Úsáideoir:AnFiachDubh/Chappell Roan

Is amhránaí agus cumadóir amhrán Meiriceánach í Kayleigh Rose Amstutz (rugadh 19 Feabhra 1998), agus an t-ainm gairme atá aici ná Chappell Roan (Listeni/ˌæpəl ˈrn/). Bíonn sí ag obair i gcomhar le Dan Nigro, agus bíonn tionchar ar a chuid ceoil ag móramhráin pop ó thús an 21ú haois agus "synth-pop" óna 80idí. Tá an-tionchar ag na draig-ríonacha ar a haeistéitic, agus glaodh "campy" ar a ceol agus a stíl taibhithe.

Agus í 17 bliana d'aois, chuir Roan amhrán nua, "Die Young", ar YouTube. Shínigh sí conradh le Atlantic Records go gairid ina dhiaidh sin. I 2017, d'eisigh sí a céad EP, School Nights. Bhí athrú aici ó shin lena singil "Pink Pony Club" i 2020, agus b'in a réitigh an bealach chun clú is cáil a tharraingt uirthi. Scaoileadh léi ó Atlantic Records sa bhliain sin. [[Catagóir:Daoine beo]] [[Catagóir:Daoine a rugadh i 1998]] [[Catagóir:Alt le tuairisc ghearr]]