Is é atá sa Ghrianchórasan Ghrian agus na réada neamhaí sin atá teoranta léi ag an imtharraingt. Is iad atá sna réada seo ná na hocht bpláinéad, an 166 gealach aitheanta a bhaineann leo, cúig abhacphláinéad, agus na billiúin réad beag. I measc na réad beag áirítear astaróidigh, réada oighreata a bhaineann le crios Kuiper, cóiméid, dreigeoidigh agus deannach idirphláinéadach.

Maidir le réigiúin chairte an Ghrianchórais, tá an Ghrian, ceithre phláinéad laistigh dhomhanda, an crios astaróideach, ceithre ollphláinéad lasmuigh gáis, crios Kuiper agus an diosca scaipthe. D’fhéadfadh go bhfuil scamall hipitéiseach Oort ann fosta agus é achar tuairim is míle uair níos faide anonn thar na réigiúin chairte.

Leathann sruth plasma ón Ghrian (ar a dtugtar an ghrianghaoth) ar fud an Ghrianchórais. Cruthaíonn sé seo boilgeog sa mheán idir-réaltach ar a dtugtar an héilisféar a leathnaíonn amach go lár an diosca scaipthe.

Is iad seo a leanas na hocht bpláinéad de réir achair ón Ghrian:

  1. Mearcair
  2. Véineas
  3. An Domhan
  4. Mars
  5. Iúpatar
  6. Satarn
  7. Úránas
  8. Neiptiún

Ó lár na bliana 2008, rangaítear cúig réad níos lú mar abhacphláinéid. Tá Ceres sa chrios astaróideach agus fithisíonn na ceithre cinn eile an Ghrian ar an taobh thall de Neiptiún: Plútón (a rangaíodh ina naoú pláinéad tráth), Haumea, Makemake, agus Eris.

Fithisíonn satailítí nádúrtha sé cinn de na pláinéid agus trí cinn de na habhacphláinéid. Tugtar “gealacha” ar na satailítí sin de ghnáth mar gheall ar Ghealach an Domhain. Tá gach ceann de na pláinéid lasmuigh timpeallaithe ag fáinní pláinéadacha de dheannach agus de cháithníní eile.


Fionnachtain agus taiscéalaíocht cuir in eagar

Ar feadh na mílte bliain, níor aithin an cine daonna (seachas roinnt bheag eisceachtaí tábhachtacha) go raibh an Grianchóras ann. Chreid siad go raibh an Domhan ina stad gan athrú ag lár na cruinne agus go raibh sé éagsúil go catagóireach ó na réada diaga nó neamhshaolta a bhog tríd an spéir. Cé go raibh tuairim ag an mhatamaiticeoir-réalteolaí Indiach Aryabhata agus ag an fhealsamh Gréagach Aristarchus as Samos gur chóir an cosmas a chur in athord go héilealárnach, ba é Nicolaus Copernicus an chéad duine a d’fhorbair córas héilealárnach a bhí réamhaithriseach go matamaiticiúil. D’fhorbair Galileo Galilei, Johannes Kepler agus Isaac Newton, comharbaí Copernicus sa 17ú haois, tuiscint ar an fhisic agus b’as seo a glacadh de réir a chéile leis an idé go ngluaiseann an Domhan timpeall na Gréine agus go rialaítear na pláinéid ag na dlíthe fisiceacha céanna a rialaíonn an Domhan. Mar thoradh air seo, tá imscrúduithe déanta le blianta anuas ar fheiniméin gheolaíocha cosúil le sléibhte agus le cráitéir agus ar fheiniméin mheitéareolaíocha shéasúracha cosúil le scamaill, le stoirmeacha deannaigh agus le hoighearchaidhpeanna ar na pláinéid eile.

Struchtúr cuir in eagar

 
Maiseanna coibhneasta phláinéid na Gréine. Is ag Iúpatar (a bhfuil 71% de mhais na bpláinéad aige) agus ag Satarn (a bhfuil 21% aige) atá an chuid is mó de mhais an chórais (diomaite den Ghrian). Ní fheictear Mearcair ná Mars (nach bhfuil acu le chéile ach 0.1% de mhais iomlán na bpláinéad) ar an scála seo.
 
Fithisí na reann sa Ghrianchóras de réir scála (ar deiseal ag tosú ag an chéad phictiúr ag an bharr ar clé).

Is í an Ghrian príomh-chomhábhar an Ghrianchórais. Is réalta G2 phríomhsheichimh í an Ghrian ina bhfuil 99.86% de mhais aitheanta an chórais agus a ghlacann ceannas ar imtharraingt an chórais. Is ag Iúpatar agus Satarn, an dá rinn is mó a fhithisíonn an Ghrian, atá breis agus 90% de mhais an chórais nach bhfuil ag an Ghrian.

Luíonn an chuid is mó de na réada móra a fhithisíonn an Ghrian in aice le plána fithise an Domhain, ar a dtugtar an t-éiclipteach. Tá na pláinéid iontach gar don éiclipteach agus bíonn cóiméid agus réada chrios Kuiper ar fiar i bhfad níos mó leis de ghnáth.

Fithisíonn na pláinéid go léir agus formhór na réad eile le rothlú na Gréine fosta (go tuathalach, mar a fheictear é ó os cionn phol thuaidh na Gréine). Tá eisceachtaí ann áfach – Cóiméad Halley mar shampla.

Déanann dlíthe Kepler maidir le gluaisne phláinéadach cur síos ar fhithisí réad timpeall na Gréine. Dar le dlíthe Kepler, taistealaíonn gach réad feadh éilips agus an Ghrian ag fócas amháin. Tá blianta níos giorra ag réada atá níos congaraí don Ghrian (agus a bhfuil aiseanna leathmhóra acu). Ar fhithis éilipseach, athraíonn achar reanna ón Ghrian thar chaitheamh a bhliana. Tugtar peirihéilean ar gharphointe reanna don Ghrian agus is é a apaihéilean pointe is faide an reanna ón Ghrian. Is ag a pheirihéilean a bhíonn gach rinn ag gluaiseacht ar a thapa agus ag a apaihéilean a ghluaiseann sé ar a mhoille. Tá fithisí na bpláinéad beagnach ciorclach, ach leanann cuid mhór cóiméad, astaróideach agus réada chrios Kuiper fithisí atá iontach éilipseach.

Le dul i ngleic leis na hachair ollmhara a bhaineann leis an Ghrianchóras, feictear na hachair chéanna idir fithisí ar chuid mhór léirithe den Ghrianchóras. I ndáiríre, ach amháin maidir le cúpla eisceacht, dá fhad is atá pláinéad nó crios ón Ghrian, is ea is méad an t-achar idir é agus an chéad fhithis eile roimhe. Mar shampla, tá Véineas tuairim is 0.33 aonad réalteolaíocha (AR) níos faide ón Ghrian ná mar atá Mearcair, agus tá Satarn 4.3 AR ó Iúpatar, agus Neiptiún 10.5 AR ó Úránas. Rinneadh iarrachtaí comhghaolú a chinneadh idir na hachair fhithiseacha seo (féach dlí Titius-Bode), ach níor glacadh le teoiric ar bith den chineál seo.

Tá a gcórais thánaisteacha féin ag an chuid is mó de na pláinéid sa Ghrianchóras. Tá cuid mhaith acu sin fithisithe ag réada pláinéadacha chomh maith. Tugtar satailítí nádúrtha, nó gealacha, ar na réada seo agus tá cuid acu féin níos mó ná pláinéid. Is i bhfithisí sioncronacha atá formhór na satailítí nádúrtha agus bíonn aon aghaidh amháin i gcónaí tiontaithe i dtreo a máthairphláinéad. Tá fáinní pláinéadacha ag na ceithre phláinéad is mó fosta. Is bandaí tanaí iad seo déanta de cháithníní fíorbheaga a fhithisíonn na pláinéid le chéile.


