Is í an Aithin, nó an Ataen (Gréigis: Αθήνα, Athína) príomhchathair na Gréige. Le trí mhilliún ina gcónaí ann, is í an t-ochtú ceantar chathrach is mó san Aontas Eorpach. Is í an Aithin príomhchathair réigiúin na hAtaice, ina bhfuil sí an ghné is suntasaí. Is í ceann de na cathracha is sine ar domhain; bhuail na chéad daoine fúthu san áit am éigin idir an 11ú agus an 7ú mílaois RC. Ainmníodh an chathair as Aitéiné, bandia shean-Ghréagach na heagna. Tá fréamhacha an daonlathais le fáil sa chathair seo ó Ré Órga na Sean-Ghréige.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Aithin
Αθήνα (el) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósAitéiné Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 37°59′03″N 23°43′41″E / 37.9842°N 23.7281°E / 37.9842; 23.7281
Stát ceannasachan Ghréig
Gníomhaireacht rialtaisDecentralized Administration of Attica (en) Aistrigh
Administrative region of Greece (en) AistrighAttica Region (en) Aistrigh
Regional unit of Greece (en) AistrighCentral Athens Regional Unit (en) Aistrigh
Municipality of Greece (en) AistrighAthens Municipality (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán643,452 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús16,498.77 hab./km²
Teanga oifigiúilan Ghréigis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla39 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde170 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síAn Aithin Chlasaiceach Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthúc. 7 mílaois "RCh"
Eachtra thábhachtach
ÉarlamhDinísias an tAiréapagach Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist104 xx-106 xx, 111 xx-118 xx agus 121 xx-124 xx Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód210 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáincityofathens.gr Cuir in eagar ar Wikidata

Ba chathairstát cumhachtach í an Aithin Chlasaiceach. B'ionad mór litríochta, léinn agus fealsúnachta í, ina raibh Acadamh Phlatóin agus Licéam Arastotaile. Luaitear í go fairsing mar thobar shibhialtacht an Iarthair agus cliabhán an daonlathais, go mór is go fada de bharr a tionchair ar pholaitíocht agus ar chultúr na hEorpa - an tSean-Róimh go háirithe. Sa lá atá inniu ann, is ardchathair mhór iltíreach í atá croílár i saol geilleagrach, airgeadúil, tionsclaíoch, muirí, polaitiúil agus cultúrtha na Gréige. I 2023, bhí thart ar 3.8 milliún duine ina gcónaí i gceantar chathrach na hAithne chomh maith leis na bailí bardais ina timpeall.

Is cathair domhanda le stádas béite í an Aithin dar leis an "Globalization and World Cities Research Network", agus is í ceann de na láithreacha geilleagracha is mó in Oirdheisceart na hEorpa. Tá earnáil airgeadais mór aici chomh maith agus is é an tríú port paisinéara is gnóthaí san Eoraip agus an 26ú port coiméadáin is gnóthaí ar domhain é port na cathrach, Piréas. I gCathair na Aithne, aonad beag riaracháin den cheantar chathrach iomlán, bhí daonra 643,452 (i 2021) taobh istigh dá teorainn oifigiúil, le hachar de 38.96 km2. Síníonn ceantar cheannchathrach na hAithne, nó an Aithin Mhór amach thar a limistéar bardasach agus riaracháin chomh maith lena ceirtleán uirbeach, le daonra 3,638,281 (i 2021) ar fud achair 2,928.717 km2. Is í an Aithin an phríomhchathair is fada ó dheas ar mhór-roinn na hEorpa fosta.

Tá oidhreacht Chlasaiceach na cathrach fós soléir, mar a léiríonn na séadchomharthaí ársa, is na saothair ealaíne, dá bhfuil an Partanón an ceann is cáiliúla, luaitear mar shainchomhartha barrthábhachtach de luathchultúr an Iarthair. Tá cuid shéadchomharthaí Rómhánacha is Biosántacha agus cuid níos lú sheádchomharthaí Otamánacha sa chathair, agus tá rianta de leanúnachas na mílte blianta le feiceáil ina croí stariúil uirbeach.

Tá 4.5 milliún duine ina gcónaí sa chathair faoi láthair, níos mó ná an tríú cuid de dhaonra na Gréige. Bhí na chéad Cluichí Oilimpeacha nua-aimseartha ar siúl sa chathair sa bhliain 1896 agus iad ar siúl ann den dara huair sa bhliain 2004.

