Çatal Hüyük
Lonnaíocht réamhstairiúil cois abhann timpeall 6500-5500 RC i ndeisceart na Tuirce, 50 km soir ó dheas ó Konya. An lárionad Neoiliteach is mó atá ar eolas sa mheánoirthear. Tulach 20 m ar airde, a chlúdaíonn fairsinge 13 heicteár. 12 urlár ann, gach ceann lán de thithe dronuilleogacha, clóis is scrínte. Meastar go raibh timpeall 5,000 duine ina gcónaí ann. I measc na maisiúchán reiligiúnda atá fós ann tá múrmhaisithe, rilífeanna plástair, agus cuid mhaith samhlacha cinn tairbh.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |