Ádhamh Cúisín

scríobhaí agus ginealeolaí

Gineolaí agus scríobhaí ba ea Ádhamh Cúisín (beo c. 1400).

Infotaula de personaÁdhamh Cúisín
Gníomhaíocht
Gairmginealeolaí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Is amhlaidh gur Normannach é a ainm ó dhúchas. Deirtear i nAnnála na gCeithre Máistrí: rí Ruaidrí Ó Gadhra as Sliabh Lugha do mharú la Dabid mac Riocaird Cúisin sa bhliain 1256.[1] Deirtear i nAnnála Chonnacht sin bhliain 1270:[2]

Crecha mora do denam don Iarla & do Gallaib Connacht a Tir nOilella ar muintir Aeda h. Conchobair & Dauid Cusin do marbad arin creich-sin.
Creacha móra do dhéanamh ag Iarla agus Gaill Chonnacht i dTír Ailealla ar mhuintir Augustus Ó Conchúir agus David Cusin do mharú ar an gcreach sin.

Bhí caisleán agus críocha i seilbh David Cuisin gar do Bhealach an Doirín.

Tomás Cúisín a bhí ann chomh maith a fheictear i nAnnála Uladh sin bhliain 1462 mar maighister dligidh rob' ferr do bi a n-Erinn ina aimsir[3]

Ní fios áfach an raibh gaol ann idir an mbeirt agus Ádhamh.

Duine de dheich scríobhaí ba ea Ádhamh a bhí i mbun Leabhar Uí Mhaine a thiomsú.

Tosaíodh an obair timpeall na bliana 1392-1394, ar ordú Mhuircheartaigh Uí Cheallaigh, easpag Cluain Fearta (1378–1393) agus ardeaspag Thuama go dtí a bhás sa bhliain 1407. Gar-nia Uilliam Bhuí, rí Uí Maine idir 1349 go 1381, ba ea Ó Ceallaigh.

Is é Faolán Mac an Ghabhann na Scéal (bás 1423) an t-aon scríobhaí amháin eile a bhfuil aon againn dó. Scríobh Cúisín amach dán le Mac an Ghabhann, Adham ar n-athair uile.

Feictear scríbhneoireacht Ádhaimh 99 desna fóiliónna atá ar marthain. Bhí 368 fóilió ann sna 15ú agus 16ú haoiseanna. Dhá chéad bliain is caoga níos déanaí, rinne Dubhaltach Mac Firbhisigh cóip de seachtó leathanach de mhír darb ainm Seanchas Síol Ír, agus an fhoinse ná Leabhar Uí Mhaine. Is tábhachtach é an chóip seo óir go bhfuil roinnt bunleathanach anois caillte.

  • Edward MacLysaght, The Surnames of Ireland, Irish Academic Press, 1978, lch. 73. ISBN 0 7165 2278 0.
  • Nollaig Ó Muraíle, The Ó Cellaigh Rulers of Uí Maine - A Genealogical Fragment, c.1400, (Cuid 1), Journal of the Galway Archaeological and Historical Society, ll. 32–77, imleabhar 60, 2008.