Is é is Zyklon B ann ná ainm trádála ar ullmhóid ciainíde a bhí in úsáid ag na Naitsithe nuair a bhí siad ag marú na sluaite Giúdach sna seomraí gáis le linn an Uilelosctha. Tá Zyklon B bunaithe ar an aigéad prúiseach (is é sin, an t-aigéad hidricianach, nó tuaslagadh uisce chiainíd na hidrigine HCN) a bhfuil substaint chobhsaíoch curtha tríd, chomh maith le substaint drochbholaidh le rabhadh a thabhairt don úsáideoir. Bhí Zyklon B ceaptha mar fheithidicíd ar dtús. B'é ceimiceoir mór na Gearmáine Fritz Haber a d'fhorbair é le linn an Chéad Chogadh Domhanda. Bhí an-ról ag Haber i gcogaíocht cheimiceach na nGearmánach san am sin, ach, íorónta go leor, Giúdach a bhí ann, agus mar sin, b'éigean dó éalú ón nGearmáin i ndiaidh do na Naitsithe an chumhacht a shealbhú sa bhliain 1933. Níorbh é a nimh féin a mharaigh é, ar a laghad.

Zyklon B.

Tá éifeachtúlacht Zyklon B bunaithe ar an gciainíd. Cuireann an t-ian ciainíde CN- ruaigeadh ar an móilín ocsaigine as haemaglóibin na fola le dul ina áit. Ós rud é go bhfuil ceangal na ciainíde den haemaglóibin níos láidre ná ceangal na hocsaigine, ní féidir leis an haemaglóibin chiainídithe ocsaigin a iompar a thuilleadh, agus mar sin, tachtfar an t-íobartach, fiú má bhíonn flúirse ocsaigine le fáil san aer.

Le linn an Uilelosctha, d'úsáidtí Zyklon B ar dtús leis na dreancaidí a bhaint de na príosúnaigh. I dtús na bliana 1940, áfach, baineadh an chéad triail as i marú na ndaoine, nuair a tachtadh grúpa de Ghiofóga óga ó Brno i mBuchenwald. In Auschwitz, tugadh Zyklon B isteach ar an tríú lá de Mhí Mheán Fómhair 1941, nuair a maraíodh sé chéad cime cogaidh ón Aontas Sóivéadach agus dhá chéad go leith de chimí tinne cogaidh ón bPolainn leis.

Tagairtí cuir in eagar