Téarmaíocht cuir in eagar

Uaireanta déantar an Grianchóras a roinnt ina réigiúin ar leith go neamhfhoirmeálta. Áirítear sa Ghrianchóras laistigh na ceithre phláinéad dhomhanda agus an príomhchrios astaróideach. Tá an Grianchóras lasmuigh ar an taobh thall de na hastaróidigh, lena n-áirítear na ceithre ollphláinéad gáis. Ónar thángthas ar chrios Kuiper, ceaptar gur réigiún ar leith atá i gcodanna forimeallacha an Ghrianchórais agus is é atá ann ná na réada ar an taobh thall de Neiptiún.

Rangaítear réada a fhithisíonn an Ghrian i dtrí chatagóir, go dinimiciúil agus go fisiceach: pláinéid, abhacphláinéid agus reanna beaga an Ghrianchórais. Is é atá i bpláinéad ná aon réad a fhithisíonn an Ghrian, a bhfuil go leor maise aige le cruth sféarúil a dhéanamh de féin agus a ghlan aon réad níos lú óna thimpeallacht díreach máguaird. De réir an tsainmhínithe seo, tá ocht bpláinéad aitheanta sa Ghrianchóras: Mearcair, Véineas, an Domhan, Mars, Iúpatar, Satarn, Úránas agus Neiptiún. Tugadh ísliú céime do Phlútón, a rangaíodh mar phláinéad tráth, toisc nach bhfuil réada chrios Kuiper mórthimpeall glanta aige óna fhithis. Is é atá in abhacphláinéad ná rinn réaltach a fhithisíonn an Ghrian agus atá mór go leor le bheith slánaithe ag a imtharraingt féin ach nár ghlan a réigiún máguaird de mhionphláinéid agus nach satailít é. De réir an tsainmhínithe seo, tá cúig abhacphláinéad aitheanta sa Ghrianchóras: Ceres, Plútón, Haumea, Makemake agus Eris. D’fhéadfadh go rangófar na réada seo a leanas mar abhacphláinéid fosta: Sedna, Orcus agus Quaoar. Tugtar “plútóidigh” ar na habhacphláinéid a fhithisíonn sa réigiún tras-Neiptiúnach. Is reanna níos lú den Ghrianchóras iad na réada eile a fhithisíonn an Ghrian.

 
Is iad seo a leanas réigiúin (nó criosanna) an Ghrianchórais: an grianchóras laistigh, an crios astaróideach, na hollphláinéid (na pláinéid Ióbhacha) agus crios Kuiper. Ní de réir scála iad na méideanna agus na fithisí. Tá an radharc ar fiar.

Úsáideann eolaithe pláinéadacha na téarmaí gás, oighear agus carraig le cur síos a dhéanamh ar na cineálacha éagsúla substaintí atá le fáil ar fud an Ghrianchórais. Úsáidtear an téarma carraig le cur síos a dhéanamh ar chomhdhúile a bhfuil leáphointí arda acu (níos airde ná thart ar 500 K), ar nós sileacáití. Is substaintí coitianta iad substaintí carraigeacha sa Ghrianchóras laistigh, a fhoirmíonn an chuid is mó de na pláinéid dhomhanda agus de na hastaróidigh. Is ábhair iad gáis a bhfuil leáphointí ísle acu cosúil le hidrigin adamhach, héiliam agus triathgháis; is iad is mó atá sa mheánréigiún, ina bhfuil an chuid is mó d’Iúpatar agus de Shatarn. Tá leáphointí chomh hard le cúpla céad Ceilvin ag oighear cosúil le huisce, meatán, amóinia agus dé-ocsaíd charbóin. Is iad substaintí oighreata atá sa chuid is mó de shatailítí na n-ollphláinéad, chomh maith leis an chuid is mó d’Úránas agus de Neiptiún (na “fathaigh oighir” mar a thugtar orthu) agus sna réada beaga a luíonn ar an taobh thall d’fhithis Neiptiúin. Is é atá i gceist leis an téarma substaintí so-ghalaithe ná tagairt thiomsaitheach do na hábhair go léir a bhfuil leáphointí ísle acu (níos ísle ná cúpla céad Ceilvin), lena n-áirítear gáis agus oighear; ag brath ar an teocht is féidir teacht ar shubstaintí so-ghalaithe mar oighear, mar leachtanna nó mar gháis in áiteanna éagsúla sa Ghrianchóras.

An Ghrian cuir in eagar

Príomhalt: An Ghrian


Is í an Ghrian máthair-réalta an Ghrianchórais agus níl aon amhras ann ná gurb í a phríomh-chomhábhar. Tá 332,830 oiread mhais an Domhain inti. Mar gheall ar an mhais mhór seo tá a dóthain dlús inmheánach aici le comhleá núicléach a chothú. Scaoiltear cuid ollmhór fuinnimh sa dóigh seo, a ghathaíonn amach sa spás mar radaíocht leictreamhaighnéadach cosúil le solas infheicthe.

Rangaítear an Ghrian mar abhac buí measartha mór. D’fhéadfadh an t-ainm seo mearbhall a chur ar dhuine, áfach, mar má chuirtear an Ghrian i gcomparáid le réaltaí inár réaltra is léir go bhfuil an Ghrian measartha mór agus geal. Rangaítear réaltaí de réir léaráid Hertzsprung-Russell. Is graf í seo a mharcálann gile na réaltaí i gcoinne a dteochta dromhchla. Go ginearálta, dá theo na réaltaí a ghile a bhíonn siad. Deirtear go bhfuil réaltaí a leanann an patrún seo ar an phríomhsheicheamh; luíonn an Ghrian díreach ina lár. Tá réaltaí atá níos gile agus níos teo ná an Ghrian neamhchoitianta, áfach, agus tá réaltaí níos laige agus níos fionnuaire coitianta go maith.

Creidtear go bhfuil an Ghrian, a bhuí lena suíomh ar an phríomhsheicheamh, i “mbláth a maitheasa” mar réalta sa dóigh is nach bhfuil a stór hidrigine le haghaidh comhleá núicléach caite aici go fóill. Tá an Ghrian ag éirí níos gile; go luath ina stair bhí sí 70% chomh geal is atá sí inniu.

Baineann an Ghrian le réaltchineál I; tháinig sí chun an tsaoil sna céimeanna ní ba dhéanaí d’éabhlóid na cruinne. Tá níos mó eilimintí atá níos troime ná hidrigin agus héiliam (“miotail” mar a deirtear agus cúrsaí réalteolaíocha á bplé) ag an Ghrian ná mar atá ag réaltaí níos sine de chuid réaltchineál II. Chruinnigh eilimintí ní ba throime ná hidrigin agus héiliam i gcroíthe seanréaltaí agus réaltaí pléascacha, agus, mar sin, bhí ar chéad ghiniúint na réaltaí bás a fháil sula bhféadfaí an chruinne a shaibhriú leis na hadaimh seo. Ní bhíonn mórán miotal sna réaltaí is sine agus bíonn níos mó ag réaltaí a tháinig chun an tsaoil ní ba dhéanaí. Meastar go raibh an leibhéal ard miotalachta seo ríthábhachtach maidir le forbairt córais phláinéadaigh ag an Ghrian, toisc go ndéantar pláinéid d’fhuilleamh miotal.

 
Brat an tsrutha héilisféaraigh.

