Próiseas ina n-iompraítear eolas (tugtar aischothú ar an eolas féin freisin) go dtí foinse an aschuir bhunaidh.

Glúcós fola agus aischothú diúltach

Tháinig an téarma ón innealtóireacht agus córais rialú aischothaithe ar dtús.

Baineadh feidhm as sa chibirnitic, agus cuirtear i bhfeidhm é i meaisíní de gach saghas is i gcumarsáid ainmhithe is daoine.

Ligeann sé do sheoltóir monatóireacht a dhéanamh ar na teachtaireachtaí a glacadh, agus aon mhionathrú is gá a dhéanamh sa réadam.

Rialú aischothaithe cuir in eagar

Próiseas ina ndéanann an córas féin a aschur a bhrath is a thomhas, agus na sonraí sin a ionchur sa chóras chun feidhmiú an chórais a athrú an t-am ar fad is aschur ar leith a sholáthar.

Samplaí

  • Déanann an teirmeastat rialú aischothaithe ar theocht an tseomra. Tomhaiseann sé teocht an tseomra agus rialaíonn an téitheoir, á lascadh ann nó as, chun an teocht a choimeád cuibheasach tairiseach.
  • Tá córais fhíorchasta ann ina bhfeidhmíonn ríomhaire chun na comharthaí braite a phróiseáil agus comharthaí stiúrtha a sholáthar don chóras chun é a athrú ar bhealach áirithe.
  • Tagann córais mar seo i gceist i gcúrsaí uathoibrithe is róbaitice freisin.[1]
 
aischothú diúltach

Coincheapa cuir in eagar

  • aischothú deimhneach
 
aischothú diúltach
  • aischothú diúltach
  •  
    lúb aischothaithe
    lúb aischothaithe
 
Sás aischothaithe féincheartaithe
  • sás aischothaithe féincheartaithe

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Aischothú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 28.