Is dúil cheimiceach shintéiseach é an livearmóiriam. Is í an uimhir adamhach atá aige ná 116 agus is í an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha ná Lv. Sa bhliain 2000 a shintéisigh na heolaithe an chéad adamh livearmóiriam in Dubna in aice le Moscó sa Rúis. Ní bhfuair an dúil a hainm ach sa bhliain 2012. Tagairt atá ann do shaotharlann Lawrence Livermore i Livermore, stát California, sna Stáit Aontaithe. Bhí fisiceoirí ó Livermore ag comhoibriú leis na Rúisigh in Dubna nuair a d'éirigh leo siúd teacht ar an dúil.

WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachLivearmóiriam

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach agus dúile sintéiseacha
Livearmóiriam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachLv agus Uuh
Uimhir adamhach116
Peiriad, Grúpapeiread 7
calcaigin
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Stair
AimsitheoirJoint Institute for Nuclear Research (en) Aistrigh
FionnachtainIúil 2000
EapainmLawrence Livermore National Laboratory (en) Aistrigh

Cosúil leis na dúile troma trasúránacha go léir, tá an livearmóiriam chomh radaighníomhach is gur deacair mórán a fháil amach faoina shaintréithe ceimiceacha. Is é livearmóiriam a 293 an t-iseatóp is cobhsaí, agus níl sé féin ach 57 milleasoicind ar leathré. Mar sin féin, creidtear go bhfuil an livearmóiriam suite in oileán na cobhsaíochta, is é sin an réigiún i dtábla peiriadach na ndúl ina bhfuil na dúile níos cobhsaí ná mar a shílfeá de réir an ghnáthchlaonta.

Tagairtí cuir in eagar