Meán idirphláinéadach cuir in eagar

I dteannta solais, gathaíonn an Ghrian sruth leanúnach de cháithníní luchtaithe (plasma) ar a dtugtar an ghrianghaoth. Leathann sruth na gcáithníní seo amach ag luas de thuairim is 1.5 milliún ciliméadar in aghaidh na huaire, rud a chruthaíonn atmaisféar tanaí (ar a dtugtar an héilisféar) a leathann ar fud an ghrianchórais go 100 AR ar a laghad (féach héileastad). Tugtar an meán idirphláinéadach air seo ar fad. Cuireann stoirmeacha geomaighnéadacha ar dhromchla na Gréine, cosúil le grianbhladhmanna agus eisiachtainí maiseanna corónacha mar shampla, isteach ar an héilisféar agus cruthaíonn sé seo spásaimsir. Téann réimse maighnéadach rothlach na Gréine i gcion ar an mheán idirphláinéadach chun brat an tsrutha héilisféaraigh a chruthú. Is é seo an struchtúr is mó sa Ghrianchóras.

 
Na Gealáin Theas mar a fheictear iad ó fhithis.

Cosnaíonn réimse maighnéadach an Domhain a atmaisféar ar idirghníomhaíocht leis an ghrianghaoth. Níl réimsí maighnéadacha ag Véineas ná ag Mars agus, mar sin, cuireann an ghrianghaoth isteach ar a n-atmaisféar go sceithtear iad sa spás de réir a chéile. Is í idirghníomhaíocht na grianghaoithe le réimse maighnéadach an Domhain is cúis leis na gealáin a fheictear gar do na poil mhaighnéadacha.

Tagann gathanna cosmacha ó thaobh amuigh den Ghrianchóras. Tugann an héilisféar cosaint i bpáirt don Ghrianchóras agus soláthraíonn réimsí maighnéadacha pláinéadacha roinnt cosanta fosta (i gcás na bpláinéad a bhfuil réimsí maighnéadacha pláinéadacha acu). Athraíonn dlús na ngathanna cosmacha sa mheán idir-réaltach agus neart réimse maighnéadach na Gréine ar amscálaí iontach fada, agus mar sin athraíonn leibhéal na radaíochta cosmaí sa Ghrianchóras cé nach bhfuil a fhios go díreach cá mhéad a athraíonn sé.

Tá ar a laghad dhá réigiún, cosúil le dioscaí, de dheannach cosmach sa mheán idirphláinéadach. Luíonn an chéad cheann acu, an néal deannaigh stoidiacaigh, sa Ghrianchóras laistigh agus is é is cúis le solas stoidiacach. Is cosúil gur cruinníodh é ag imbhuailtí laistigh den chrios astaróideach a tharla mar gheall ar idirghníomhaíochtaí leis na pláinéid. Síneann an dara ceann acu amach ó thart ar 10 AR go 40 AR agus ceaptar gur cruinníodh an ceann seo ag imbhuailtí den chineál céanna le crios Kuiper.

An Grianchóras Laistigh cuir in eagar

An Grianchóras laistigh an t-ainm traidisiúnta a thugtar ar an réigiún ina bhfuil na pláinéid dhomhanda agus na hastaróidigh. Sileacáití agus miotail a dhéantar réada an Ghrianchórais laistigh den chuid is mó agus tá siad bailithe le chéile go dlúth iontach gar don Ghrian; tá ga an réigiúin iomláin seo níos giorra ná an t-achar idir Iúpatar agus Satarn.


Pláinéid laistigh cuir in eagar

 
Na pláinéid laistigh. Ón taobh clé: Mearcair, Véineas, an Domhan, agus Mars (méideanna de réir scála)

Tá comhshuíomh dlúth carraigeach ag na ceithre phláinéad laistigh nó na ceithre phláinéad dhomhanda mar a thugtar orthu fosta. Níl ach cúpla gealach ag na pláinéid seo (má tá gealach ar bith) agus níl aon chórais fáinne acu. Is iad atá iontu den chuid is mó ná mianraí a bhfuil leáphointí arda acu, cosúil leis na sileacáití a dhéanann screamha agus maintlíní na bpláinéad seo, agus miotail cosúil le hiarann agus nicil a dhéanann a gcroíthe. Tá atmaisféar substaintiúil ag trí cinn de na ceithre phláinéad laistigh (Véineas, an Domhan agus Mars); tá cráitéir thuinsimh agus gnéithe dromchla theicteonaigh acu cosúil le scoiltghleannta agus bolcáin. Níor chóir an téarma ‘inner planet’ a thógáil i bhfabhraíocht an téarma ‘inferior planet’ (cé gur pláinéad laistigh a chuirtear orthu araon i nGaeilge go minic). Is é atá i gceist leis na ‘inferior planets’, nó na pláinéid íochtair mar a thabharfaimid orthu san alt seo, ná na pláinéid sin atá níos congaraí don Ghrian ná mar atá an Domhan (i.e. Mearcair agus Véineas).

Mearcair cuir in eagar

Mearcair (0.4 AR) ar an phláinéad is congaraí don Ghrian agus is é an pláinéad is lú é (0.055 mais an Domhain). Níl aon satailítí nádúrtha ag Mearcair agus seachas cráitéir thuinsimh, ní fios go bhfuil aon ghnéithe geolaíocha aige ach amháin dromanna maothánacha ar a dtugtar rupes (focal Laidine ar aill). Is dócha go ndearnadh iad seo le linn tréimhse de chrapadh go luath i saol an phláinéid. Is é atá in atmaisféar Mhearcair (atá baol ar dhiomaibhseach) ná adaimh a bhleaisteáil an ghrianghaoth óna dhromchla. Níl croí iarainn measartha mór agus maintlín tanaí an phláinéid seo mínithe go himleor go fóill. I measc hipitéisí atá ann ina dtaobh, deirtear gur bhain imbhualadh ollmhór éigin sraitheanna uachtair an phláinéid de agus gur cuireadh cosc lena fhuilleamh iomlán mar gheall ar fhuinneamh na Gréine óige.

Véineas cuir in eagar

Véineas (0.7 AR) beagnach chomh mór leis an Domhan, (0.815 mais an Domhain) agus cosúil leis an Domhan, tá maintlín tiubh sileacáite timpeall ar chroí iarainn aici, chomh maith le hatmaisféar substaintiúil, agus tá fianaise ann go bhfuil gníomhaíocht gheolaíoch inmheánach ar siúl aici. Tá sí i bhfad níos tirime ná mar atá an Domhan, áfach, agus tá a hatmaisféar nócha oiread chomh dlúth is atá sé. Níl aon satailítí nádúrtha ag Véineas. Tá sí ar an phláinéad is teo. Bíonn teocht dromchla de bhreis agus 400 °C aici agus is dócha gurb é is cúis leis seo ná méid na ngás ceaptha teasa san atmaisféar. Níor aimsíodh aon fhianaise chinnteach go bhfuil gníomhaíocht gheolaíoch reatha ar Véineas, ach níl aon réimse maighnéadach aici a chuirfeadh cosc le hídiú a hatmaisféir shubstaintiúil, rud a thugann le tuiscint go ndéantar a hatmaisféar a athlíonadh go rialta le brúchtaí bolcánacha.

An Domhan cuir in eagar

Is é an Domhan (1 AR) an pláinéad is mó agus is dlúithe de na pláinéid laistigh agus go bhfios dúinn is é an t-aon phláinéad ar a bhfuil gníomhaíocht gheolaíoch reatha agus ar a bhfuil beathra. Tá hidrisféar leachtach aige nach bhfuil ag aon phláinéad domhanda eile agus chomh maith leis sin, is ar an Domhan agus ar an Domhan amháin atá breathnóireacht déanta ar theicteonaic phlátaí. Tá atmaisféar an Domhain éagsúil amach is amach ó na cineálacha atmaisféir atá ag na pláinéid eile agus tá 21% d’ocsaigin shaor ann toisc beathra a bheith ann. Tá satailít nádúrtha amháin aige, an Ghealach (Laidin: Luna), an t-aon satailít mhór de na pláinéid dhomhanda sa Ghrianchóras.

