Feadán cúng ar bhuaic an chaocháin, 2-20 cm ar fhad. Tá an caochán féin ina mhála caoch ag tús na stéige móire. I gcás duine fhásta le claonadh a aipindic a bheith ionfhabhtaithe athlasta, ní mór í a bhaint go práinneach trí obráid. Tuiscint amháin atá ann gur rianbhall den cholainn í, ball gan éifeacht ag an gcéim seo den éabhlóid, ach go mb'fhéidir go raibh feidhmeanna aici am dá raibh. Den chuid is mó, ball dothuigthe rúndiamhrach sa cholainn. De réir a chéile tá an tuiscint á forbairt go bhfuil ról aici i ndéanamh antashubstaintí sa chóras imdhíonach.

WD Bosca Sonraí AnatamaíochtAipindic
Gray536.png
Sonraí
Laidin appendix vermiformis
Cuid de putóg mhór
appendicular artery (en) Aistrigh
appendicular vein (en) Aistrigh
Aitheantóirí
MeSH D001065
TA A05.7.02.007
FMA 14542 : il-aiseachordlathach
Acmhainní seachtracha
Gray p.1178
EB Online science/appendix
Téarmaíocht anatamaíoch


Suíomh na haipindice

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar