Rí Ailigh agus Ard-Rí na hÉireann ba ea Aodh mac Néill (Sean-Ghaeilge Áed mac Néill) (bás 879), ar a glaodh Aodh Fionnaliath (Áed Findliath[1]) air um é a aithint óna sheanathair, Aodh Oirdní. Niall Caille ba ea a athair. Ba bhall é de Chineál Eoghain Uí Néill.

Aodh Fionnliath
Ardrí na hÉireann

862 - 879
Máel Sechnaill mac Máele Ruanaid - Fland Mac Máel Sechnaill
Saol
Eolas breithe Éire
Bás Droim Ineasclainn, Samhain 20, 879
Áit adhlactha Ard Mhacha
Muintir
Athair Niall Caille
Máthair Teresa d'Aviz
Céile/Céilí Máel Muire ingen Cináeda
Land ingen Dúngaile
Páistí
Treibh Cineál Eoghain
Gairm
Gairm monarc

StairCuir in Eagar

Ó réimeas Áed Allán (bás 743) go dtí gur Brian Bóramha Maoil Seachnaill mac Domhnaill as a choróin sa bhliain 1002, dáileadh ard-ríogacht na hÉireann idir Uí Néill an Tuaiscirt agus an Deiscirt. Bhíodh an Tuaisceart ionadaithe ag Cineál Eoghain, muintir athair Aodha, agus an Deisceart ag Clann Cholmáin, muintir a mháthar.[2] Deir Francis John Byrne gurbh é seo "gnás leochaileach, agus cuma by éad aireach air seachas comhaontú cairdiúil."[3]

Le linn réimeas Mhaoil Seachnaill mhic Mhaoil Ruanaí, a tháinig i gcomharbacht ar athair Aodha mar Ard-Rí, chlaon cothromaíocht na cumhachta idir tuaisceart agus Deisceart i dtreo Chlann Cholmáin an deiscirt. Bhí Ríthe na Mumhan lag tar éis bhás Feilimí mac Criomhthainn sa bhliain 847, agus lena cois sin, rinne Maol Seachnaill ruathair go mion minic ar an Mumhain sna 850idí. Ghéill ríthe na Mumhan dó sa bhliain 858. Sa bhliain 859, tháinig na hOsraí fair smacht Uí Néill, agus tharla cidh idir Máel Sechnaill agus Aodh dá bharr.[4][5]

TeaghlachCuir in Eagar

Niall Caille ba ea athair Aodha, agus Gormlaith a mháithair, ar a glaoitear sa Bhanseanchas "Gormlaith of the dazzling white complexion". Donnchadh Mí ba ea a sheanathair ar thaobh a mháthar, agus Aodh Oirdní ar thaobh a athar. Ard-Ríthe uile ba ea a athair, deartháir a mháthair Chonchúr mac Donnchadha, agus a bheirt sheanathracha.

Bhí triúr ban chéile ag Aodh a bhfuil eolas ann fúthu, cé nach soiléir é ord a phóstaí.

I measc páistí eile Aodh, tá:

  • Domhnall Dabhaill, sinsear Dhomhnaill Uí Lochlainn
  • Maol Dubh, a mheastar gur Naomh é
  • Maol Dúin, a bhí i gceannas Ailigh mar ionadaí Aodha go dtí a bhás roimh am sa bhliain 867.[6]

Luath-shaolCuir in Eagar

Tar éis bhás Néill Caille sa bhliain 845, tháinig uncail Aodha, Maol Dúin mac Aodha i gcoróin mar rí Ailigh. Níl taifead ann cathain ar tháinig Aodh i gcomharbacht air, ach b'fhéidir sa bhliain 855 nuair a fheictear é sin chéad uair sna hannála:

Crech la h-Aedh m. Neill co h-Ultu co fargab Connecan m. Colmain & Flaithbertach m. Neill & sochaidhe cena.
Chreach le hAodh mac Néill in éadan na nUlad, agus mharaigh sé Coinneacán mac Colmáin agus Flaithbertach mac Néill, agus slua céanna[7]

Is dócha gur dheartháir Aodha ba ea Flaithbheartach, agus go ndearnadh an ruathar chun staid Aodha mar rí Ailigh a dhaingniú.

Tháinig Aodh i gcoróin le linn tréimhse an-tábhachtach i stair na hÉireann. Bhíodh ruathair Ioruach / Lochlannach ar Éirinn le leath-chéad bliain anuas, ach bhí cuma bhuan ar a lonnaíochtaí anois, agus ceannaireacht láidir faoi Amhlaíbh Conung agus Íomhar. Le linn an ama seo, déanadh annálaithe na ré, maraon le staraithe an lae inniu, tagairt orthu ní amháin mar Lochlannaigh, gaill nó págánaigh, ach fosta mar Ghael-Lochlannaigh.[8]

Tá sé ráite faoi Aodh Fionnaliath gurbh é ar Ard-Rí is rathúla a throid in aghaidh leathadh na Lochlannaigh i nÉirinn. Is fíor gur bhuaigh sé roinnt cathanna suntasacha, an chéad cheann taifeadta ag Cath Glenn Foichle sa bhliain 856,[9] sé bliana sular éirigh sé ina Ard-Rí. Le linn an ama seo, bhí aird an Ard-Rí reatha, Maol Seachnaill, dírithe ar choimhlintí intíre, go háirithe sa Mhumhain, seachas ar dhul i ngleic leis na Lochlannaigh. Tá tuairisc amháin ann ámh, don bhliain 856, agus é ag troid in éadan "págánach" (Lochlannaigh) le cuidiú ó Ghael-Lochlannaigh.[10] Is dóigh go raibh comhaontas ann idir na Gaeil dhúchasacha agus lonnaitheoirí Lochlannacha in éadan creachadóirí.

Sa bhliain 858, d'éirigh Maol Seachnaill faoi dheireadh smacht ar an Mumhain a bhaint amach, agus sa bhliain 859, rinne sé síocháin le Cearbhall mac Dúnlainge, rí Osraí (curtha faoi deara air ag Cearbhall, a bhí comhaontas déanta aige le hAmhlaíbh agus Íomhar, agus scriosta aige). Thug ansin Maol Seachnaill a aird ó thuaidh, óir gur chúis bagartha é méadú chumhacht Aodha. Sa bhliain 860, tháinig sé go hArd Mhacha le slua mór as fud deisceart na tíre. Rinne Aodh ruathar orthu, ach is amhlaidh go raibh toradh cothrom ann.[11]

Faoin am seo, bhí Aodh Fionnaliath ag iarraidh chomhaontais leis na Lochlannaigh as Duibhlinn. Sna blianta 861 agus 862, chreach sé an Mhí le tacaíocht uathu agus, sa bhliain 862, le Flann mac Conaing, rí Bhreá.[12]

Rí na TeamhrachCuir in Eagar

Fuair Maol Seachnaill bás ar ón 20ú Samhain 862, agus tugadh an teideal ri h-Erenn uile do i nAnnála Uladh. Ní dtógfadh an teideal seo riamh d'Aodh Fionnaliath, go go ndearnadh Rí na Teamhrach de i gcomharbacht ar Mhaoil Sechnaill. Ard-Rí go bhfreasúra a bhí sé le linn a réimis 17-bliain. Níor bhain sé fiú tacaíocht amach óna ghaoil, Uí Néill an Deiscirt. Is léir sna hannála nár socraíodh Aonach Tailtean faoi sé bliana sa réimeas, rud a chuireann coimhlint in iúl.