Mars cuir in eagar

Mars (1.5 AR) níos lú ná an Domhan agus Véineas (0.107 mais an Domhain). Tá atmaisféar tanaí aige atá déanta den chuid is mó de dhé-ocsaíd charbóin. Léiríonn a dhromchla, ar a bhfuil bolcáin mhóra cosúil le Olympus Mons agus scoiltghleannta cosúil le Valles Marineris, go raibh gníomhaíocht gheolaíoch ann agus go bhféadfadh go raibh sé ann go dtí le fíordhéanaí. Tá dath dearg air mar gheall ar chaoch rua ina ithir atá méith le hiarann. Tá dhá shatailít nádúrtha fhíorbheaga ag Mars (Deimos agus Phobos) agus meastar gur astaróidigh ghafa iad seo.


An crios astaróideach cuir in eagar

 
Íomhá den phríomhchrios astaróideach agus de na hastaróidigh Thraíocha.

Den chuid is mó, is é atá in astaróidigh ná reanna beaga an Ghrianchórais a dhéantar de mhianraí carraigeacha agus miotalacha do-ghalaithe.

Is san fhithis idir Mars agus Iúpatar atá an príomhchrios astaróideach, idir 2.3 agus 3.3 AR ón Ghrian. Meastar gurb é atá ann ná fuílligh ó fhoirmiú an Ghrianchórais nár éirigh leo comhtháthú mar gheall ar thrasnaíocht imtharraingteach Iúpatair.

Tá réim méideanna d’astaróidigh ann, idir astaróidigh atá na céadta ciliméadar trasna agus iad atá micreascópach ar fad. Rangaítear na hastaróidigh go léir (ach amháin an t-astaróideach is mó, Ceres) mar reanna beaga de chuid an Ghrianchórais, ach tá seans ann go n-athrangófar roinnt astaróideach, cosúil le Vesta agus Hygieia, mar abhacphláinéid má léirítear go bhfuil cothromaíocht hidreastatach bainte amach acu.

Tá na deicheanna míle réad, b’fhéidir na milliúin acu fiú, sa chrios astaróideach atá breis agus aon chiliméadar trasna. Dá ainneoin sin, ní dócha go bhfuil mais iomlán an phríomhchreasa níos mó ná aon mhíliú cuid de mhais an Domhain. Tá an príomhchrios gann go maith agus is gnách le spásárthaí dul tríd gan aon rud ag cur isteach orthu. Tugtar dreigeoidigh ar astaróidigh atá idir 10 agus 10-4 m trasna.

 
Ceres

Ceres cuir in eagar

Ceres (2.77 AR) ar an rinn is mó sa chrios astaróideach agus tá sé rangaithe mar abhacphláinéad. Tá sí píosa beag níos lú ná 1000 km trasna – mór go leor le go bhfuil a himtharraingt féin in ann cuma sféarúil a chur uirthi. Nuair a thángthas ar Cheres sa 19ú haois, measadh gur phláinéad a bhí ann. Rinneadh é a athrangú mar astaróideach sna 1850idí, áfach, nuair a thug tuilleadh breathnúcháin le fios go raibh tuilleadh astaróideach ann. Athrangaíodh arís í sa bhliain 2006 mar abhacphláinéad.


Grúpaí astaróideacha cuir in eagar

Déantar astaróidigh sa phríomhchrios a roinnt ina ngrúpaí astaróideacha agus ina gclanna bunaithe ar a saintréithe fithiseacha. Is iad atá i ngealacha astaróideacha ná astaróidigh a fhithisíonn astaróidigh níos mó. Ní aithnítear iad chomh héasca agus a aithnítear gealacha pláinéadacha toisc iad a bheith chomh mór céanna agus atá a gcomhpháirtithe uaireanta. Tá cóiméid phríomhchreasa ag an chrios astaróideach fosta agus d’fhéadfadh sé gurbh iad seo foinse uisce an Domhain.

Bíonn na hastaróidigh Thraíocha i bpointe L4 nó i bpointe L5 de chuid Iúpatair (is réigiúin dhiongbháilte imtharraingteacha iad seo a threoraíonn agus a rianaíonn pláinéad agus é ina fhithis); baintear úsáid as an téarma “Traíoch” fosta maidir le reanna beaga in aon phointe pláinéadach nó satailíte Lagrange. Tá athshondas 2:3 idir astaróidigh Hilda agus pláinéad Iúpatair; is é sin, téann siad timpeall na Gréine trí huaire le haghaidh gach dhá fhithis de chuid Iúpatair.

Tá an Grianchóras laistigh dustáilte le hastaróidigh fhánacha fosta agus trasnaíonn cuid mhór acu sin fithisí na bpláinéad laistigh.

An Grianchóras Lasmuigh cuir in eagar

Is i réigiún lasmuigh an Ghrianchórais atá na fathaigh gháis agus a satailítí atá chomh mór le pláinéid. Fithisíonn a lán cóiméad gearrthréimhseach, lena n-áirítear na Ceinteáir, sa réigiún seo chomh maith. Cuimsítear níos mó substaintí so-ghalaithe (cosúil le huisce, amóinia, meatán, ar a dtugtar oighir i saol na heolaíochta pláinéadaí) i measc réada dlútha an réigiúin seo ná mar a chuimsítear in áititheoirí carraigeacha an Ghrianchórais laistigh.

 
Ó bharr go bun: Neiptiún, Úránas, Satarn agus Iúpatar (níl siad de réir scála)

Na pláinéid lasmuigh cuir in eagar

Is ionann na ceithre phláinéad lasmuigh, nó na fathaigh gháis (ar a dtugtar na pláinéid Ióbhacha in amanna), agus 99% den mhais aitheanta a fhithisíonn an Ghrian. Is iad atá in Iúpatar agus i Satarn thar aon rud eile ná hidrigin agus héiliam; tá níos mó oighear i ndéantúsú Úránais agus Neiptiúin. Áitíonn roinnt réalteolaithe go mbaineann siad lena gcatagóir féin ar a dtugtar “fathaigh oighir”. Tá fáinní ag gach ceann de na ceithre fhathach gáis, cé nach féidir ach córas fáinní Shatairn a fheiceáil go héasca ón Domhan. Níor chóir an téarma ‘outer planet’ a thógáil i bhfabhraíocht an téarma ‘superior planet’ (cé gur pláinéad lasmuigh a chuirtear orthu araon i nGaeilge go minic). Is é atá i gceist leis na ‘superior planets’, nó na pláinéid uachtair mar a thabharfaimid orthu san alt seo, ná na pláinéid sin atá lasmuigh d’fhithis an Domhain (i.e. na pláinéid lasmuigh agus Mars).

Iúpatar cuir in eagar

Iúpatar (5.2 AR) 318 mais an Domhain agus tá 2.5 oiread mhais na bpláinéad eile go léir le chéile ann. Is iad hidrigin agus héiliam atá ann den chuid is mó. Cruthaíonn teas láidir inmheánach Iúpatair roinnt gnéithe leathbhuana ina atmaisféar, a leithéid de bhandaí scamaill agus an Deargspota Mór mar shampla. Tá 63 satailít aitheanta ag Iúpatar. Tá cosúlachtaí ag na ceithre shatailít is mó, Ganymede, Callisto, Io agus Europa, leis na pláinéid dhomhanda. Is samplaí iad bolcánachas agus téamh inmheánach de na cosúlachtaí sin. Tá Ganymede, an tsatailít is mó sa Ghrianchóras, níos mó ná Mearcair.

