Is é an t-óganasan dúil cheimiceach uimhir a 118, agus is í an tsiombail cheimiceach ná Og.[1] Fuair an dúil a hainm ón bhfisiceoir Rúiseach Yuri Oganessian a raibh an-pháirt aige i dtaighde na ndúl trom trasúránach. Ba iad na fisiceoirí Meiriceánacha agus Rúiseacha, agus iad ag comhoibriú i gComhinstitiúid an Taighde Núicléach i nDubna in aice le Moscó, a d'aithin an chéad adamh óganasain sa bhliain 2002, agus fuair an dúil a hainm ar an 28 lá de Mhí na Samhna 2016.

WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachÓganasan
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach agus dúile sintéiseacha
Óganasan sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachOg agus Uuo
Uimhir adamhach118
Cumraíocht leictreon1s² 2s² 2p⁶ 3s² 3p⁶ 3d¹⁰ 4s² 4p⁶ 4d¹⁰ 5s² 5p⁶ 4f¹⁴ 5d¹⁰ 6s² 6p⁶ 5f¹⁴ 6d¹⁰ 7s² 7p⁶ agus [Rn] 5f¹⁴ 6d¹⁰ 7s² 7p⁶
Peiriad, Grúpapeiread 7
triathgháis
Airíonna fisiceacha
Dlús4.9 kg/m⁻³
Fiuchphointe80
Stair
AimsitheoirJoint Institute for Nuclear Research (en) Aistrigh
FionnachtainMeitheamh 2002
EapainmYuri Oganessian

Tá an t-óganasan suite i ngrúpa na dtriathghás, ach is deacair aon rud cinnte a rá i dtaobh a airíonna ceimiceacha, nó níor aonraigh na fisiceoirí aon eiseamal suntasach óganasain go nuige seo—ní dhearna siad ach adaimh aonair a ghineadh faoi imthoscaí saotharlainne. Tá cuid mhór fisiceoirí barúlach go bhfuil gnáthchóras peiriadach na ndúl curtha as a riocht ag na hiarmhairtí coibhneasaíocha agus dúil chomh trom leis an oganasan i gceist, ionas gur féidir, dá n-éireodh linn eiseamal a tháirgeadh agus taighde a dhéanamh air, go n-iompódh sé amach go bhfuil an dúil seo soladach le teocht an tseomra agus í araiciseach chun imoibriúcháin le dúile eile, dhá rud nach samhlófá leis na triathgháis ar aon nós.

Is é 295Og an t-iseatóp is cobhsaí de chuid an óganasain is eol do na fisiceoirí, agus é féin gan ach 181 mhilleasoicind ar leathré.

Tagairtí cuir in eagar

  1. “oganesson” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-17.