Faoi thús réimeas Aodha, bhí na Lochlannaigh ina gcomhghuaillithe, bíodh is neamh-iontaofa, sa gleic sa Mhí. Máel Sechnaill's successor as head of Clann Cholmain and king of Míde, Rinne Lorcán mac Cathail, chomharba Mhaoil Seachnaill mar rí na Mí, comhaontas le hAmhlaoibh, Íomhar agus Auisle in éadan Flann Bhreá, cara Aodha i lár na tíre. Rinne Lorcán agus na Lochlannaigh creach ar Bhreá sa bhliain 863, agus sa bhliain 864, rinne Amhlaoibh Conchobar mac Donnchada, rí Loch Gabhair agus cara le Flann is amhlaidh, a ghabháil, agus bádh é gar de Chluain Ioraird. Chuaigh Aodh i gceannas slua sa Mhí isteach, ghabh sé Lorcán agus rinne sé é a dhallú.

Bhain Aodh roinnt buanna suntasacha in aghaidh na Lochlannach. Chloígh sé iad ag Loch Feabhail sa bhliain 866 agus chuir sé an ruaig orthu as an inbhear.[6] Sa bhliain chéanna, d'fhág Amhlaoibh agus Auisle Éire agus chuaigh le dhá mór Na Lochlannach go dtí an Albain, áit a rinne siad ar ruathar ar na Cruithnigh le cabhair ó Ghael-Lochlannaigh na tíre úd.[13] Thapaigh Aodh an deis, agus chreach sé agus dhóigh sé gach uile longphort na Lochlannach i dtuaisceart na tíre.[14]

Sa bhliain 868, tugadh aghaidh arís ar Aodh ag comhaontas a chéilí comhraic Éireannacha agus na nGael-Lochlannach. De réir Annála Uladh, chloígh sé Uí Néíll Bhreá, na Laigin, agus slua mór de Ghaill i gcath ag Cell Ua nDaigri.[15] Maraíodh Flann Bhreá sa chathair úd. Deirtear gur ollbua battle é seo ar na Gael-Lochlannaigh. Bhíodh Amhlaoibh and Íomhar an-ghníomhaíocht agus láidir fós i nÉirinn ina ainneoin sna blianta ina dhiaidh. Mar sin is fearr a rá gur bua a bhí ann ar Uí Neíll an Deiscirt agus na Laigin. Sa bhliain 870, agus arís 874, rinne Aodh ionsaí eile sna Laigin isteach, le tacaíocht a chomhghuaillí nua, Cearbhall Osraí.[16]

Fuair Aodh bás ar an 20ú Samhain 879, ag Droim Ineasclainn[17] i gcríocha Chonaille. Ina thásc, tugadh an teideal "rí na Teamhrach" (rex Temorie) dó, cé go bhfuil san ann sna hannála ar a nglaoitear airdri Gaidhel air.[18] Adhlacadh é i nArd Mhacha, sin nó Droim Ineasclainn.[19]

FoinsíCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. finna, fionna(dh), gruaig, ar eDIL
  2. Byrne, lch. 265, aguisín 1, liosta 1 & aguisín 2, táblaí 2, 3 & 5. Congalach Cnobha a bhí an t-aon eisceacht amháin ar an gcóras seo.
  3. Byrne, lch. 265.
  4. Byrne, ll. 263–266
  5. Charles-Edwards.
  6. 6.0 6.1 Lalor, Brian (eag.) (2003). "The Encyclopaedia of Ireland". Baile Átha Cliath: Gill & Macmillan. 
  7. Annála Uladh, AU 855.3
  8. Gall-Gaeidhelu, Gael-Lochlannach.
  9. AU 856.5
  10. AU 856.2, gennti agus Gall-Ghoidhelaib faoi seach
  11. AU 858.4, 859.2–3, 860.1
  12. AU 861.1, 862.2. Ní ainmnítear nó Amhlaíbh nó Íomhar anseo, ach deirtear sna hannála co n-Gallaibh agus co riga Gall.
  13. AU 866.1, Gallaib Erenn & Alban
  14. AU 866.4
  15. AU 868.4
  16. AU 868.4, 870.2, 874.3
  17. History of Kilsaran
  18. AU 879.1
  19. History of Kilsaran


Roimh
{{{roimh}}}
{{{teideal}}} Tar Éis
{{{tar éis}}}