Satairn cuir in eagar

Aithnítear Satarn (9.5 AR) mar gheall ar a chóras raonach fáinní agus tá sé cosúil le hIúpatar ar bhealaí; tá comhshuíomh atmaisféarach aige mar shampla. Níl Satarn baol ar chomh mórmhaise is atá Iúpatar, áfach. Níl ann ach 95 mais an Domhain. Tá 60 satailít aitheanta ag Satarn (agus tá trí cinn éidearfa aige). I measc an 60 satailít sin, tá dhá cheann ann, Tíotán agus Enceladus, a léiríonn comharthaí de ghníomhaíocht gheolaíoch, cé gur déanta d’oighear atá siad den chuid is mó. Tá Tíotán níos mó ná Mearcair agus is é an t-aon satailít sa Ghrianchóras a bhfuil atmaisféar substaintiúil aige.

Úránas cuir in eagar

Úránas (19.6 AR, 14 mhais an Domhain) ar an phláinéad is éadroime i measc na bpláinéad lasmuigh. Murab ionann agus na pláinéid uile eile, fithisíonn sé an Ghrian ar a thaobh; tá a chlaon aiseach ar uillinn de níos mó ná 90 céim leis an éiclipteach. Tá croí Úránais i bhfad níos fuaire ná mar atá croíthe na bpláinéad gáis eile agus gathaíonn sé fíorbheagán teasa amach sa spás. Tá 27 satailít aitheanta ag Úránas agus tugtar Titania, Oberon, Umbriel, Ariel agus Miranda ar na cinn is mó.

Neiptiún cuir in eagar

Cé go bhfuil Neiptiún (30 AR) píosa beag níos lú ná Úránas, tá sé níos mórmhaise (is ionann é agus 17 nDomhan) agus mar sin de, tá sé níos dlúithe. Gathaíonn sé níos mó teas inmheánach ach ní gathaíonn sé méid chomh mór le hIúpatar nó le Satarn. Tá 13 shatailít aitheanta ag Neiptiún. Tá Tríotón ar an tsatailít is mó agus go geolaíoch tá sé gníomhach, le géasair de nítrigin leachtach. Is é Trítón an t-aon satailít mhór a bhfuil fithis chasiompaithe aige. Tá roinnt mionphláinéad i bhfithis Neiptiúin chomh maith ar a dtugtar Traígh Neiptiúin agus tá athshondas 1:1 idir na mionphláinéid seo agus Neiptiún.

Cóiméid cuir in eagar

Príomhalt: Cóiméad
 
Cóiméad Hale-Bopp

Is reanna beaga de chuid an Ghrianchórais iad cóiméid. Ní bhíonn siad ach cúpla ciliméadar trasna de ghnáth agus den chuid is mó níl iontu ach oighear so-ghalaithe. Tá fithisí fíor-éalárnacha acu agus, go ginearálta, bíonn peirihéilean laistigh d’fhithisí na bpláinéad acu, chomh maith le hapaihéilean a bhíonn i bhfad ar an taobh thall de Phlútón. Nuair a thagann cóiméad isteach sa Ghrianchóras laistigh, néalaíonn agus ianaíonn a dhromchla oighreata mar gheall ar chomh gar is atá sé don Ghrian, agus sa dóigh seo cruthaítear cóma: eireaball fada gáis agus deannaigh atá infheicthe go minic leis an tsúil.

Bíonn fithisí a mhaireann níos lú ná dhá chéad bliain ag cóiméid ghearrthréimhseacha. Maireann fithisí cóiméad fadtréimhseach na mílte bliain. Meastar go dtagann cóiméid ghearrthréimhseacha chun an tsaoil i gcrios Kuiper agus go dtagann cóiméid fhadtréimhseacha, cosúil le Hale-Bopp, chun an tsaoil i scamall Oort. Cruinníodh cuid mhór grúpaí cóiméad, cosúil le Gaobhardaithe Gréine Kreutz, ó bhriseadh máthairchóiméid amháin. D’fhéadfadh roinnt cóiméad a bhfuil fithisí hipearbóileacha acu teacht chun an tsaoil lasmuigh den Ghrianchóras ach bíonn sé deacair fithisí beachta na gcóiméad seo a chinneadh. Is minic a chatagóirítear mar astaróidigh iad seanchóiméid a bhfuil an chuid is mó dá substaintí so-ghalaithe ruaigthe ag téamh gréine.

Na Ceinteáir cuir in eagar

Is reanna oighreata cosúil le cóiméid iad na ceinteáir a bhfuil a n-ais leathmhór níos mó ná Iúpatar (5.5 AR) agus níos lú ná Neiptiún (30 AR). Tá an ceinteár is mó, ar a dtugtar 10199 Chariklo, tuairim is 250 km trasna. Rangaíodh 2060 Chiron, an chéad cheinteár a aimsíodh, mar chóiméad chomh maith (95P) toisc go bhforbraíonn sé cóma díreach mar a fhorbraíonn cóiméid nuair a tharraingíonn siad ar an Ghrian. Rangaíonn roinnt réalteolaithe ceinteáir mar réada chrios Kuiper atá scaipthe isteach agus a bhíonn in éineacht le háititheoirí an diosca scaipthe atá scaipthe amach.


Réigiún tras-Neiptiúnach cuir in eagar

Is dúchríoch go fóill é an réigiún ar an taobh thall de Neiptiún den chuid is mó, nó an “réigiún tras-Neiptiúnach” mar a thugtar air chomh maith. Is cosúil nach bhfuil mórán eile ann ach domhain bheaga (níl trastomhas an chinn is mó ach aon chúigiú de thrastomhas an Domhain agus tá a mhais i bhfad níos lú ná mais na Gealaí) agus gurb é atá sna domhain seo thar aon ní eile ná carraigeacha agus oighear. Tugtar “an Grianchóras lasmuigh” ar an réigiún seo uaireanta, cé go n-úsáideann daoine eile an téarma sin le cur síos a dhéanamh ar an réigiún ar an taobh thall den chrios astaróideach.

Crios Kuiper cuir in eagar

Príomhalt: Crios Kuiper
 
Breacadh de na réada aitheanta go léir de chuid chrios Kuiper, leagtha amach i gcoinne na gceithre phláinéad lasmuigh.

Is é atá sa chrios Kuiper, céad fhoirmiú an réigiúin, ná fáinne ollmhór smionagair cosúil leis an chrios astaróideach ach atá déanta d’oighear den chuid is mó. Leathnaíonn sé amach idir 30 agus 50 AR ón Ghrian. Is é atá ann go príomha ná reanna beaga de chuid an Ghrianchórais. Tá seans ann go n-athrangófar cuid mhaith de na réada is mó de chrios Kuiper (a leithéid de Quaoar, Varuna agus Orcus) mar abhacphláinéid, áfach. Meastar go bhfuil breis agus 100,000 réad chrios Kuiper ann a bhfuil trastomhais níos mó ná 50 km acu, ach ceaptar nach bhfuil mais iomlán an chreasa ach deichiú nó fiú céadú cuid de mhais an Domhain. Tá satailítí iolracha ag a lán réad chrios Kuiper agus tá fithisí ag an chuid is mó acu a thugann iad taobh amuigh de phlána an éicliptigh.

 
Léaráid a léiríonn deighiltí athshondacha agus clasaiceacha chrios Kuiper

Is féidir crios Kuiper a roinnt go garbh ina dhá chuid – is iad sin an crios “clasaiceach” agus na hathshondais. Is fithisí iad athshondais atá ceangailte d’fhithis Neiptiúin (mar shampla, déanann siad dhá fhithis le haghaidh gach trí fhithis de chuid Neiptiúin, nó fithis amháin le haghaidh gach dhá fhithis). Tosaíonn an chéad athshondas laistigh d’fhithis Neiptiúin í féin. Níl athshondas ar bith idir réada an chreasa chlasaicigh agus Neiptiún agus leathnaíonn an crios seo amach ó thuairim is 39.4 AR go 47.7 AR. Rangaítear baill chrios clasaiceach Kuiper mar cubewanos, as an chéad cheann den chineál seo a fuarthas, (15760) 1992 QB1.

