Sa Rúraíocht, gaiscíoch agus file ab ea Amergin[1] mac Eccit i gcúirt Chonchúir mhic Neasa, rí na nUladh. Ba ghabha é a athair, Eccet Sálach. Phós Amhairghin Fionnchaomh, deirfiúr Chonchúir. Ba é Conall Cernach a mac, agus Cú Chulainn a mac altrama.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarAmergin mac Eccit
Cineálduine ficseanúil Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
CéileFionnchaomh Cuir in eagar ar Wikidata
LeanaíConall Cearnach Cuir in eagar ar Wikidata

Comharba Athirne, file cuir in eagar

D'fhás Amhairgin gan labhairt gan ní féin go raibh sé ceithre bliana déag d'aois. Chuir Athirne, príomhfhile na nUladh, a shearbhónta amach chuig Eccet lá, um tua a iarraidh. Tugadh geit as an searbhónta nuair a aithrísigh Amergin dán rúnda seanórtha, agus rith abhaile chun a insint dá mháistir 'séard a chuala sé.

Shocraigh Athirne an buachaill a mharú, ar eagla go dtóga sé a phost, ach chuir Eccet a mhacasamhail as cré ina áit. Tháinig Athirne, agus tharraing sé buille air leis a thua úr. D'imigh leis, agus Amhairghin marbh, dar leis. Chuir na hUlaidh Athirne faoi léigear ina thigh. Mar chúiteamh d'Eccet, b'éigean dó Amhairghin a thógáil mar mhac altrama agus ealaín na filíochta a mhúineadh dó. In am trátha, tháinig Amhairghin i gcomharbacht ar Athirne mar phríomhfhile na nUladh.[2]

Sa Táin Bó Cúailnge cuir in eagar

I rith na Tána, chuir Amhairghin moill ar arm na gConnacht á radadh le hollchlocha ar feadh trí lá is oíche. Chaith Cú Roí, laoch na Mumhan, clocha ar ais. Bhuail na clocha le chéile san aer, ag scaipeadh na háite le smidiríní cloch, gur impigh Méabh go n-éirí siad as. D'aontaigh siad go stopfaidís agus go bhfillfeadh Cú Roí go Mumhain. agus é ach imithe, lean Amhairghin ar aghaidh le caitheamh na gcloch, ag áitiú go raibh a chomhaontú le Cú Roí amháin. I ndeireadh na dála, d'aontaigh sé go stopfadh go dtí uair na catha deireanaí.[3] Tá leagan eile den scéal sa chéad athleagan na Tána, ina bhfuil na comhraiceoirí iad Cú Roí agus Munremar mac Gerrcind.[4]

Scéalta eile cuir in eagar

Coimpeart Chú Chulainn...

Mharaigh Amhairghin an t-arracht trícheannach, Ellén Trechend, a ionsaíodh ar Éirinn ón uaimh ag Cruachan.[5]

Tagairtí cuir in eagar

  1. a litrítear Amhairgin, Amorgen, Aimhirghin freisin
  2. John Carey, “Tales from the Ulster Cycle”, The Celtic Heroic Age (eag. John T Koch & John Carey), 1997, ll. 48-133
  3. Cecile O'Rahilly, Táin Bó Cúailnge from the Book of Leinster, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1967, ll. 244-245
  4. Cecile O'Rahilly, Táin Bó Cúailnge Recension 1, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1976, ll. 169-170
  5. James MacKillop, Dictionary of Celtic Mythology, Oxford University Press, 1998, ll. 13-14