Is bruachbhaile i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath é An Baile Bocht (Béarla: Ballybough). Téann an Tulcha tríd an gceantar.

Infotaula de geografia políticaAn Baile Bocht

Suíomh
 53°21′24″N 6°15′01″W / 53.35667°N 6.25036°W / 53.35667; -6.25036
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Iar-eintiteas críochach riaracháinContae Bhaile Átha Cliath
BaileBaile Átha Cliath Edit the value on Wikidata

StairCuir in Eagar

Ba iad clann Mhic Dhomhnaill, triúr deartháireacha, a bhí ar a dteitheadh ó chúige Uladh le linn na Plandála a bhunaigh an chéad bhaile ceart sa cheantar. Ar thóir tearmainn a bhí siad nuair a tháinig siad chuig an mBaile Bocht, áit nach raibh mórán daoine ina gcónaí ag an am. Thugtaí 'ríthe', nó taoisigh, ar an mbeirt agus tugtar ómós don leasainm sin in ainm 'Shráid na Ríthe', sráidín taobh le Bóthar an Bhaile Bhoicht.

Ba é an bóthar tríd an mBaile Bocht, ar a dtugtar Bóthar an Bhaile Bhoicht anois, an príomhbhealach ó Bhaile Átha Cliath go Binn Éadair. Léirítear ar sheanléarscáileanna den cheantar go mbíodh an bóthar sin cois farraige, ach is é Bóthar na Trá Thuaidh an príomhbhóthar anois agus tá an fharraige imithe chomh fada le soir le Cluain Tarbh.

Rinne muintir Gardiner go leor tógála agus forbartha timpeall cheantar Shráid Uí Chonaill, ar a dtugtaí The Mall (An Meal), agus mheall an fhorbairt sin lucht tionscail go tuaisceart na cathrach agus chuig an mBaile Bocht. Ba mhór an chabhair é a ghaire is atá an ceantar do Chalafort Bhaile Átha Cliath, an Tulcha, agus an Chanáil Ríoga. I measc na ngnólachtaí a lonnaíodh ar an mBaile Bocht bhí potairí Delamaine, gloineadóirí Chebsey's, céarta iarainn Carrothers & Wilson, McKenny's Vitriol Works, driolgann Dublin Whiskey, grúdlann Finlater, agus déantóirí coistí Hutton.

Creidtear gur troideadh Cath Chluain Tarbh in 1014 láimh le Droichead an Bhaile Bhoicht, ar a dtugtar Droichead Lúcáis Uí Cheallaigh anois. Níos deireanaí, chuir Tomás an tSíoda agus lucht a leanta cath ar na Sasanaigh ag an droichead céanna le linn Éirí Amach an Tiarna Chill Dara in 1534-1535 agus rinneadh ár ar shaighdiúir Shasana. Le linn Éirí Amach na nÉireannach Aontaithe in 1798, gabhadh go leor de mhuintir an Bhaile Bhoicht mar measadh gur easaontóirí a bhí iontu. Bhí cónaí sa cheantar ar Watty Cox, eagarthóir an Union Star, fear ar tugadh pardún ríoga dó as eolas a thabhairt d'fhórsaí na Corónach faoi na hÉireannaigh Aontaithe.

Ghlac go leor de mhuintir na háite páirt in Éirí Amach na Cásca 1916 agus tugtar aitheantas dóibh siúd ar leaca cuimhneacháin timpeall an cheantair. Troideadh cathanna ar Dhroichead Newcomen agus ar Dhroichead Annesley, agus ghabh Arm Cathartha na Éireann monarcha ag Droichead Annesley agus choinnigh seilbh uirthi ar feadh lae.

Bhí tuilleadh cathanna ann le linn Chogadh na Saoirse (1919-1921). Ionsaíodh Beairic Chonstáblacht Ríoga na hÉireann ar Thrá an Bhaile Bhoicht, agus chuir Dara Cathlán Óglaigh na hÉireann cath ar fhórsaí na Breataine ar Dhroichead an Bhaile Bhoicht. Ba ar an mBaile Bocht a tharla ceann de na hainghníomhartha is mó a luaitear leis an gcogadh - Domhnach na Fola 1920 i bPáirc an Chrócaigh. Ba ar an mBaile Bocht, ar Ascaill Radharc an Chuain, a tharla ceann de troideanna deireanacha an chogaidh sin nuair a rinne saighdiúirí na Breataine ruathar ar theach ina raibh na hÓglaigh cruinnithe ar an tsráid sin.

Rinneadh go leor damáiste do chodanna áirithe den Bhaile Bocht le linn Bhuamáil Bhaile Átha Cliath in 1941.

An DroicheadCuir in Eagar

Tá droichead ar an Tulcha ar an mBaile Bocht leis na cianta cairbreacha. Droichead adhmaid a bhí i nDroichead an Bhaile Bhoicht i dtús aimsire, droichead a cartadh chun farraige le linn tuilte go gairid i ndiaidh a thógála. Luaitear an droichead in The Riding of the Franchises in 1488: "to Balliboght, and by the gate of Balliboght to the water of the Tulkan by the bridge of Balliboght, and over the water and so by the water southwards".

Tá an droichead le feiceáil ar an léarscáil a tharraing Thomas Phillip in 1685 agus é ina droichead cloiche sé áirse. Tá sé le feiceáil ar léarscáil Greenville Collins freisin agus é "on the road to Baldoile". An fáth a meastar gur láimh leis an droichead a troideadh Cath Chluain Tarbh ná gur thugtaí Cath an Chora Iascaigh ar an gcath céanna ó am go chéile agus bhíodh cora iascaigh gar don áit a bhfuil an droichead anois.

In 1534, d'éirigh Tomás an tSíoda amach i ndiaidh d'Anraí VII Shasana a uncail a chur chun báis. Le linn an éirithe amach, troideadh cath idir an lucht ceannairce agus fórsaí na Corónach inar leagadh na Sasanaigh ina sluaite.

Tógadh droichead nua coincréite in 1937 agus athainmníodh an droichead sin as Lúcás Ó Ceallaigh in 1985, bliain i ndiaidh a bháis.

Reilig an Bhaile BhoichtCuir in Eagar

Ba í Reilig an Bhaile Bhoicht an chéad reilig Ghiúdach in Éirinn agus is ar Thrá an Bhaile Bhoicht atá sí. Bhí go leor de pobal Giúdach Bhaile Átha Cliath lonnaithe i gceantar Annadale taobh le Ascaill Bhaile Philib. Cuireadh corp sa reilig den chéad uair in 1718, nuair a chuir an Captaen Chichester Phillips as Caisleán Dhroim Conrach a ainm le léas míle bliain. Ba í an t-aon reilig Ghiúdach i mBaile Átha Cliath í go dtí gur osclaíodh reilig eile ar an gCarnán in 1900.

OideachasCuir in Eagar

Is iomaí scoil agus institiúid oideachais a bhí ar an mBaile Bocht agus sa cheantar máguaird i gcaitheamh na mblianta agus tá cuid acu ann i gcónaí. Glacadh le daltaí i rith na seachtaine tamall ina dhiaidh sin

Scoil na Trá ThuaidhCuir in Eagar

Ba í Scoil na Trá Thuaidh an chéad institiúid oifigiúil oideachais sa cheantar. Lonnaithe san áit a bhfuil 68 Bóthar na Trá Thuaidh anois, ar an gcoirnéal le Sráid Ghairdín an Earraigh, a bhí sí, agus ba mar scoil domhnaigh a osclaíodh i dtús aimsire í in 1786. Bhí Arthur Guinness, an tOir. Henry Irwin agus an tOir. Norbert Daly i measc na n-iontaobhaithe. Chuirtí fáilte roimh pháistí ó gach cúlra creidimh ann ach bhí ghearrtaí táille ar an teagasc. Thugtaí bia agus éadaí do na páistí sa scoil, ach chuirtí an dlí ar thuismitheoirí a ghlac leis na héadaí ach nár bhac an páiste a chur ar scoil ina dhiaidh sin. Bhí beagnach 100 dalta ar an scoil sa bhliain 1787, agus 173 dalta ann in 1819. Ní raibh ach triúr múinteoirí fostaithe sa scoil an bhliain chéanna. Bunaíodh naíscoil de chuid na scoile ar Thrá an Bhaile Bhoicht in 1829. Faoin mbliain 1833 bhí an scoil ag titim as a chéile agus beartaíodh scoil nua agus séipéal a thógáil. Fuarthas an láthair nua sa bhliain 1836 agus osclaíodh an foirgneamh nua in 1842 agus 150 dalta ar an scoil. Atógadh an scoil ar an láthair chéanna in 1943-44 agus d'athoscail an Taoiseach Éamon de Valera í ar an 9 Meitheamh 1944 í. Scoil Náisiúnta Cholm Cille a thugtar anois uirthi.

