Éamonn Ó Dúgáin

dlíodóir agus polaiteoir Éireannach
(Athsheolta ó Éamon Ó Dugáin)

Polaiteoir, dlíodóir agus náisiúnaí Éireannach ab ea Éamonn Ó Dúgáin (1874 - 6 Meitheamh, 1936), nó Eamonn S. Duggan mar a ghlaoitear air as Béarla.[1] Bhí sé ina bhall den pháirtí Éireannach Sinn Féin agus Cumann na nGaedheal níos déanaí.

Eamonn Duggan

SaolCuir in Eagar

B'as Contae na Mí é Ó Dúgáin.[2]

Throid an Dúgánach le linn Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916. Cuireadh faoi ghlas é, ach ligeadh saor é sa bhliain 1917 agus chuaigh sé díreach isteach san IRB.

Toghadh é ina Theachta Dála sa Chéad Dáil sa bhliain 1919.

Bhí an Dúgánach i measc na daoine a shínigh an Conradh Angla-Éireannach sa bhliain 1921.

 
halla an bhaile, Dún Laoghaire

Rinneadh Aire Gnóthaí Baile de i rialtas an tSaorstáit nua. Chaith sé tréimshe ina rúnaí don Aire Cosanta agus an Choiste Fheidhmiúcháin.

D'fhan Ó Dúgáin amach as an olltoghchán sa bhliain 1933, ach d'éirigh sé ina sheanadóir i Seanad Éireann. B'é Ó Dugain an Seanadóir deireanach a ghlac an mionn dílseachta don Rí sa bhliain 1933 agus é ag dul isteach san Oireachtas.[3]

Fuair an Dúgánach bás gan choinne le linn shlógadh Fhine Gael i halla an bhaile, Dún Laoghaire, Baile Átha Cliath sa bhliain 1936.[4]

TagairtíCuir in Eagar

  1. "Eamonn S Duggan - Dún Laoghaire - LocalWiki". localwiki.org. Dáta rochtana: 2020-06-06.
  2. "Navan Historical Society - Duggan, Eamon (Patriot & Politician)". www.navanhistory.ie. Dáta rochtana: 2020-06-06.
  3. Houses of the Oireachtas (1933-03-15). "Public Business. - Constitution (Removal of Oath) Bill, 1933—Second Stage. – Seanad Éireann (1931 Seanad) – Wednesday, 15 Mar 1933 – Houses of the Oireachtas" (en-ie). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2020-06-06.
  4. nationalarchives.ie. "Duggan, Éamonn John". Dáta rochtana: 2020.