2016 Ionsaí Nice

Ar an 14 Iúil 2016, maraíodh 84 duine agus gortaíodh os cionn 100 eile mar thoradh ar ionsaí ar shlua daoine a bhí ag ceiliúradh Lá Bastille i gcathair Nice i ndeisceart na Fraince[1].

Monuments and memorials to the 2016 Nice attacks-482.jpg
2016 Ionsaí Nice

Thiomáin tiománaí an leoraí faoi luas isteach sa slua ollmhór a bhí bailithe ag taispeántas tinte ealaíne ar Promenade des Anglais sa chathair.

Mohamed Lahouaiej-Bouhlel

D'éirigh leis na póilíní tiománaí an leoraí a mharú[2].

Fear 31 bliain d'aois (Mohamed Lahouaiej-Bouhlel) de bhunadh na Túinéise a bhí ann agus bhí sé ina chónaí sa bhFrainc. Fuarthas gunnaí agus gránáidí sa leoraí agus bhí airm ar iompar ag an tiománaí.

TagairtíCuir in Eagar

  1. RTÉ (15 Iúil 2016). "83 maraithe".
  2. Le Figaro (15 Iúil 2016). "Attentat de Nice : le bilan grimpe à 84 morts".