Scoileanna Shráid Liam ThuaidhCuir in Eagar

Osclaíodh clochar de chuid Siúracha na Trócaire ar Shráid Liam Thuaidh in 1815, agus faoin mbliain 1857 ord ban rialta as an bhFrainc, Filles de Charity, i seilbh na háite. D'oscail Filles de Charity scoil Chaitliceach ar an láthair do pháistí na háite.

Osclaíodh dílleachtlann ar Shráid Liam Thuaidh in 1858 agus mhúintí scileanna tís do chailíní óga ann. In 1893, osclaíodh scoil eile do bhuachaillí ar an tsráid. D'fhreastail Breandán Ó Beacháin agus beirt easpag, an tEaspag Carroll agus an tEaspag Kavanagh ar an scoil sin. Rinneadh damáiste do scoileanna Shráid Liam Thuaidh nuair a bhuamáil an Luftwaffe Baile Átha Cliath in 1941.

Scoil Uí ChonaillCuir in Eagar

Bhunaigh Éamonn Iognáid Rís Scoil Uí Chonaill ar Shráid Risteamainn Thuaidh. Ba é Domhnall Ó Conaill féin a leag buncloch na scoile in 1828 agus is mar gheall air sin a thugtar Scoil Uí Chonaill anois ar an áit. Chuir Éamonn Rís, beirt chúntóirí, ábhar oide, agus ceathrar ábhar sagairt fúthu sa scoil ar an mBaile Bocht in 1831 agus chláraigh os cionn 500 dalta léi. Tá Scoil Uí Chonaill ann i gcónaí.

Institiúid FeinaigleCuir in Eagar

Iar-Chistéirseach agus oideachasóir as an nGearmáin a bhí in Gregorious Feinagile, a tháinig chun cónaí i mBaile Átha Cliath in 1813. Chuaigh a smaointe faoin oideachas i gcion ar mhuintir Bhaile Átha Cliath agus theastaigh ó roinnt daoine a d'fhreastail ar léachtaí a thugadh sé na smaointe céanna a chur i bhfeidhm i scoil. Ní raibh scoil ar bith sa chathair sásta na modhanna teagaisc a ghlacadh chuici féin agus, mar sin, bailíodh airgead agus ceannaíodh dhá theach ar Bhóthar Chluain Life le 'Institiúid Feinaigle' a lonnú iontu. Chláraigh 30 scoláirí sa scoil chónaithe ar costas 60 gine sa bhliain.

Ní raibh dóthain spáis sna tithe ar Bhóthar Chluain Tarbh do líon na scoláirí a chláraigh leis an Institiúid, ceannaíodh Áras Aldborough ar Rae Phortlainne, ar imeall an Bhaile Bhoicht, ar costas £4,800 agus aistríodh na scoláirí agus an institiúid féin chuig an láthair sin. A fhad is a bhí Institiúid Feinaigle san fhoirgneamh, tugadh 'The Luxembourg' air. Fuair Gregorious Feinagile bás ar an 24 Nollaig 1819 agus dúnadh an scoil níos lú ná deich mbliana i ndiaidh a bháis.

Scoil Chluain LifeCuir in Eagar

Bunaíodh scoil ar thailte Choláiste Chluain Life in 1842. As láib, aolchloch, agus clocha a rinneadh an scoil ceann tuí agus ní raibh ach aon seomra amháin ann. Bhí 168 dalta, idir cúig agus ceithre bliana d'éag d'aois, cláraithe leis an scoil ach ní fhreastalaíodh ach tuairim is 100 duine acu sa tseachtain uirthi. Pingin sa tseachtain a ghearrtaí mar tháille ar na daltaí agus chuirtí fáilte roimh pháiste de gach cúlra creidimh ann. Mhair an scoil thart ar dhá scór blianta.