 
An Partanón

Is é an láithreacht daonna is luaithe atá ar eolas ná Uaimh Schist, a théann siar go dtí an tréimhse idir an 11ú agus an 7ú mílaois RC. Tá cónaí ar daoine san Aithin ar feadh 5,000 bliain ar a laghad (3,000 RC). Faoi 1400 RC, bhí an lonnaíocht ina hionad tábhachtach de chuid na Mícéanach, agus ar an suíomh ina bhfuil an Acrapail bhí dún Mícéanach, ar féidir a iarsmaí a fheiceáil i gcodanna de na ballaí Chioclópacha sainiúla. Murab ionann agus ionaid Mhícéanacha eile ar nós Mícéiné agus Pylos, níl a fhios ar scriosadh an Aithin thart ar 1200 RC, eachtra a chuirtear síos do na Dóraigh, agus mhaíodh na hAithinigh i gcónaí gurbh Iónaigh íona iad, gan bhraon ar bith d'fhuil Dórach. Bíodh sin mar atá, tháinig meath ar gheilleagar na hAithne ar feadh 150 bliain i ndiaidh Chilseadh na gCré-umhaoise. Tá reiligí Iarannaoise, sa Kerameikos agus in áiteanna eile, maisithe go maith go minic, rud a thaispeáineann gur chathair mhór thrádála agus rathúnais sa cheantar í an Aithin ó 900 RC ar aghaidh.

Faoin séú haois RC, spreag achrann sibhialta forleathan leasuithe Solon. Réitigh seo an bealach do Cleisthenes an daonlathas a chur i bhfeidhm sa chathair i 508 RC. Faoin am seo bhí cabhlach cumhachtach ag an Aithin agus chuidigh siad leis na cathracha Iónacha éirí amach in aghaidh na bPeirseach. Sna cogaí i gcoinne na bPeirseach a leanas, bhí an Aithin, chomh maith le Sparta, i gceannas ar chomhghuaillíocht na nGréagach a chuir ruaig ar na Peirsigh, á gcloí go géar ag Maratón i 490 RC agus arís go cinniúnach ag Salamis i 480 RC. Mar sin féin, ghabh agus chreach na Peirsigh an Aithin dhá huaire i mbliain amháin, i ndiaidh do na Spartaigh agus Gréagaigh eile a chur in aghaidh na bPeirseach ag Thermopylae faoi cheannas an Rí Leonidas, agus tar éis an Bhéóitia agus an Ataic a chailleadh leis na Peirsigh.

Ba Ré Órga dhaonlathas na hAithine an tréimhse a leanas seo, tréimhse ina ndearnadh an chathair ba thábhachtaí sa tSean-Ghréig den Aithin, agus na gaiscí cultúir a rinneadh inti mar chloch bhoinn de shibhialtacht an Iarthair. Tháinig na drámadóirí Aescaileas, Sofaicléas agus Eoiripidéas i mbarr a maitheasa san Aithin le linn an ama seo, chomh maith leis na staraithe Héaradatas agus Thucydides, an lia Hipeacraitéas agus an fealsamh Sócraitéas. Faoi threoir Peiricléis, duine a chuir an ealaín chun cinn agus a chothaigh an daonlathas, thosaigh an Aithin ar thionscadal ardaidhmeannach tógála as a tháinig Acrapail na hAithine (an Partanón san áireamh), chomh maith le gníomhaí impireachta ar nós Chonradh Delos. Ba chomhaontas de chathairstáit Ghréagacha é an Conradh a raibh cur in aghaidh na Peirsigh mar chuspóir aige ar dtús, ach níorbh fhada go ndearna bealach chun aidhmeanna impireachta na hAithine a chur i gcrích as. Tháinig mórán teannais as seo, arbh ea Cogadh na Peilipinéise mar toradh air, cogadh ina bhfuair iomaitheoir na hAithine, Sparta, an bua tharstu.

Faoi lár an cheathrú aois RC bhí méadú mór tagtha ar an tionchar a bhí ag Ríocht na Macadóine, i dtuaisceart na Gréige, ar an Aithin agus a gnó. I 338 RC rug airm Philibe II an bua thar chomhaontas de chathairstáit Ghréagacha, an Aithin agus an Téibh ina measc, ag Cath Chaeronea. Nuair a bhí an Aithin faoi réim na Róimhe, bronnadh stádas cathrach saoire ar an Aithin, mar gheall ar a scoileanna cáiliúla. Sa dara haois AD, d'ordaigh impire na Róimhe, Haidrian, a bhí ina shaoránach de chuid na hAithine é féin, go dtógfaí leabharlann, giomnáisiam, uiscerian a úsáidtear fós, cuid mhaith teampaill agus neimhidh, droichead agus sholáthraigh sé airgead chun Teampall Shéas Oilimpigh a chríochnú.