Plútón agus Carón cuir in eagar

Is abhacphláinéad é Plútón agus tá sé ar an réad aitheanta is mó i gcrios Kuiper. Nuair a thángthas air sa bhliain 1930, creideadh gurbh é a bhí ann ná an naoú pláinéad; athraíodh an tuairim sin sa bhliain 2006 nuair a ceapadh sainmhíniú foirmeálta maidir le cad is pláinéad ann go díreach. Tá fithis measartha éalárnach ag Plútón agus tá sé claonta ar uillinn 17 gcéim leis an éiclipteach. Maidir le hachar Phlútóin ón Ghrian, tá sé 29.7 AR uaithi ag a pheirihéilean (laistigh d’fhithis Neiptiúin) agus raonálann sé go 49.5 AR ag a apaihéilean.
 
Plútón agus a thrí ghealach aitheant
I láthair na huaire glactar leis go bhfuil Carón ar an ghealach is mó i bPlútón ach ní fíos go baileach an leanfar leis an rangú seo nó an rangófaí é mar abhacphláinéad ann féin. Fithisíonn Plútón agus Carón baralár d’imtharraingt os cionn a ndromchlaí agus mar sin is córas déréalta é Plútón-Carón. Fithisíonn dhá ghealach i bhfad níos lú (Nix agus Hydra) Plútón agus Carón.
Luíonn Plútón sa chrios athshondach agus tá athshondas 3:2 idir é féin agus Neiptiún. Is ionann sin is a rá go bhfithisíonn Plútón an Ghrian dhá uair do gach trí fhithis Neiptiúnacha. Tugtar plutinos ar réada chrios Kuiper a bhfuil an t-athshondas céanna acu.

Haumea agus Makemake cuir in eagar

Haumea (43.34 AR ar meán) agus Makemake (45.79 AR ar meán) ar na réada aitheanta is mó i gcrios clasaiceach Kuiper. Is réad ubhchruthach é Haumea a bhfuil dhá ghealach aige. Tá Makemake ar an réad is gile i gcrios Kuiper i ndiaidh Phlútóin. Tugadh 2003 EL61 agus 2005 FY9 orthu siúd faoi seach ó thús, agus bronnadh ainmneacha (agus stádas mar abhacphláinéid) orthu in 2008. Tá a bhfithisí i bhfad níos claonta ná mar atá fithis Phlútóin (28° agus 29°) agus murab ionann agus Plútón, ní théann Neiptiún i bhfeidhm orthu toisc gur cuid de réaltchineál clasaiceach KBO iad.


An diosca scaipthe cuir in eagar

 
Dubh: scaipthe; gorm: clasaiceach; glas: athshondach

Forluíonn an diosca scaipthe crios Kuiper ach leathnaíonn sé amach i bhfad níos faide. Meastar gurb é an réigiún seo foinse cóiméad gearrthréimhseach. Creidtear gur eisteilgeadh réada diosca scaipthe amach i bhfithisí corra mar gheall ar thionchar imtharraingteach luathaistriú amach Neiptiúin. Tá peirihéilin an chuid is mó de réada diosca scaipthe (SDOs) laistigh de chrios Kuiper ach tá a n-apaihéilin chomh fada le 150 AR ón Ghrian. Tá fithisí SDO claonta ar uillinn iontach ard leis an phlána éiclipteach chomh maith agus níos minice ná a mhalairt bíonn siad beagnach go hingearach leis. Ceapann roinnt réalteolaithe nach bhfuil sa diosca scaipthe ach réigiún eile de chuid chrios Kuiper agus tugann siad “réada scaipthe chrios Kuiper” ar réada diosca scaipthe.

 
Eris agus a ghealach Dysnomia

Eris cuir in eagar

Is é Eris (68 AR ar meán) an réad diosca scaipthe aitheanta is mó agus bhí díospóireacht ann maidir le cad é go díreach is pláinéad ann, toisc é a bheith ar a laghad 5% níos mó ná Plútón agus trastomhas measta de 2400 km (1500 míle) aige. Tá sé ar an abhacphláinéad aitheanta is mó. Tá gealach amháin aige, ar a dtugtar Dysnomia. Mar atá fithis Phlútóin, tá fithis Eris iontach éalárnach. Tá peirihéilean de 38.2 AR (tuairim is an t-achar céanna agus atá Plútón ón Ghrian) agus apaihéilean de 97.6 AR aige, agus tá sé claonta ar uillinn ard leis an phlána éiclipteach.

Na réigiúin is faide ar shiúl cuir in eagar

Níl sainmhíniú mionchruinn ann maidir leis an phointe ag a gcríochnaíonn an Grianchóras agus a dtosaíonn an spás idir-réaltach toisc go gcruthaítear a chríocha forimeallacha ag dhá fhórsa ar leith: an ghrianghaoth agus imtharraingt na Gréine. Tá tionchar theorainn fhorimeallach na grianghaoithe thart ar cheithre oiread chomh fada ón Ghrian agus atá Plútón; creidtear go bhfuil an héileastad seo ag tús an mheáin idir-réaltaigh. Creidtear, áfach, go leathnaíonn sféar Roche na Gréine, raon éifeachtach a tionchair imtharraingtigh, amach suas le míle oiread níos faide arís.


Héileastad cuir in eagar

 
Na taiscéalaithe Voyager ag teacht isteach sa héileathruaill.

Roinntear an héilisféar ina dhá réigiún ar leith. Gluaiseann an ghrianghaoth ag thart ar 40,000 km/s go n-imbhuaileann sí faoi shruthanna plasma sa mheán idir-réaltach. Titeann an t-imbhualadh amach ag an turraing dheiridh, atá tuairim is 80 – 100 AR ón Ghrian sa treo in aghaidh na gaoithe agus tuairim is 200 AR ón Ghrian le gaoth. Éiríonn an ghaoth níos moille go tobann anseo, comhdhlúthaíonn sí agus éiríonn sí níos suaite. Cruthaíonn sé seo struchtúr ollmhór ubhach ar a dtugtar an héileathruaill. Amharcann an rud seo iontach cosúil le heireaball cóiméid agus iompraíonn sé iontach cosúil leis fosta. Leathnaíonn sé amach feadh 40 AR eile ar an taobh in aghaidh na gaoithe ach rianaíonn sé achar i bhfad Éireann níos mó sa treo eile. Deirtear gur thrasnaigh Voyager 1 agus Voyager 2 an turraing dheiridh agus go ndeachaigh siad isteach sa héileathruaill ag 94 agus 84 AR ón Ghrian faoi seach. Is é atá i gcríoch fhorimeallach an héilisféir, an héileastad, ná an pointe ag a gcríochnaíonn an ghaoth faoi dheireadh agus is é seo tús an spáis idir-réaltaigh.

Is dócha go gcuireann dinimic shreabhach na n-idirghníomhaíochtaí leis an mheán idir-réaltach, chomh maith leis na réimsí maighnéadacha gréine atá i réim sa deisceart, isteach ar chruth agus ar fhoirm imeall lasmuigh an héilisféir. Mar shampla. tá cruth maol air agus leathnaíonn an héilisféar thuaidh amach 9 AR (thart ar 900 milliún míle) níos faide ná mar a leathnaíonn an héilisféar theas. Ar an taobh thall den héileastad, ag thart ar 230 AR, luíonn an turraing thosaigh, stáid phlasma a fhágann an Ghrian ina diaidh nuair a thaistealaíonn sí trí Bhealach na Bó Finne.