Scoileanna EileCuir in Eagar

Tá taifead ann i dtuarascálacha de chuid Choimisinéirí Oideachais na hÉireann de scoileanna eile ar an mBaile Bocht. Sna 1820idí bhí scoil ag Mary Westman ar Shráid Liam Thuaidh agus scoil eile ag Henry Callaghan ar Shráid Ghairdín an Earraigh. Bhí scoil eile in 2 Bóthar na Trá Thuaidh ag Anne Williams, agus dhá scoil eile i gCúirt Aldborough. De réir na dtuarascálacha, bhí trí scoil eile ann in 1826: ceann in 4-5 Plás Ruiséal ag lánúin dar shloinne Kirschoffer; ceann ar an tsráid chéanna ag 'Madame Picorgny'. De réir Dhaonáireamh 1911, bhí léamh agus scríobh ag 95% de mhuintir an Bhaile Bhoicht.

SráideannaCuir in Eagar

Caption text
Sráidainm Gaeilge Sráidainm Béarla Eolas
Bóthar Addison (Bóthar Mhic Ádhaimh) Addison Road Ainmnithe as an Tiarna Addison.
Plás Aldborough Aldborough Place Tá sé gar do Theach Mór Aldborough
Ascaill Annesley, Bóthar Dhroichead Annesley, Plás Annelsey (Ainsle) Annesley Avenue, Annesley Bridge Road, Annesley Place Ainmnithe as Richard Annesley, a bhí ina stiúrthóir ar Chomhlacht na Canála Ríoga in 1791
Bóthar Ardoileáin, Cearnóg Ardoileáin Ardilaun Road, Ardilaun Square Ainmnithe as Arthur E. Guinness, an Tiarna Ardoileán. Fuair sé an teideal ó oileán ar Loch Coirib na Gaillimhe.
Ainm Gaeilge le deimhniú Austins Cottages Ainmníodh an tsráid seo sna 1950idí, ba chuid de 'Bhaile an Táthaigh' í roimhe sin
Bóthar an Bhaile Bhoicht, Ascaill an Bhaile Bhoicht, Cúirt an Bhaile Bhoicht, Lána an Bhaile Bhoicht Ballybough Avenue, Ballybough Court, Ballybough Lane, Ballybough Road Bhíodh sé theach ar Bhóthar an Bhaile Bhoicht ar a dtugtaí Ascaill Éamoinn (Edward Terrace) a tógadh in 1815 agus a ainmníodh as Diúc Kent
Ascaill Radharc an Chuain Bayview Avenue Bhíodh radharc ar Chuan Bhaile Átha Cliath ón tsráid seo go dtí lár an 19ú haois
Cúirt Bhreandáin Uí Bheacháin Brendan Behan Court Ainmnithe as an drámadóir Breandán Ó Beacháin
Bóthar Cadogan (Ceadagáin) Cadogan Road Ainmnithe as an Iarla Cadogan a bhí ina Fhear Ionaid an Rí ó 1895-1902
Paráid Charlemont Charlemont Parada Ainmnithe as James Caulfield, an tIarla Charlemont.
Ascaill Charleville, Meal Charleville (Ráth Lúirc) Charleville Avenue, Charleville Mall Ainmnithe as teach an Tiarna Monck i mBré. Bhí talamh aige ar an mBaile Bocht.
Cúirt an Chlinsigh Clinchs Court (Clinches) Ainmnithe as Larry Clinch, ropaire bóthair a chónaigh ar an mBaile Bocht. Mharaigh Mílíste Thiobraid Árann é agus é ag robáil Theach Chluain Life. Cuireadh sa láthair uaighe ag béal Bhóthar Chluain Life é.
Pasáiste an Bhaile Bhoicht (Lána na nUbh), Trá an Bhaile Bhoicht Fairview Passage (Egg Lane), Fairview Strand Mar a bhfuil Reilig an Bhaile Bhoicht, sráideanna a bhíodh cois trá.
Plás Foster Thuaidh Foster Place North Ainmnithe as John Foster, Spéicéir Theach na dTeachtaí.
Bóthar Mhic Sheoin Jones's Road Ainmnithe as Frederick E. 'Buck' Jones. Thóg sé an bóthar seo le go mbeadh sé in ann dul go lár na cathrach go sábháilte.
Ascaill na Ríthe Kings' Avenue Ainmnithe as muintir Mhic Dhomhnaill, 'ríthe' an cheantair a tháinig ann i ndiaidh Phlandáil Uladh
Paráid Mhuinseo Mountjoy Parade Ainmnithe as Luke Gardiner, Bíocunta Mhuinseo.
