Is saothar ealaíne reiligiúnach é íocón. Ciallaíonn 'Íocón' seo ‘íomhá’ nó ‘cosúileacht’ sa Ghréigis (εἰκών eikṓn).  De ghnáth léirionn na híocóin pearsa nó eachtra a bhaineann le stair naofa agus a dtugtar onóir dó sa Traidisiún Ceartchreidmheach (go háirithe), agus san Eaglais Chaitliceach agus mar sin de, mar mhodh chun grásta Dé a chur ar fáil.[1] De réir na diagachta Biosántaí is féidir cumarsáid dhíreach bheith ag an té a bhreathnaíonn ar an ícón leis an bhfíor a léirítear ann. Is gnách i séipéil Ortadocsacha go mbíonn ícóin ar taispeáint ar iconostas, is é sin le rá ar bhalla na n-ícón, áit is críoch idir corp na heaglaise (an pobal) agus an saingeal (an áit le haghaidh an liotúirge).

Máire Mhaigdiléana le Silvestro dei Gherarducci (Gailearaí Náisiúnta na hÉireann)

Tá an t-íocón is mó aitheantas bunaithe ar an Maighdean Hodegetria (an treoraí), an t-iocón 'bunaidh', a cuireadh i leith an tSoiscéalaí, Naomh Lúcás, faoi cheann an dara chéad déag. Feictear an Mhaighdean ag muirniú an Linbh Críost ina lámha; ní hamháin gur mhór an-ghean san Oirthear ar chomhdhéanamh an fcóin ach go raibh tionchar mór aige freisin ar léiriúcháin na Maighdine agus an Linbh in Iarthar na hEorpa.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Mater Dei (2007). "Clár 'Briathar'". web.archive.org. Dáta rochtana: 2021-10-12.