Reo, síos go dtí -20 °C nó níos lú fós, i reoiteoir cófra nó caibinéid. Taispeánann sraith réaltaí cumas an reoiteora an teocht a choinneáil íseal a dhóthain chun bia a chaomhnú ar feadh i bhfad. Comharthaíonn 4 réalta gur féidir bia a chaomhnú sa reoiteoir ar feadh 3 mhí. Is féidir bianna áirithe — mairteoil amh, glasraí, torthaí úr — a choinneáil ar feadh bliana.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Íosreo". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 378.