Ó thosach an cheathrú aois AD, rialaíodh Impireacht Rómhánach an Oirthir as Cathair Chonstaintín, agus mar a bhí an chathair impireachta á tógáil agus á mhéadú, rug na himpirithe cuid mhór de shaothair ealaíne na hAithine dá maisiú. Tugadh an tImpireacht chun na Críostaíochta agus tháinig laghdú ar úsáid na Laidine de rogha ar an Ghréigis; in aois Impireacht na Róimhe, baineadh úsáid as an dá theanga. Rialaigh impirí na Róimhe an chathair go dtí an 13ú aois, agus d'aithníodh na saoránaigh a chéile mar shaoránaigh de chuid impireacht na Róimhe ("Rhomaioi"). Tháinig athrú mór ar an Aithin nuair a d'iompaigh an t-impireacht ar an Chríostaíocht, agus tháinig laghdú ar an mheas a bhí ag daoine ar an chathair. Aistríodh seadchomharthaí ársa cosúil leis an Phartanón, an Erechtheion agus an Hepheisteion (Theseion) ina séipéil. De réir mar a d'éirigh ar an ghráin fhrith-pháganta san impireacht, chuaigh an chathair i laghad go dtí go raibh sí ina baile tuaithe ar a raibh ádh malartach.

Téann stair na cathrach siar go dtí an Chlochaois.[1] Bhí an Aithin ar na cathairstáit ba chumhachtaí le linn Ré Órga na Sean-Ghréige, idir na blianta 500 is 336 RCh. B'í an Acrapail nó dún ard áit mhór na ndeasghnáth. Ba é an Partanón, teampall Ataene, an t-áras ba mhó sa chathairstát, agus dealbh Ataene a bhí timpeall ar 10 méadar ar airde in aice leis. Ba é Peiricléas ceannaire na hAithine nuair a bhí an chathair i mbuaic a réime.

An Mheánaois

cuir in eagar

Bhíodh an Aithin i mbaol san 8ú agus an 9ú haois mar gheall ar ionsaithe na Saraistíní; in 896, tugadh ruathar faoin chathair agus gabhadh seilbh uirthi ar feadh tamaill ghearr, eachtra a d'fhág roinnt iarsmaí seandálaíochta chomh maith le tréithe Arabacha in ornáidíocht na bhfoirgneamh. Tá fianaise ann freisin a thugann le fios go raibh mosc sa chathair ag an am sin. I rith na conspóide móire maidir le hÍolbhriseadh na Biosáinte, glactar leis go raibh an Aithin i bhfabhar na híocónagrafaíochta, mar gheall go formhór ar an pháirt a ghlac an Bhanimpire i gcríoch a chur leis an chéad tréimhse íolbhriste leis an Dara Comhairle Nicé i 787. Cúpla bliana ina dhiaidh sin, d'éirigh Aithineach eile, Theophano, ina Banimpire mar bhean chéile Staurakios (r. 811-812).

Ní rinneadh móran damáiste don chathair nuair a rinne na Turcaigh ionradh ar an Impire tar éis Cath Manzikert i 1071 ná sna cogaí cathartha a leanas, agus lean saol áitiúil na hAithine ar aghaidh gan achrann. Nuair a tharrtháil Impireacht na Biosáinte le ceannaireacht láidir an triúr impire Komnenos Alexios, Seán agus Manuel, bhí an Ataice is an Ghréig ar fad faoi bhláth. Cuireann comharthaí seandálaíochta ar an eolas sinn gur tháinig méadú mór marthanach ar an bhaile meánaoise ón 11ú aois go deireadh an 12ú aois.

Tosaíodh ar thógadh ar an Agora (margadh), a tréigeadh i ndeireadh na gcianaoiseanna, agus gan mhoill bhí an baile ina ionad tábhachtach i dtáirgeadh gallúnach agus dathanna. Rug fás an bhaile go dtí an Aithin na Veinéisigh agus trádálaithe eile a thugadh cuairt ar chalaí na Mara Aeigéigh. Chuir an tsuim trádála seo le rath an bhaile a bhí ag dul i méad.

