An Úisbéiceastáinis
Teanga Tuircice is ea an Úisbéiceastáinis nó an Úisbéicis (O‘zbek tili nó Ўзбек тили). Labhraíonn 23.5 milliún duine í, go háirithe san Úisbéiceastáin. Tá cuid mhór canúintí ann, agus iad an-difriúil le chéile, ach mar sin féin, tuigeann na hÚisbéicigh go léir an chanúint chaighdeánaithe.
Úisbéiceastáinis (O‘zbek tili, Ўзбек тили, أۇزبېك ﺗﻴﻠی) | |
---|---|
Á labhairt: | An Úisbéiceastáin, an Chirgeastáin, an Afganastáin, an Chasacstáin, an Tuircméanastáin, an Táidsíceastáin, an Rúis, an tSín, an Tuirc, an Araib Shádach, Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Réigiún: | an Áise |
Cainteoirí san Iomlán: | 23.5 milliún |
Rang: | 46 |
Líne ghinealaigh: | Altaeis |
Stádas Oifigiúil | |
Teanga Oifigiúil: | An Úisbéiceastáin |
Foras Pleanála Teanga: | Rialtóir ar bith |
Cóid teangeolaíocha | |
ISO 639-1 | uz |
ISO 639-2 | uzb |
ISO 639-3 | uzb |
Amharc ar: Teanga – Liosta Teangacha |
Cosúil leis na teangacha Tuircice eile, fuair an Úisbéiceastáinis a lán focal ar iasacht ón bPeirsis agus ón Araibis. Thairis sin, áfach, d'imir an Pheirsis (nó an Táidsícis) an-tionchar ar fhuaimeanna na hÚisbéiceastáinise, ionas nach bhfuil comhcheol na ngutaí sa teanga chaighdeánach, cé gur ceann de na saintréithre is tábhachtaí é ag na teangacha Tuircice. Bíonn sé le fáil ina lán canúintí, áfach.
Roimh bhlianta an tSóivéadachais, ba nós leis na hÚisbéicigh a gcuid scríbhneoireachta a dhéanamh san aibítir Arabach. Tugtar "Chagatay" nó "Chag'otay" ar an gcineál caighdeán a bhí acu san am sin. Bhí an teanga Chagatay á saothrú ag lucht labhartha na dteangacha Tuircice ar fud Lár na hÁise go dtí gur thosaigh na húdaráis Shóivéadacha ag forbairt leaganacha caighdeánacha de na canúintí áitiúla agus ag cur na haibítre Coireallaí i bhfeidhm orthu. B'ansin a tháinig an Úisbéicis ar an bhfód an chéad uair mar theanga scríofa ar leith.
Nuair a tháinig deireadh le ré an Aontais Shóivéadaigh, chinn na hÚisbéicigh, cosúil lena lán eile de na náisiúin iar-Shóivéadacha a raibh teangacha Tuircice á labhairt acu, ar na litreacha Laidineacha a chur in ionad na litreach Coireallach. Murab ionann agus na náisiúin eile den chineál sin, áfach, ní dhearna siad aithris ar chóras litrithe na Tuircise. Roghnaigh siad scéim thraslitrithe nach mbeadh aon litir ann nárbh fhéidir a scríobh ar an méarchlár caighdeánach Meiriceánach. Mar sin, in áit sínte fada nó comharthaí foghraíochta eile den chineál sin a ghreamú de na litreacha, chuaigh siad i dtuilleamaí uaschamóga.