Marú Aidan McAnespie (1988)

(Athsheolta ó Aidan McAnespie)

Fear óg Caitliceach ab ea Aidan McAnespie, a lámhachadh ag seicphointe míleata i gCo Thír Eoghain ar 21 Feabhra 1988. B'fhear Caitliceach Éireannach é Aidan McAnespie (1965 - 21 Feabhra 1988). Mharaigh saighdiúir Briotanach é in Achadh na Cloiche, Contae Thír Eoghain le linn na dTrioblóidí.[1][2]

Infotaula de personaMarú Aidan McAnespie
Beathaisnéis
Breith1965
Achadh na Cloiche, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1988
22/23 bliana d'aois
Siocair bháisTráma balaistíoch
Gníomhaíocht
Gairmgníomhaí polaitiúil Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
David Holden ar chlé, 2022 ; Aidan McAnespie ar dheis

Imeachtaí cuir in eagar

De ghnáth bhí McAnespie obair i Monaghan Poultry Products.[3]

Mheas an RUC go raibh sé ag bailiú faisnéise faoi bhaill de na fórsaí slándála sa cheantar agus á tabhairt d’aonaid áitiúla an IRA. Ach séanadh i gcónaí go raibh Aidan McAnespie ina bhall den IRA.[4]

Ghearáin McAnespie go minic roimh a mharú go raibh saighdiúirí na Breataine á chiapadh go rialta. Bhí cáil áirithe ar Aidan sa cheantar mar gur bhaist an nuachtán Sunday World ‘Ireland’s most searched driver’ air mar gheall gur rinneadh corpchuardach air deich n-uaire in imeacht aon lá dhéag. Go deimhin, rinneadh cuardach dian air an lá sular maraíodh é sa bhunáit mhíleata ar an bhaile.

Bhí McAnespie ina bhall den chlub áitiúil, Achadh Lú Uí Néill, atá lonnaithe i gcontae Thír Eoghain ach a bhí sa stráice talún idir pointe seiceála arm na Breataine agus an teorainn le contae Mhuineacháin. Go díreach sular thosaigh an cluiche, chuaigh sé chun milseáin a cheannach i stáisiún peitril a bhí tuairim is céad méadar ón phointe seiceála. Ach maraíodh é sular bhain sé an siopa amach. Dúradh gur bhuail piléar amháin sa chliabhrach é agus go raibh sé 200 méadar ón phointe seiceála nuair a fuair sé bás.[4]

Mhaigh Fórsaí na Corónach ag an am gur scaoileadh an gunna de thimpiste.[5] B’amhlaidh, a dúradh, gur scaoileadh an t-urchar nuair a thit gunna ó lámha an tsaighdiúra a bhí á ghlanadh. Níor aontaigh finnéithe leis an leagan sin den scéal. Bhí Rialtas na hÉireann fíoramhrasach faoi fosta.[4]

Cóir cuir in eagar

Fiosrúchán na nGardaí cuir in eagar

An lá ina dhiaidh, ar 22 Feabhra, d’fhógair Rialtas na hÉireann go gcuirfeadh Leas-Choimisinéir na nGardaí fiosrúchán ar bun faoin dóigh a maraíodh McAnespie, neamhghnách amach is amach, siocair nach raibh siad sásta leis an mhíniú a thug fórsaí slándála na Breataine ar a bhás.

Státrúnaí an Tuaiscirt, Tom King, ar mire glan faoin fhiosrúchán. Sular fógraíodh an t-iniúchadh go poiblí d’inis Ambasadóir na Breataine chun na hÉireann, Nicholas Fenn, do Noel Dorr ón Roinn Gnóthaí Eachtracha gur údar mór imní ab ea é go raibh sé i gceist fiosrúchán oifigiúil a bhunú faoi nithe a tharla i ndlínse s’acusan agus go mbeadh míle murdar ann dá gcaithfeadh Rialtas na Breataine leis an Phoblacht ar an dóigh céanna.[4]

Ba i ndlínse na Poblachta amháin a bhí fiosrúchán Crowley ag feidhmiú, rud a chuir srian ar a gcuid oibre. Ní raibh a fhoireann ábalta cuairt a thabhairt ar an láthair, scrúdú fóiréinseach a dhéanamh ar an ghunna ná an té a bhíothas in amhras faoi a cheistiú. Mheas Rialtas na hÉireann go mbeadh drogall ar fhinnéithe áirithe labhairt leis an RUC agus gur túisce a roinnfeadh siad a gcuid eolais leis na Gardaí.

