Achadh nan Càrn

áit lonnaithe in Albain
(Athsheolta ó Achadh an Cáirn)

Baile beag tuaithe in aice le Cille Chuithbeirt ar ard iardheisceart na hAlban is ea Achadh nan Càrn (nó Achadh a' Chàirn[1]). Tá sé suite ag 18m os cionn leibhéal na farraige, ,[2]i gcroílár réigiún Dhùn Phris is Gall-Ghaidhealaibh (Siorrachd Chille Chuithbeirt roImh 1975), idir Dhùn Droighnein agus Palnackie, ag inbhear na haillte Achadh nan Càrn, áit a sreabhann sé go Bhàgh Achadh nan Càrn, san Linne Shalmhaigh.[3] Tá sé 33km ó Dhùn Phris, 113km ó Ghlaschú, 74km ón t-Sròn Reamhar agus 131km ó Dhún Éideann, príomhchathair na tíre. Níl ach 425 duine ina gcónaí sa bhaile agus is é an Béarla an chéad teanga ag formhór mhuintir na háite, cé go raibh an Ghaeilge fós beo roimh 1700. Tá geilleagar an bhaile ag brath go mór ar thalmhaíocht agus ar thurasóireacht.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAchadh nan Càrn

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54°50′31″N 3°52′19″W / 54.841971°N 3.871822°W / 54.841971; -3.871822
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheAlbain
Limistéar comhairle in AlbainComhairle Dhùn Phris is Ghall-Ghàidhealaibh Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Suíomh gréasáinauchencairn.org.uk Cuir in eagar ar Wikidata

Stair cuir in eagar

Tá fothracha sa cheantar seo ón gClochaois, ach tá an chéad taifead scríofa ar Achadh nan Càrn le fáil ó 1305 i gcairt de chuid Éadbhard I Shasana ina bhfuil ‘Aghencarne’ liostaithe i measc na dtailte ar leo ab Mhainistir Dhùn Droighnein, nuair a tháinig an t-ainm Achadh Carna le feiceáil mar bhábhún a bhain le mainistir Dhún Droighnín. Níor fhás an baile go dtí gur tógadh muileann plúir sa cheantar ag tús an 17ú hAois. Bunaíodh eaglais anseo sa bhliain 1856. Bhí smuigleáil an-choitianta sa dara leath den 17ú hAois agus is é an Smugglers' Inn an t-ainm atá ar theach tábhairnee an bhaile go dtí an lá atá inniu ann. Bhí coigealacha ar an mbaile ar feadh míonna fada i 1695. Fear darbh ainm Andrew Mackay ab ea príomh-íobairt na muice.tháinig forbairt ar bhaile go dtí gur tógadh muileann plúir sa cheantar ag tús an 17ú hAois. Bunaíodh séipéal anseo sa bhliain 1856.[5] Bhí smuigleáil an-choitianta sa dara leath den 17ú hAois agus tugtar an Smugglers’ Inn ar theach tábhairne an bhaile fós.[6] Bhí an baile céasta ag hcoigealacha ar feadh míonna fada sa bhliain 1695. Fear darbh ainm Andrew Mackay ab ea príomh-íospartach na taibhse.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Michael Bauer. “Achadh a' Chàirn - Auchencairn (D&G)” (gd). Am Faclair Beag. Dáta rochtana: 2024-01-28.
  2. Meteo Consult
  3. "Solway Coast". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2009-06-05. Dáta rochtana: 2022-08-07.