 2005, nuair a d'fhoilsigh sí "beathaisnéis fhicseanúil" an charachtair faoin teideal El Zorro - comienza la leyenda ("Zorro - an finscéal ag tosú").

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarZorro

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálduine ficseanúil
carachtar liteartha
carachtar scannáin
carachtar teilifíse
carachtar beochana
forairdeallaí ficseanúil Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthaithe agJohnston McCulley Cuir in eagar ar Wikidata
Léirithe agDouglas Fairbanks, Guy Williams, Alain Delon, Anthony Hopkins, Antonio Banderas, Tyrone Power, Duncan Regehr, George Hamilton, Frank Langella, Henry Darrow, Richard Gutierrez, Pierre Brice, Sean Flynn, Gordon Scott, Rodolfo de Anda, Miguel Bernardeau agus Jean Dujardin Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta cruthaithe1919 Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
I saotharThe Curse of Capistrano agus scéalta Zorro Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Slí bheathapéiceallán, claimhteoir, gníomhaí ar son chearta an duine, eisreachtaí agus forairdeallaí Cuir in eagar ar Wikidata
TeidealDon Cuir in eagar ar Wikidata
NáisiúntachtStáit Aontaithe Mheiriceá agus Meicsiceo Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
AthairAlejandro de la Vega Cuir in eagar ar Wikidata
LeanaíElena de la Vega Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
DaltaAlejandro Murrieta Cuir in eagar ar Wikidata
Airmráipéar agus tarbhlasc Cuir in eagar ar Wikidata
Tuilleadh eolais
Suíomh oifigiúilzorro.com Cuir in eagar ar Wikidata

Níl sé léir, an bhfuil carachtar Zorro bunaithe ar aon phearsantacht stairiúil, ach is díol iontais é mar sin féin gur thabhaigh an t-eachtránaí Éireannach William Lamport ó Loch Garman an leasainm céanna, El Zorro, de thoradh a chuid gníomhartha i Meicsiceo. Níl a fhios ag aon duine, áfach, an raibh McCulley eolach ar imeachtaí saoil Lamport nuair a cheap sé a laoch féin.

An carachtar cuir in eagar

Fear uasal é Zorro a bhfuil cónaí air i gCalifornia, agus a chuid eachtraí suite i laethanta an choilíneachais Spáinnigh i Meiriceá Laidineach. Fear mór claimhteoireachta é agus é ag cur catha go cróga calma ar lucht leanúna rí na Spáinne, nó tá scéal Zorro bunaithe ar an réamhchoinníoll gurb iad na huaisle áitiúla a bhíonn ag cosaint na cosmhuintire ar thíorántacht an Rí, agus gurb iad gobharnóirí agus saighdiúirí an Rí a dhúshaothraíonn na daoine bochta agus na bundúchasaigh. (Scéal eile ar fad é go bhfuil an patrún seo bun os cionn ar fad le fírinne na staire i Meiriceá Spáinneach. De ghnáth, bhíodh na húdaráis choilíneacha ag iarraidh chearta traidisiúnta na bpobal bundúchasach a chosaint, agus nuair a bhain na poblachtaí i Meiriceá Theas amach a neamhspleáchas, ba iad na bundúchasaigh ba mhó a bhí thíos leis.)

Diego Vega nó Don Diego de la Vega is fíorainm do Zorro, agus Alejandro atá ar a athair. Ní féidir le haon duine a thuairimiú gurb eisean Zorro, áfach, nó tá clú an chladhaire ar Diego, agus an cailín, Lolita Pulido, atá i ngrá le Zorro, ní chreideann sí go bhfuil saighdiúireacht ar bith i Diego. Carachtair thábhachtacha eile iad an Sáirsint Pedro Gonzales a bhfuil fuath aige do Zorro, cé go bhfuil sé cairdiúil go maith le Diego, agus Bernardo, searbhónta balbh Zorro (nach bhfuil bodhar, áfach, cé go síleann na daoine go bhfuil sé chomh bodhar agus atá sé balbh) a bhfuil a fhios aige rún a mháistir.

Caitheann Zorro culaith dhubh, clóca, hata leathan agus púicín dubh a fholaíonn uachtar a cheannaithe.

Is iomaí casadh, ar ndóigh, a bhain na scannáin, na sraitheanna teilifíse, agus na greannáin as carachtar Zorro. In úrscéal Isabel Allende, mar shampla, is bean bhundúchasach í máthair Zorro, Toypurnia, ar thug Alejandro de la Vega taitneamh di i ndiaidh dó breith uirthi agus í a chimiú. Sna blianta 2000-2001, chuaigh an sraithscéal teilifíse The Queen of Swords ("Banríon na gClaímhte") ar fud an domhain: bhí banlaoch na sraithe, Tessa Alvarado, an-chosúil le Zorro ó thaobh na cosúlachta agus na scileanna de.

Aisteoirí a rinne páirt Zorro ar scannáin éagsúla cuir in eagar

 
The Curse of Capistrano - Nóibhille le Johnston McCulley ón mbliain 1919
  • Douglas Fairbanks ar na scannáin úd The Mark of Zorro ("Comhartha Zorro") sa bhliain 1920 agus Don Q, Son of Zorro ("Don Q, mac Zorro") sa bhliain 1925
  • Robert Livingstone ar an scannán úd The Bold Caballero ("An Caballero Cróga") ón mbliain 1936
  • Reed Hadley ar an scannán úd Zorro's Fighting Legion ("Léigiún Troda Zorro") ón mbliain 1939
  • Tyrone Power ar an leagan nua de The Mark of Zorro sa bhliain 1940
  • Frank Latimore, a rinne an pháirt ar dhá scannán Spáinneacha i dtús na seascaidí
  • Rodolfo de Anda, an chéad aisteoir Meicsiceach a rinne an pháirt. La Gran Aventura del Zorro a bhí ar an scannán, agus rinneadh sa bhliain 1974 é.
  • Alain Delon, a rinne an pháirt ar an scannán Zorro ón mbliain 1975, agus blas an scannáin Iodálaigh faoin Iarthar Fiáin (spaghetti western) ar an gceann seo.
  • Anthony Hopkins agus Antonio Banderas ar an scannán The Mask of Zorro ón mbliain 1998. Sa leagan seo, tá Diego de la Vega (Hopkins) ina sheanfhear cheana féin, agus fear nua, Alejandro Murrieta (Banderas), ag teacht i gcomharbas air.
  • Tessie Santiago a rinne páirt Tessa Alvarado ar an sraithscéal teilifíse The Queen of Swords.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar