Alice Munro

scríbhneoir Ceanadach

Is scríbhneoir gearrscéalta Ceanadach í Alice Ann Munro. Leis an sloinne Laidlaw a rugadh í ar an 10ú lá Mí Iúil 1931. Bronnadh an Duais Idirnáisiunta Booker uirthi as iomlán shaothair a saoil, chomh maith le Gradam an Ghobharnóra Ghinearálta i gCeanada faoi thrí. Bronnadh Duais Nobel na Litríochta uirthi sa bhliain 2013. Áirítear í go forleathan mar dhuine de na scríbhneoirí ficsin is tábhachtaí an lae atá inniu ann, cé nach mbíodh a hainm i mbéal na ndaoine chomh minic agus a bhíonn ainmneacha roinnt úrscéalaithe eile.

Infotaula de personaAlice Munro

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Alice Ann Munro
10 Iúil 1931
92 bliana d'aois
Wingham, Ontario Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Iarthar Ontario Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Réimse oibreGníomhaíocht liteartha agus prós
Suíomh oibre Clinton (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmscríbhneoir, gearrscéalaí, úrscéalaí, scríbhneoir scripte, iriseoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1950 –
Ball de
SeánraGearrscéal
Faoi thionchar
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
Céileluach anaithnid (1951–1972), colscaradh
Gerald Fremlin (1976–2013), bás a c(h)éile Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm0613084 Musicbrainz: 46a68521-aa4e-4f2e-b291-e763bc73f1b7 Discogs: 1667958 Cuir in eagar ar Wikidata

A hóige agus saol pearsanta cuir in eagar

 
Wingham, Ontario

Rugadh Munro i dteaghlach a rinne feirmeoireacht sionnach, minceanna agus éanlaithe i Wingham, Ontario. Ba iad Robert Eric Laidlaw agus Anne Clarke Laidlaw (née Chamney) a tuismitheoirí. Múinteoir scoile a bhí ina máthair.

Chuaigh Alice Munro i gceann scríbhneoireachta agus ise fós ina déagóir. Foilsíodh an chéad scéal léi, “The Dimensions of a Shadow”, nuair a bhí sí ag déanamh léinn ag Ollscoil Western Ontario sa bhliain 1950. D’oibrigh sí insna blianta úd freisin mar fhreastalaí, mar chléireach leabharlainne, agus mar bhainteoir tobac.

Sa bhliain 1951, d’éirigh sí as a cuid staidéar ag an ollscoil—Béarla an príomhábhar a bhí ansin aici—chun fear darbh ainm James Munro a phósadh. Chuir siad fúthu in Vancouver, sa Cholóim Bhriotanach. Rugadh triúr iníonacha dóibh sna blianta 1953, 1955, agus 1957, Sheila, Catherine, agus Jenny faoi seach; fuair Catherine bás go gearr i ndiaidh a breithe.

Sa bhliain 1963, bhog siad go Victoria mar ar oscail siad siopa leabhar, Munro’s Books. Rugadh iníon eile dóibh, Andrea, sa bhliain 1966.

 
Contae Huron, Ontario

A cuid scríbhneoireachta cuir in eagar

Fuair an chéad bhailiúchán gearrscéalta aici, Dance of the Happy Shades (1968), an-fháilte agus bronnadh Gradam an Ghobharnóra Ghinearálta, an duais litríochta is airde i gCeanada, ar an leabhar.

Tá an fócas i ngearrscéalta Munro dírithe ar staid an duine daonna agus ar an gcaidreamh idir dhaoine sa saol laethúil. Ní hionann leis an gclú idirnáisiunta atá uirthi, bíonn a cuid ficsin suite i gcuid sách teoranta den Domhan, mar atá iardheisceart chúige Ontario, i gContae Huron go háirithe. Iniúchann sí an saol go grinn in a cuid scríbhneoireachta agus é sin ar bhealach soléite.

D'fhógair sí i mí Iúil na bliana 2013 go mbeadh sí ag éirí as an scríbhneoireacht.[1]

Foilseacháin cuir in eagar

Cnuasaigh ghearrscéalta cuir in eagar

  • Dance of the Happy Shades, 1968 (Governor General's Award for Fiction, 1968)
  • Lives of Girls and Women
  • Something I've Been Meaning to Tell You, 1974
  • Who Do You Think You Are?, 1978 (Governor General's Award, 1978), foilsithe freisin faoin teideal The Beggar Maid
  • The Moons of Jupiter, 1982 (ainmnithe don Governor General's Award)
  • The Progress of Love, 1986 (Governor General's Award, 1986)
  • Friend of My Youth, 1990 in (Trillium Book Award)
  • Open Secrets, 1994 (ainmnithe don Governor General's Award)
  • The Love of a Good Woman, 1998 (Giller Prize)
  • Hateship, Friendship, Courtship, Loveship, Marriage, 2001 (foilsithe freisin mar Away From Her)
  • Runaway, 2004 (Giller Prize)
  • The View from Castle Rock, 2006
  • Too Much Happiness, 2009
  • Dear Life, 2012

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Munro Puts Down Her Pen", The New York Times, 2 Iúil 2013, lch. C1