Ní dheachaigh aon spásárthach thar an héileastad go fóill agus, mar sin, ní féidir fios cinnte a bheith againn faoi dhálaí sa spás áitiúil idir-réaltach. Táthar ag tnúth le go dtrasnóidh Voyager NASA an héileastad am éigin sa chéad deich mbliana eile agus go dtarchuirfidh sé sonraí luachmhara maidir le leibhéil radaíochta agus le grianghaoth ar ais chuig an Domhan. Ní thuigtear go maith cad é mar a sheachnaíonn an héilisféar an Grianchóras ar ghathanna cosmacha. Tá coincheap ar a dtugtar “Vision Mission” forbartha ag foireann a fhaigheann maoiniú ó NASA. Tá an “Vision Mission” seo tiomnaithe do thaiscéalaí a chur chuig an héilisféar.

Scamall Oort cuir in eagar

 
Léiriú ealaíontóra de chrios Kuiper agus de scamall hipitéiseach Oort.

Is é atá i scamall hipitéiseach Oort ná ollmhais de shuas le trilliún réad oighreata. Creidtear gurb é seo foinse gach cóiméid fhadtréimhsigh agus go dtimpeallaíonn sé an Grianchóras ag tuairim is 50,000 AR (thart ar sholasbhliain (SB) amháin), agus go bhféadfadh sé bheith leathnaithe amach chomh fada le 100,000 AR (1.87 SB). Creidtear gurb é atá ann ná cóiméid a eisteilgeadh ón Ghrianchóras laistigh mar gheall ar idirghníomhaíochtaí imtharraingteacha leis na pláinéid lasmuigh. Gluaiseann réada scamall Oort go hiontach mall agus is féidir le heachtraí ainmhinice cur isteach orthu, cosúil le himbhuailtí, iarmhairtí imtharraingteacha réalta atá ag dul thar bráid, nó an taoide réaltach (an fórsa taoidmhear a chuireann Bealach na Bó Finne i bhfeidhm).

 
Íomhá theileascópach de Sedna

Sedna cuir in eagar

Is réad mór measartha dearg é 90377 Sedna (525.86 AR ar meán) atá cosúil le Plútón. Tá fithis ollmhór fhíoréilipseach aige a chiallaíonn go mbíonn sé ag 76 AR ag a pheirihéilean agus ag 928 AR ag a apaihéilean agus maireann an fhithis seo 12,050 bliain san iomlán. Maíonn Mike Brown, a tháinig ar an réad sa bhliain 2003, nach féidir leis a bheith ina chuid den diosca scaipthe nó de chrios Kuiper toisc go bhfuil a pheirihéilean rófhada ar shiúl le go bhféadfadh aistriú Neiptiúin dul i bhfeidhm air. Ceapann sé féin agus réalteolaithe eile gurb é atá ann ná an chéad sampla i réaltchineál nua ar fad agus go bhféadfadh an réad 2000 CR105, a bhfuil peirihéilean de 45 AR agus apaihéilean de 415 AR aige agus a maireann a fhithis 3420 bliain, a bheith mar chuid den réaltchineál seo fosta. Tugann Brown “Scamall Oort Laistigh” ar an réaltchineál seo mar is féidir gur cruinníodh é trí phróiseas comhchosúil leis, cé go bhfuil sé i bhfad níos giorra don Ghrian. Is ríchosúil gur abhacphláinéad atá in Sedna cé nach bhfuiltear cinnte go fóill faoin chruth atá air.

Críocha cuir in eagar

Níl eolas againn go fóill ar chuid mhór den Ghrianchóras. Meastar go rialaíonn réimse imtharraingteach na Gréine fórsaí imtharraingteacha na réaltaí máguaird i limistéar a leathnaíonn amach chomh fada le dhá sholasbhliain (125,000 AR). Ar an láimh eile, áfach, de réir meastacháin níos ísle maidir le ga scamall Oort, ní chuirtear é níos faide ná 50,000 AR. D’ainneoin fionnachtana cosúil le Sedna, níl an réigiún idir crios Kuiper agus scamall Oort, dár ga na deicheanna mílte AR, mapáilte i ndáiríre. Táthar ag déanamh staidéir ar an réigiún idir Mearcair agus an Ghrian faoi láthair fosta. D’fhéadfaí teacht ar réada i réigiúin anaithnide an Ghrianchórais go fóill.


Comhthéacs réaltrach cuir in eagar

 
Suíomh an Ghrianchórais laistigh dár réaltra

Tá an Grianchóras suite i réaltra Bhealach na Bó Finne. Is réaltra bíseach barrach é an réaltra seo atá tuairim agus 100,000 solasbhliain trasna agus ina bhfuil thart ar 200 billiún réalta. Tá ár nGrian i gceann de ghéag bhíseach lasmuigh Bhealach na Bó Finne, ar a dtugtar Géag Oiríon nó Local Spur. Luíonn an Ghrian idir 25,000 agus 28,000 solasbhliain ó Lár an Réaltra agus tá luas aici de tuairim is 220 ciliméadar an tsoicind laistigh den réaltra. Mar sin, críochnaíonn sé imrothlú iomlán amháin gach 225 – 250 milliún bliain. Is é atá san imrothlú sin ná bliain réaltrach an Ghrianchórais.

Is dealraitheach go raibh tionchar ag suíomh an Ghrianchórais sa réaltra ar éabhlóid bheatha ar an Domhan. Tá a fhithis beagnach ciorclach agus tá an luas céanna aige a bheag nó a mhór agus atá ag na géaga bíseacha, a chiallaíonn gur annamh a théann sé tríothu. Toisc go bhfuil comhchruinniú i bhfad níos mó d’ollnóvaí a d’fhéadfadh a bheith contúirteach i ngéaga bíseacha, bhíodh tréimhsí fada de chobhsaíocht idir-réaltach ar an Domhan le go bhféadfadh beathra teacht chun cinn. Chomh maith leis sin, luíonn an Grianchóras píosa fada lasmuigh de limistéar lár an réaltra atá dlúth le réaltaí. Gar don lár, d’fhéadfadh imtharraingt réaltaí máguaird cur isteach ar réada i scamall Oort, ag seoladh cuid mhór cóiméad isteach sa Ghrianchóras laistigh. Dá dtarlódh a leithéid, bheadh imbhuailtí ann a bhféadfadh impleachtaí tubaisteacha a bheith acu maidir le beatha ar an Domhan. D’fhéadfadh dianradaíocht lár an réaltra cur isteach ar fhorbairt beatha aimpléisí fosta. Fiú agus an Grianchóras san áit a bhfuil sé faoi láthair, tá tuairimíocht déanta ag roinnt eolaithe go bhféadfadh go raibh tionchar diúltach ag ollnóvaí déanacha ar bheatha sa 35,000 bliain seo a chuaigh thart trí phíosaí de réaltchroí díchurtha a chaitheamh i dtreo na Gréine i bhfoirm gráinní deannaigh radaighníomhaigh agus i bhfoirm reanna níos mó atá cosúil le cóiméid.

Ceantar na Gréine cuir in eagar

 
Léiriú ealaíontóra den Local Bubble

Tugtar an Scamall Áitiúil Idir-réaltach nó Local Fluff ar gharcheantar réaltrach an Ghrianchórais. Is limistéar de scamall dlúth é seo i réigiún nach bhfuil mórán eile le fáil ann ar a dtugtar an Local Bubble, réigiún ar cuas é a bhfuil cruth orláiste aige agus atá suite sa mheán idir-réaltach, thart ar 300 solasbhliain trasna. Tá ‘an bhoilgeog’ inleata le plasma ardteochta a thugann le tuiscint gurb é atá ann ná toradh roinnt ollnóvaí déanacha.

