Alexei Navalny
Is dlíodóir agus gníomhaí polaitíochta Rúiseach é Alexei Nalavny (a rugadh ar 4 Meitheamh 1976).
SaolCuir in Eagar
Fuair Nalavny céim sa dlí ó Ollscoil Rúiseach Chairdeas na Náisiún i Moscó sa bhliain 1998. Bhí sé ag staidéar ina dhiaidh sin in Ollscoil Airgeadais faoi Rialtas Chónaidhm na Rúise i Moscó agus bhí sé ina Chomhalta Domhanda Greenberg in Institiúid Jackson um Ghnóthaí Domhanda in Ollscoil Yale sa bhliain 2010.[1]
AgóidíochtCuir in Eagar
Go luath i ndiaidh dó a chéim a bhaint amach sa bhliain 1998 chuaigh sé isteach i gcúrsaí polaitíochta mar dhuine a sheas go daingean in aghaidh réimeas Vladimir Putin. Ón am sin, bhain sé cáil amach mar scairshealbhóir gníomhaíoch agus feachtasóir in aghaidh na héillitheachta i gCónaidhm na Rúise, agus é ag baint úsáid shuntasach as an idirlíon chun a chuid tuairimí a chur os comhair an tsaoil mhóir.
Is iomaí sin uair a gabhadh é féin le linn léirsithe polaitiúla agus cúisíodh arís is arís eile é, ós rud é gur cuireadh cúbláil, calaois agus sciúradh airgid ina leith. Ciontaíodh dhá uair é agus gearradh téarma príosúin cúig bliana air i gcás amháin agus téarma príosúin trí bliana go leith air sa chás eile, ar fionraí sa dá chás. Shocraigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine gur tháinig an dá phianbhreith seo i ndiaidh gur séanadh an ceart chun trialach cothroime ar Navalny. Ceapann Navalny, a lucht tacaíochta agus a lán breathnóirí neamhchlaonta gur chúrsaí polaitíochta ba chúis leis na himeachtaí coiriúla ina aghaidh agus go raibh siad á ndíriú ag a chéilí comhraic polaitiúla.[1]
Fuair Navalny breis is 27% de na vótaí i dtoghchán méarachta Mhoscó 2013. Séanadh an ceart chun bheith ina iarrthóir i dtoghchán uachtaránachta 2018 air, toisc gur ciontaíodh é as cionta coiriúla. Meastar go forleathan fós gurb é an céile comhraic is scanrúla don Uachtarán Putin taobh istigh de Chónaidhm na Rúise.[1]
Faoi chos, 2020-2021Cuir in Eagar
Mhair Navalny i ndiaidh iarracht chun é a nimhiú, dar le beagnach cách, i mí Lúnasa 2020. deirtear gur tugadh an nimh Novichok do Navalny nuair a bhí sé ar eitilt go Moscó. D’éirigh sé tinn is tugadh go dtí ospidéal sa tSibéir é sular aistríodh é go Beirlín na Gearmáine. Dúirt a lucht leanúna go ndearna an stát Rúiseach iarracht é a mharú.[2]
Aslonnaíodh chun na Gearmáine le haghaidh cóireála leighis é.
Nuair a d'fhill Navalny ar an Rúis, cuireadh a phianbhreith fionraí príosúin trí bliana go leith i ngníomh ar bhonn sárú liomhnaithe ar a pharúl agus tá pianbhreith dhá bhliain go leith á chur isteach aige dá bharr sin Leanann údaráis na Rúise orthu ag caitheamh lena ghluaiseacht iomlán mar sceimhlitheoirí agus antoisceach, in ainneoin agóidí forleathan ina choinne sin ó gach cearn den domhan.[1]
Sa bhliain 2021, bhí smachtbhannaí gearrtha ag Stáit Aontaithe Mheiriceá ar sheachtar feidhmeannach sinsearach de chuid na Rúise. Bhí údaráis Mheiriceá den tuairim go raibh Rialtas na Rúise freagrach as an nimhiú a rinneadh ar Navalny.[3]
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 Scoil Dlí, COBÁC (2021). "Alexei Navalny". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ Eoin Ó Murchú (2020). "Táthar ag iarraidh diabhail a dhéanamh de na Rúisigh arís" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-06-05.
- ↑ Nuacht RTÉ (2021-03-02). "Smachtbhannaí gearrtha ag Meiriceá ar an Rúis faoi nimhiú Navalny" (as ga).