I Miotaseolaíocht na nGael, ba Ard-Rí na hÉireann agus ar cheann de bhunaitheoirí na Clainne Mhíle é Éibhear Fionn (Sean-Ghaeilge Éber Finn), ónar rianaigh ginealeolaithe na meánaoise gach teaghlach ríoga tábhachtach na nGael.

Infotaula de personaÉibhear Fionn
Ardrí na hÉireann
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairm Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteConmáel Cuir in eagar ar Wikidata
AthairMíl Espáine

De réir Leabhar Gabhála na hÉireann, bhí sinsir na nGael ina gcónaí san Íbéir, faoi cheannas beirt mhac Mhíle, Éibhear Donn agus Érimón. Chuaigh uncail 'sacu Íth ar thuras síochánta go hÉirinn, ach maraíodh é ag triúr ríthe na dTuath Dé Danann, Mac Coill, Mac Céacht agus Mac Gréine. Mar chúiteamh as a mharú, sheol an seachtar mac Mhíle ar ionradh, le sé long is tríocha. Tháinig siad i dtír i gContae Chiarraí agus chuaigh ag troid i dtreo Teamhrach.

Bhuail triúr ríthe na dTuath Dé ann iad, agus fógraíodh go bhfillfeadh na hionróirí ar mhuir agus go seolfadh iad ar fad naoi dtonn ón trá, agus dá mbeidís in ann teacht ar ais i dtír, bheadh Éire leo. D'ardaigh siad a gcuid seolta, ach d'fhuascail na Tuatha Dé stoirm dhraíochta inár bádh cúigear de mhac Mhíle. Níor tháinig slán ach Éber Finn, Érimón agus Amhairghin file, a tháinig i dtír agus chloígh na Tuatha Dé i gCath Tailtean. Roinn Amergin an ríogacht idir Érimón sa tuaisceart agus Éber Finn sa deisceart.[1]

Bliain i ndiaidh an chatha, d'éirigh Éber Finn míshásta lena chuid, agus chuaigh sé i gcomhrac in éadan a dhearthár. Tharla cath eatarthu ag Airgetros (Airgeadros), agus maraíodh Éber. D'éirigh Érimón ina aon-rí na hÉireann. As sin amach, d'athródh an Ríogacht anonn is anall idir sliocht Ébir (ina measc a mhic Conmáel, Ér, Orba, Ferón agus Fergna) agus sliocht Érimóin.[2]

Achar ama cuir in eagar

I bhfoinsí ar leith, faightear croineolaíochtaí ar leith dá réim:

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Leabhar Gabhála na hÉireann" . Mary Jones. 
  2. R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, ll. 11-185
  3. Seán Ó Donnabháin (eag. & aistr.), Annala Rioghachta Éireann: Annals of the kingdom of Ireland by the Four Masters, Baile Átha Cliath, 1848-1851, iml. 1, ll. 25-35
  4. Daithí Ó Coimín & Pádraig Ua Duinnín (eag. & aistr.), The History of Ireland by Geoffrey Keating, Irish Texts Society, 1902-1914, Leabhar 1


Réamhtheachtaí
Mac Coill, Mac Ceacht agus Mac Gréine
Ard-Rí na hÉireann
le hÉrimón

ACM 1700 RC
FFE 1287–1286 RC
Comharba
Érimón
ina aonar