Acht um Rialtas na hÉireann 1914


Ritheadh an Government of Ireland Act 1914 (4 & 5 Geo. 5 c. 90), nó An tAcht um Rialtas na hÉireann 1914 ar 18 Meán Fómhair 1914 (aontú an Rí ar an lá seo). Ritheadh an t-acht d'ainneoin gur cuireadh go láidir ina aghaidh i dTeach na dTiarnaí ar feadh na mblianta.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAcht um Rialtas na hÉireann 1914
CineálPublic General Act of the Parliament of the United Kingdom (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana1914 Cuir in eagar ar Wikidata
Fógairt18 Meán Fómhair 1914 Cuir in eagar ar WikidataParlaimint na Ríochta Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta foilsithe1914 Cuir in eagar ar Wikidata
TírRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata

Stair cuir in eagar

1912 cuir in eagar

Sa bhliain 1912 chuir rialtas H. H. Asquith an Tríú Bille Dúchais chun tosaigh (chuaigh sé ar leabhar na ndlíthe). D'fhéadfadh na Tiarnaí bloc a chur ar Bhille le haghaidh trí sheisiún.

 
John Redmond, 1917 - fear briste

1913 cuir in eagar

I mí Eanáir 1913, ritheadh an Tríú Bille Rialtas Dúchais i dTeach na dTeachtaí ach diúltaíodh dó i dTeach na dTiarnaí[1]. Ar an 16 Eanáir 1913, léadh an bille an chéad huair i dTeach na dTeachtaí (ar son an Bhille 367; in aghaidh 257)[2]. Ag deireadh na míosa (30 Eanáir 1913), áfach, bualadh an Bille i dTeach na dTiarnaí (326 vóta in aghaidh 69, le Lord Lansdowne i mbun)[3].   Nuair a diúltaíodh don Bhille Rialtas Dúchais ar an 30 Eanáir, 1913, mar sin, tháinig an Bille ar ais go dtí Teach na dTeachtaí le haghaidh an dara vótáil, i mí Iúil 1913.

Ar an 25 Bealtaine 1914, léadh an bille an tríú huair  i dTeach na dTeachtaí. Glacadh leis le móramh ollmhór i bhfabhar (77). Bualadh an Bille i dTeach na dTiarnaí arís ach tugadh Aontú na Banríona don Bhille níos déanaí (an próiseas a chuireann bille ar bhonn reachtúil)[4].

1914 cuir in eagar

 
Seoirse V

Ar an 23 Meitheamh 1914, de réir Bille a thugtar isteach i dTeach na dTiarnaí, moltar contaetha áirithe in Ulaidh a choinneáil sa Bhreatain má chuirtear Rialtas Dúchais i bhfeidhm in Éirinn riamh.

Mar thoradh air sin, rith an bille trí Thithe an Pharlaimint i ndeireadh báire, agus fuair sé an t-aontú ríoga i lár na bliana 1914. Ach ag an am céanna, d’eagraigh Rí na Breataine, Seoirse V, comhdháil ag Pálás Buckingham ar 21-24 Iúil 1914 le teacht ar réiteach ar “fhadhb na hÉireann.” Ní raibh aon rath ar an gcomhdháil.

Ar an 4 Lúnasa 1914, d’fhógair an Bhreatain cogadh ar an nGearmáin. Spreag sé seo Príomh-Aire na Breataine reachtaíocht a dhréachtú chun Rialtas Dúchais a chur siar.

Tugadh Aontú an Rí ar ar 18 Meán Fómhair 1914.

De dheasca an Chéad Chogaidh Dhomhanda, is cosúil, níor cuireadh an an tAcht i bhfeidhm riamh. Ach b'é sin leithscéal a chodail amuigh b'fhéidir.

Léirigh glacadh Theach na dTeachtaí leis an mBille ach diúltú Theach na dTiarnaí dó a chasta is a bhí an díospóireacht seo.

Ar aon nós, ba léir go raibh athrú ag teacht ar an gcaidreamh idir Éire agus an Ríocht Aontaithe agus an reachtaíocht rite ag na Teachtaí an chéad lá. Spreag na vótaí seo lear mór eachtraí a raibh tionchar nach beag acu ar imeachtaí na mblianta ina ndiaidh

1920 cuir in eagar

Ba é an tAcht um Rialtas na hÉireann sa bhliain 1920 an tAcht deifnídeach, ach níor cuireadh an ceann sin féin i bhfeidhm ach amháin i dTuaisceart Éireann.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. DFA.ie. "‘Ócáid thábhachtach i stair na tíre’ ba ea daingniú agus diúltú an Bhille Rialtas Dúchais i mí Eanáir".
  2. The Irish Home Rule Bill,  Annie G. Porritt, Political Science Quarterly, Vol. 28, No. 2 (Jun., 1913), pp. 298-319   https://www.jstor.org/stable/2141348
  3. Irish Home Rule, 1867-1921,   Alan O'Day, lch 254
  4. Alan O'Day, Irish Home Rule, 1867-1921, lch 254 agus https://www.jstor.org/stable/2141348?seq=1#page_scan_tab_contents agus Joseph P. Finnan,  John Redmond and Irish Unity: 1912 - 1918, lch 57