Is éard is alfa-cháithnín ann na cáithnín cumaisc luchtaithe, arb ionann é is ian héiliam, a bhfuil dhá phrótón is dhá neodrón ann. Ernest Rutherford a d'aithin sin den chéad uair i 1906. Nuair a astaítear sruth de na cáithníní seo le linn meata radaighníomhaigh, tugtar alfaradaíochtalfaghathanna air. De réir cineáil, taistealaíonn sé cúpla ceintiméadar san aer sula stopann na hadaimh aeir é. Agus é ag imoibriú le damhna, cuireann sé tús le táirgeadh cuid mhaith ian, rud a dhéanann an-chuid dochair i bhfíocháin bhitheolaíocha.[1]

Alfa-cháithnín

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Alfacháithnín". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 31.