Ghlac an fiosrúchán ráitis ó 49 duine ina iomláine, líon nach beag. Cuireadh an tuarascáil faoi bhráid an rialtais ar an 8 Aibreán 1988 ach níor foilsíodh é.[4]

Cé nár foilsíodh Tuarascáil Chrowley ariamh, nocht an iris Comhar na príomhthátail sa bhliain 2021.[6][7][8] Ní raibh aon ghlacadh a bheag nó a mhór ag Leas-Choimisinéir an Gharda Síochána leis an mhíniú gur trí thaisme a scaoileadh an t-urchar. Ina theannta sin, bhí Crowley fíorcháinteach faoin síorchiapadh a rinne na fórsaí slándála air.

Dúnorgain agus fíneáil £370.86 cuir in eagar

Cúisíodh saighdiúir in Arm na Breataine, David Holden i ndúnorgain Aidan McAnespie i dtosach i 1988. D’fhógair an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí sa Tuaisceart i mí Mheán Fómhair, 1988, nach rabhthas le leanstan leis an chás in éadan Holden, cheal fianaise.[4]

I mí na Nollag 1988, ghearr an t-arm fíneáil £370.86 ar David Holden.[9]

2016-2023 cuir in eagar

Rinneadh athbhreithniú ar an gcás - ar iarratas mhuintir McAnespie - agus cinneadh in 2016 an dlí a chur arís ar an saighdiúir. D’iarr Ard-Aighne an Tuaiscirt, John Larkin, ar an tSeirbhís Ionchúiseamh Poiblí athbhreithniú a dhéanamh faoi dheireadh.

Ar 25 Samhain 2022, i gcúirt i mBéal Feirste, ciontaíodh Holden (52 bliain d'aois ag an am) i ndúnorgain McAnespie,[5] D'admhaigh sé gurbh é ba chionsiocair le marú McAnespie ach mhaígh sé nárbh in aon turas é. Thug David Holden le fios sa triail go raibh a lámha fliuch ag an am agus gur de thaisme a scaoil sé trí philéar as meaisínghunna trom a bhí sé a láimhseáil ag an seicphointe. Dúradh gur bhuail na trí philéar an bóthar, gur athscinn siad agus gur bhuail ceann acu Aidan McAnespie sa droim.[5]

Dúirt an Breitheamh John O'Hara sa chúirt gur thug David Holden cuntas bréagach ar ar tharla agus rialaigh sé gur dúnorgain le teann mórfhaillí an bhí ann.

Ar 2 Feabhra 2023, i gcúirt i mBéal Feirste, gearradh téarma príosúin trí bliana ar fionraí ar Holden.[10]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "The killing of Aidan McAnespie | An Phoblacht". www.anphoblacht.com. Dáta rochtana: 2022-11-27.
  2. "Death of Aidan McAnespie: Irish government refuses to hand over report" (en-GB). belfasttelegraph. Dáta rochtana: 2022-11-27.
  3. "Date set for legal challenge to case against former soldier accused of Aiden McAnespie manslaughter" (en). The Irish News (2020-07-04). Dáta rochtana: 2022-11-26.
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 4.4 4.5 Breandán Delap (25 Samhain 2022). "Níor stad a theaghlach ariamh ag éileamh an chóir do Aidan McAnespie" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-11-27.
  5. 5.0 5.1 5.2 Nuacht RTÉ (2022-11-25). "Iarshaighdiúir ciontaithe i ndúnorgain Aidan McAnespie" (as ga-IE). 
  6. Wed, 21 Feb, 2018 - 14:28 (2018-02-21). "Full report into Aidan McAnespie shooting will not be released" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2022-11-26.
  7. Wed, 21 Feb, 2018 - 14:28 (2018-02-21). "Full report into Aidan McAnespie shooting will not be released" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2022-11-27.
  8. Comhar (2021). "Eolas nua faoi mharú Aidan McAnespie…" (ga-IE). Comhar. Dáta rochtana: 2022-11-27.
  9. "Aidan McAnespie killing: Prison term for ex-soldier David Holden 'would be unjust'" (en-GB). BBC News (2023-01-27). Dáta rochtana: 2023-02-05.
  10. Nuacht RTÉ (2023-02-02). "Príosún ar fionraí gearrtha ar iarshaighdiúir faoi dhúnorgain" (as ga-IE).