Acht Comhachta Práinne, 1939

Achtaíodh an tAcht Cumhachtaí Práinne (Emergency Powers Act) in Éirinn ar 3 Meán Fómhair 1939.[1] Thosaigh mar sin 'Ré na Práinne' ('The Emergency') ar an dáta seo.

Bosca Sonraí DoiciméadAcht Comhachta Práinne, 1939
CineálAcht den Oireachtas Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhábhardlí poiblí agus cogadh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta foilsithe1939 Cuir in eagar ar Wikidata
ÚdarAn tOireachtas Cuir in eagar ar Wikidata
Sraith
Acts of the Oireachtas 1939 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Obair iomlánTéacs iomlán Cuir in eagar ar Wikidata

Cúlra cuir in eagar

Ar an 19 Feabhra 1939 dúirt De Valera go mbeadh Éíre neodrach a chogadh.[2] Bhí a fhios ag an saol mór ag an am go raibh cúrsaí ag dul in olcas. Bhí roinnt ama don rialtas chun ullmhú mar sin.

Ach ina dhiaidh sin is uile, ritheadh an tAcht faoi dheifir mhíchuibhiúil.[3] Ar an 1 Meán Fómhair 1939, rinne na Naitsithe ionradh ar an bPolainn, ionsaí a chur tús i ndáiríre leis an Dara Cogadh Domhanda. D'fhógair an Ríocht Aontaithe cogadh ar an nGearmáin ar an 3 Meán Fómhair agus achtaíodh Achtaíodh an tAcht Cumhachtaí Práinne an lá céanna.

 
Dáil Éireann

An tAcht cuir in eagar

Thug an tAcht an t-údarás don rialtas ...

chun socruithe do dhéanamh i dtaobh slándáil an phobail do chur in áirithe agus an stát do chaomhna in aimsir chogaidh agus, go sonnrách, chun socruithe do dhéanamh i dtaobh an oird phoiblí do choimeád agus i dtaobh soláthairtí agus seirbhísí do chur ar fáil agus do rialú atá riachtanach do shaol na ndaoine agus chun socruithe do dhéanamh i dtaobh nithe iomdha eile...

D'fhan an Saorstát taobh amuigh den chogadh, neodrach. Bhítí, fiú, ag seachaint an chogaidh mar ábhar plé sna nuachtáin.

Chuaigh an tAcht as feidhm ar 2 Meán Fómhair 1946. Ach chuir sé tús le tréimhse éigeandála a lean ar aghaidh go dtí 1976, creid nó ná creid - nuair a tháinig éigeandáil eile (maidir leis an gcoinbhleacht faoi arm i dTuaisceart Éireann) ina háit, nár cuireadh stop leis ach amháin sa bhliain 1994.[4]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. achtanna.ie (1939). "Téacs". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-09-03. Dáta rochtana: 2021.
  2. RTÉ
  3. oireachtas.ie (1939). "Díospóireachtaí". Dáta rochtana: 2021.
  4. Scoil Dlí, COBÁC (2018). "an tAcht Comhachta Práinne, 1939.". Dáta rochtana: 2021.