An Bóthar go dtí an Ghealchathair

gearrscéal le Máirtín Ó Cadhain

Gearrscéal Gaeilge leis an scríbhneoir Éireannach Máirtín Ó Cadhain é An Bóthar go dtí an Ghealchathair a foilsíodh in An Braon Broghach.

WD Bosca Sonraí LeabharAn Bóthar go dtí an Ghealchathair
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarMáirtín Ó Cadhain Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata

Imeachtaí an Scéil cuir in eagar

Dúisíonn Bríd ag tús an scéil seo is a fear á brú amach ón leaba. Tá sé go han-mhoch ar maidin mar tá uirthi dul chuig Gaillimh(an Ghealchathair) le him is uibheacha a dhíol ann. Tá Bríd sa bhaile ina bhfuil sí le beagnach cúig bliana ach braitheann sí nach bhfuil aithne rómhaith aici ar mhuintir na háite. Buaileann sí bóthar ar an naoi míle Éireannacha atá roimpi ag súil go bhfaighidh sí síob ar an mbealach. Níl fonn uirthi bheith ag siúl le duine eile mar gur lú an dóchúlacht go dtabharfaí síob do bheirt agus nach bhfuil airgead aici le híoc as. Casann sí ar Liam an táilliúir a bhfuil airgead amuigh aige uirthi. Braitheann sí crua an saothar an siúl leis an gcléibh is samhlaíonn sí bás anróiteach a fháil ar an mbóthar agus a dhéanfadh a fear is a ngasúir dá húireasa.

Do Bhríd agus dá liachtaí Bríd léi ba Via Dolorosa gach mile, ba Gethsemene gach troigh, ba Úll na hAithne a chúiteofaí le hallas, imní, angar agus umhlacht gach cloch…

Smaoiníonn sí ar na fadhbanna airgid atá acu, is ansin ar fhir eile, a bhfuil cónaí orthu níos gaire don chathair agus an laghdú turais a bheadh uirthi dá mba rud é go raibh de ‘ádh’ uirthi iad a phósadh. Tagann sí suas le Peigín Nora, is scoitheann cuid mhaith carranna iad ach ní éiríonn léi síobadh a fháil. Agus í ag teacht isteach sa chathair éiríonn sí dóchasach cé go mbeidh uirthi an turas a dhéanamh arís is arís eile.

‘Chuimhnigh sí go gcaithfeadh sí iad a dhéanamh arís agus arís agus arís eile.[...] Ach bhí siad déanta aici inniu agus b’údar dóchais é sin’

Aistriúcháin cuir in eagar

Aistríodh an scéal seo go Béarla sa leabhar The Road to Brightcity le hEoghan Ó Tuairisc faoin teideal The Road to Brightcity. D'fhoilsigh Poolbeg Press as Baile Átha Cliath sa bhliain 1981 é.

Féach freisin cuir in eagar