Ba Ré Órga d'ealaíon na Biosáinte iad na 11ú agus 12ú aoiseanna san Aithin. Tógadh chóir a bheith gach ceann de na séipéil lár-Bhiosántach is tábhachtaí san Aithin agus ina timpeallacht sa dá haois seo, rud a léiríonn borrú an bhaile trí chéile. Ní mhairfeadh an rath meánaoise seo, áfach. I 1204 ghabh an Ceathrú Crosáid an Aithin, agus ní baineadh an chathair ó na Laidinigh go dtí go rinne na hOtamánaigh concas uirthi. Ní raibh rialtas Gréagach uirthi arís go dtí an 19ú aois.

Ó 1204 go dtí 1458, rialaigh Laidinigh an Aithin i dtrí thréimhse éagsúla, i ndiaidh Chogaí na Croise. As Iarthar na hEorpa ab ea iad na "Laidinigh" nó na "Frainc" agus leantóirí na hEaglaise Rómhanaí a rugadh go dtí Oirthear na Meánmhara le linn Chogaí na Croise. Chomh maith leis an chuid eile den Ghréig Bhiosántach, ba cheann de réim feod í an Aithin, cosúil leo siúd a bunaíodh sa tSiria agus ar an Chipir i ndiaidh an Chéad Chrosáid. Tugtar an Frankokratia ar an tréimhse seo.

An Aithin faoi riail na dTurcach

cuir in eagar

Tháinig an chéad ionsaí ó na hOtamánaigh ar an Aithin i 1397, nuair a ghabh na ginearáil Otamánacha Yaqub Pasha agus Timurtash seilbh ar an bhaile ar feadh tamaill ghearr. Faoi dheireadh, i 1458, rinne arm na nOtamánach faoi cheannas pearsanta Mehmed II concas ar an Aithin. Agus Sabhdán na nOtamánach ag marcaíocht isteach sa chathair, chuaigh áilleacht a seanleachtanna i gcion go mór air agus d'eisigh sé firman (forógra impiriúil) nár cheadmhach creachadóireacht ná léirscrios sa chathair faoi phian bháis. Aithríodh an Partanón go mosc na cathrach.

Faoi riail na nOtamánach, baineadh gach tábhacht ón Aithin agus tháinig laghdú mór ar an daonra, an chathair á fágáil mar bhaile beag tuaithe. I dtréimhse thosaigh an 17ú aois, tháinig an Aithin faoi dhlínse an Kizlar Agha, príomh-choillteán gorm háram an tSabhdáin. Ar tús, thug Sabhdán Ahmed I (r. 1603–1617) an chathair do Basilica, ceann de na mná luí ab fhearr leis dá chuid, arbh as an chathair di, mar fhreagra ar ghearáin in aghaidh rialtóirí áitiúla. I ndiaidh a báis, tháinig an chathair faoi húdarás an Kizlar Agha.

Thosaigh na Turcaigh ar phúdar gunna agus pléascaigh a stóráil sa Phartanón agus sa Propylaea. I 1640, bhuail tintreach an Propylaea, agus scriosadh í dá bharr. I 1687, le linn Chogadh Morea, chuir na Véinéisigh, faoi cheannas Francesco Morosini, an Acrapail faoi léigear, agus bhain na hOtamánaigh teampaill Aitéiné Nike aníos le haghaidh an Partanón a dhaingniú. I rith bhombardaíocht na hAcrapaile phléasc armlann phúdair sa Phartanón (26ú Meán Fómhair), agus rinneadh mórán damáiste don fhoirgneamh agus is mar gheall ar seo a bhfuil cuma an lae inniu air. Bhí seilbh ag na Véinéisigh ar an chathair ar feadh sé mhí, agus ghlac na Véinéisigh agus na hOtamánaigh araon páirt i gcreachadh an Phartanóin. Rinneadh níos mó dochar don fhoirgneamh nuair a baineadh ceann dá pheidiméidí thiar uaidh. Le linn do na Véinéisigh a dhéanamh forghabháil ar an Aithin, rinneadh séipéil as dhá mhosc sa chathair, ceann acu Caitliceach agus an ceann eile Protastúnach, ach ar 9ú Aibreán 1688, d'imigh na Véinéisigh ón chathair á fágáil leis na hOtamánaigh.

Meastar go bhfuil baint idir ainm na cathrach agus an bandia Aitéiné. An Àithne a deirtear i nGaeilge na hAlban, agus Yn Atheen i nGaeilge Mhanann.