Is teicníc le haghaidh forbairt Gréasáin é Asynchronous JavaScript And XML, nó a acrainm AJAX, a úsáidtear chun feidhmchláir Ghréasáin idirghníomhacha a chruthú. Is é a chuspóir ná an lód a bhogadh ón bhfriothálaí go dtí ríomhaire an scimeálaí.[1]

Teanga RíomhchlárúcháinAJAX
Cineálacrainm agus Inisealachas Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta cruthaithe2005 Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósJavaScript agus XML Cuir in eagar ar Wikidata
Clib Stack Exchangenasc Cuir in eagar ar Wikidata

Stair cuir in eagar

Chum Jesse James Garrett an téarma Ajax in alt a foilsíodh ar láithreán idirlín Adaptive Path i bhFeabhra 2005. Ní teicneolaíocht nua a bhí ann ach acrainm ghairid le haghaidh modhanna ríomhchlárúcháin a bhí á úsáid go forleathan le feidhmchláir idirlín idirghníomhacha a chruthú.

Teicneolaíochtaí a úsáidtear cuir in eagar

Is teaglaim ceithre theicneolaíocht atá ann fós í AJAX:

Ar nós DHTML, LAMP nó SPA, ní teicneolaíocht í AJAX seachas téarma a úsáidtear le haghaidh cur síos ar ghrúpa teicneolaíochtaí a oibríonn le chéile.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Moore, John (2008-07-07). "What is Ajax?". RIAspot.com. Dáta rochtana: 2008-07-24.

Naisc sheachtracha cuir in eagar