Tá rinn na gréine, treo fhithis na Gréine tríd an spás idir-réaltach, gar do réaltbhuíon Earcail i dtreo shuíomh reatha na réalta gile Vega.

Níl mórán réaltaí laistigh de dheich solasbhliain (95 trilliún km) ón Ghrian i ndáiríre. Is é an córas tríréalta ar a dtugtar Alpha Centauri an córas is congaraí agus tá sé sin tuairim is 4.4 solasbhliain ar shiúl. Is péire réaltaí atá cosúil leis an Ghrian iad Alpha Centauri A agus Alpha Centauri B agus is réaltaí iad a bhfuil dlúthcheangal eatarthu. Fithisíonn an abhacréalta bheag dhearg Alpha Centauri C (ar a dtugtar Proxima Centauri chomh maith) an péire ag achar de 0.2 solasbhliain uathu. Tá na habhacréaltaí dearga, Réalta Barnard (ag 5.9 solasbhliain), an Faolchú 359 (7.8 solasbhliain) agus Lalande 21185 (8.3 solasbhliain), ar na chéad chinn is congaraí eile don Ghrian. Tá Sirius ar an réalta is mó laistigh de dheich solasbhliain. Is réalta gheal phríomhsheichimh é Sirius atá tuairim is dhá oiread chomh dlúth is atá an Ghrian agus a mbíonn abhacréalta bhán darb ainm Sirius B á fhithisiú. Is iad atá sna córais eile laistigh de dheich solasbhliain ná an t-abhac-chóras déréalta deirge ar a dtugtar Luyten 726-8 (8.7 solasbhliain) agus abhacréalta dhearg aonair Ross 154 (9.7 solasbhliain). Is é Tau Ceti an réalta aonair cosúil leis an Ghrian is congaraí dúinn agus luíonn sé 11.9 solasbhliain uainn. Tá sé thart ar 80% chomh dlúth agus atá an Ghrian ach níl ach 60% dá lonrachas aige. Luíonn an pláinéad eachtarghréine is congaraí don Ghrian ar a bhfuil eolas againn timpeall na réalta Epsilon Eridani, réalta atá píosa beag níos laige ó thaobh solais de agus níos deirge ná an Ghrian agus atá 10.5 solasbhliain ar shiúl. I dtaobh an aon phláinéid chinntithe atá aige, Epsilon Eridani b, tá thart ar 1.5 oiread mhais Iúpatair ann agus fithisíonn sé a réalta gach 6.9 bliain.

Foirmiú agus éabhlóid cuir in eagar

Na hIseatóip is líonmhaire
sa Ghrianchóras
Iseatóp Líon núicléas
 le haghaidh gach
Milliún Iseatóp
Hidrigin-1 705,700
Héiliam-4 275,200
Ocsaigin-16 5,920
Carbón-12 3,032
Neon-20 1,548
Iarann-56 1,169
Nítrigin-14 1,105
Sileacan-28 653
Maignéisiam-24 513
Sulfar-32 396
Neon-22 208
Maignéisiam-26 79
Argón-36 77
Iarann-54 72
Maignéisiam-25 69
Cailciam-40 60
Alúmanam-27 58
Nicil-58 49
Carbón-13 37
Héiliam-3 35
Sileacan-29 34
Sóidiam-23 33
Iarann-57 28
Hidrigin-2 23
Sileacan-30 23
 
Íomha Hubble de dhioscaí prótapláinéadacha i Réaltnéal Oiríon, “stellar nursery” atá aon solasbhliain trasna agus gur dealraitheach go bhfuil sé iontach cosúil leis an réaltnéal príomhordúil ónar cruinníodh ár nGrian.

Cruinníodh an Grianchóras ó imphléascadh imtharraingteach ollscamaill mhóilínigh 4.6 billiún bliain ó shin. Is cosúil go raibh an néal tosaigh seo cúpla solasbhliain trasna agus is dócha gur tháinig roinnt réaltaí éagsúla chun an tsaoil mar gheall air.

Nuair a d’imphléasc an réigiún ar ar tugadh an réaltnéal réamhghréine, réigiún dá gcruinneofaí an Grianchóras, rothlaigh an réigiún ar luas ní ba ghasta mar gheall ar imchoimeád móimintim uilligh. D’éirigh an lár, áit ar bhailigh an chuid ba mhó den mhais, ní ba theo ná an diosca thart timpeall air de réir a chéile. De réir mar a bhí an réaltnéal, a bhí ag crapadh, ag rothlú, thosaigh sé ag leacú go ndearnadh diosca roithleánach prótapláinéadach de a raibh trastosmhas de tuairim is 200 AR aige chomh maith le prótairéalta the, dhlúth ag an lár. Creidtear gur réalta T Tauri a bhí sa Ghrian ag an phointe seo ina héabhlóid. Léiríonn staidéir ar réaltaí T Tauri gur minic a bhíonn dioscaí de dhamhna réamhphláinéadach in éineacht leo, go mbíonn maiseanna de 0.001 – 0.1 mais ghréine ag na dioscaí seo agus go mbíonn an chuid is mó de mhais an réaltnéil sa réalta féin. Cruinníodh na pláinéid ó fhuilleamh ón diosca seo.

Laistigh de 50 milliún bliain, d’éirigh brú agus dlús na hidrigine i lár na prótairéalta mór go leor le tús a chur le comhleá teirmeanúicléach. Mhéadaigh an teocht, an ráta imoibrithe, an brú agus an dlús go dtí gur baineadh cothromaíocht hidreastatach amach, leis an fhuinneamh teirmeach ag frithbheartú fhórsa an chraptha imtharraingtigh. Ag an phointe seo, rinneadh réalta chríochnaithe phríomhsheichimh den Ghrian.

 
Léiriú ealaíontóra den éabhlóid a bheidh ag ár nGrian amach anseo. Ar clé: príomhsheicheamh; sa lár: fathach dearg; ar dheis: abhac bán

Mairfidh an Grianchóras mar a aithnímid é sa lá atá inniu ann go dtosaíonn an Ghrian ag déanamh a héabhlóide ó phríomhsheicheamh na léaráide Hertzsprung-Russell. De réir mar a dhónn an Ghrian a stór de bhreosla hidrigine, bíonn sé de chlaonadh ag an aschur fuinnimh a chothaíonn an croí a laghdú agus mar gheall air seo imphléascann sé air féin. Téitear an croí mar gheall ar an mhéadú seo sa bhrú agus, mar sin, dóitear é níos gasta arís. Mar thoradh air seo, bíonn an Ghrian ag éirí níos gile ag ráta de thuairim is deich faoin chéad gach 1.1 billiún bliain.

I gceann tuairim is 5.4 billiún bliain, beidh héiliam déanta den hidrigin ar fad i gcroí na Gréine agus ciallaíonn sé seo go mbeidh deireadh leis an phas príomhsheichimh. Nuair a tharlaíonn sin, forleathnóidh sraitheanna uachtair na Gréine go mbeidh a trastomhas thart ar 260 oiread chomh mór agus atá sé faoi láthair; déanfar fathach dearg den Ghrian. Toisc go mbeidh achar dromchla i bhfad níos mó ag an Ghrian, beidh an dromchla píosa maith níos fuaire ná mar atá ar an phríomhsheicheamh (2600 K ar a fhuaire).

Faoi dheireadh, titfidh sraitheanna uachtair na Gréine as a chéile agus is é a bheidh fágtha ná abhac bán; réad rídhlúth nach mbeidh ach leath de mhais na Gréine tosaigh ann ach nach mbeidh ach chomh mór leis an Domhan. Cruinneoidh na sraitheanna uachtair díchurtha le rud ar a dtugtar réaltnéal pláinéadach a dhéanamh, a chuirfidh cuid den damhna a bhí sa Ghrian ar ais sa mheán idir-réaltach.