Ailill Cruitire

Rí Bhreá

Rí Bhreá de rítheaghlach Shíol Aodha Sláine, géag d'Uí Néill an Deiscirt, ba ea Ailill Cruitire mac Aodha Sláine (Sean-Ghaeilge Ailill Cruitire mac Áedo Sláine) (na 634). An tArdrí Áed Sláine mac Diarmada (bás 604) ba ea a athair.[1]

Ailill Cruitire
Ríthe Bhreá

Saol
Bás 634
Muintir
Athair Aodh Sláine
Páistí
Siblíní
Gairm
Gairm monarc

Ní fheictear sna hannála dáta a theacht i réim. Tugtar an teideal rí Bhreá dá dheartháir, Conghal, murab ionann agus Ailill féin.[2]

Tuairiscítear sna hannála gur cloíodh agus maraíodh Ailill agus a dheartháir Conghal were defeated and slain sa bhliain 634 i Cath Loch Trethin ag an té féin, Conall Guthbinn de Chlann Cholmáin, a bhí a n-athair maraithe aige. Tugtar anseo an teideal rí Bhreá ar Chonghal, murab ionann is Ailill.[3][4]

Feictear dán sa Leabhar Laighneach, ámh, a mhaíonn gur maraíodh Ailill i gCath Átha Goan ar bhruacha iarthair na Life sa bhliain 633 le linn achrann cathartha Laigean, agus Conall Guthbhinn arís an buaiteoir lena chomhghuaillí, Faolán mac Colmáin (bás 666?) Uí Dhúnlainge.[5]

Sinsear Shíol Dlúthaigh (Síl nDlúthaig), ar a glaodh fosta Fir Cúl Breg, ba ea Ailill Dlúthach mac Ailealla. Rí Fhir Cúl ba ea a gharmhac, Aodh mac Dlúthaigh (bás 701).[6]

Féach freisinCuir in Eagar

FoinsíCuir in Eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. Francis J. Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 2.
  2. Tá Ailill an ceathrú rí Bhreá in Byrne, Tábla 2.
  3. Annála Uladh, AU 634.1
  4. Annála Tiarnaigh, AT 637.1.
  5. Leabhar Laighneach, Flann Mainstreach: Síl Aeda Sláne Na Sleg.
  6. T. M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, Aguisín II.