Ascaill Newcomen Newcomen Avenue Ainmnithe as William Newcomen, duine de stiúrthóirí Chomhlacht na Canála Ríoga.
Sráid Clarence Mhór Thuaidh North Great Clarence Street Ainmnithe as an Diúc Clarence, a bhí ina rí, Liam Rí IV, ina dhiaidh sin.
Sráid Risteamainn Thuaidh, Iostáin Risteamainn, Corrán Risteamainn, Lána Risteamainn, Paráid Risteamainn North Richmond Street, Richmond Cottages, Richmond Crescent, Richmond Lane, Richmond Parade Ní léir an as Charles Lennox, an Diúc Risteamainn a ainmníodh na sráideanna seo nó as an mbaile fearainn Risteamann a bhí ann i bhfad roimhe.
Bóthar na Trá Thuaidh North Strand Road Thugtaí an Hoath Road (Bóthar Bhinn Éadair) ar an mbóthar seo sa 17ú haois, ach faoin mbliain 1792 ba é North Strand Road an t-ainm a bhí in úsáid ag an rialtas ar an áit
Sráid Liam Thuaidh North William Street Ainmnithe as Liam Rí IV, a bhí ina Dhiúc Clarence nuair a ainmníodh an tsráid.
Sráid Nottingham Nottingham Street Ainmnithe as Teach Mór Nottingham, ar a dtugtaí an Teach Dearg, a bhíodh anseo.
Ascaill Uí Shúilleabháin O'Sullivan Avenue Meastar gur as TD Sullivan, Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath 1886-1886 a ainmníodh an tsráid seo.
Rae na bPoibleog Poplar Row Meastar go mbíodh poibleoga ar an mbóthar seo.
Rae Portland (Phortlainne) Portland Row Ainmnithe as an Diúc Portland
Sráid an Ruiséalaigh Russell Street Ainmnithe as John Russell, an Diúc Bedford agus Fear Ionaid an Rí (1757-1761). Meastar go bhféadfadh sé gur as a gharmhac a bhí ina Fhear Ionaid in 1806 a ainmníodh an tsráid, nó as John Russell eile a thóg go leor tithe sa cheantar.
Ascaill Sackville, Gairdíní Sackville (Saicbhil) Sackville Avenue, Sackville Gardens Ainmnithe as an tOir. Sackville Usher Lee, eaglaiseach a raibh talamh agus tithe sa cheantar aige.
Sráid Ghairdín an Earraigh Spring Garden Street Ainmnithe as gairdín poiblí tae a bhíodh anseo.
Paráid Summer (Chríonáin) Summerhill Parade Thugtaí Farmer's Hill ar an áit seo (Cnoc an Fheirmeora)
Plás an Táthaigh Taaffe's Place Ainmnithe as teaghlach a tháinig go hÉirinn le Strongbow agus a raibh talamh acu gar do Chluain Tarbh.
Teach Thomáis Uí Chléirigh Tom Clarke House Ainmnithe as an bhFínín Tomás Ó Cléirigh, a bhí ina chónaí sa cheantar agus Éirí Amach na Cásca 1916 á bheartú.
Ascaill Waterloo (Uatarlú) Waterloo Avenure Ainmnithe as Cath Waterloo 1815.
Plás Wellesley Wellesley Place Ainmnithe as Arthur Wellesley, an Diúc Wellington.

Daoine Aitheanta a chónaigh annCuir in Eagar

  • Bhí cónaí Edward Smyth, saor cloiche a rinne obair ar Theach an Chustaim, na Ceithre Cúirteanna, Banc na hÉireann, agus an Séipéal Ríoga i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ar an mBaile Bocht.
  • Bhí cónaí sa cheantar Sheán ó Donnabháin, saineolaí logainmneacha agus scoláire Gaeilge a d'aistrigh Análacha na gCeithre Máistrí.
  • Chuir Éamonn Iognáid Rís, bunaitheoir na mBráithre Críostaí, agus Matt Talbot fúthu ar feadh tréimhsí ar an mBaile Bocht, ag ba dhalta i Scoil Uí Chonaill ar Shráid Risteamainn é Talbot.
  • Rugadh an drámadóir agus scríbhneoir Breandán Ó Beacháin ar Shráid Ruiséal, mar a bhfuil Cúirt Bhreandáin Uí Bheacháin anois.
  • Bhí cónaí ar Lúcas Ó Ceallaigh ón mbanna ceoil The Dubliners sa cheantar.
  • Is as an mBaile Bocht Jack Byrne, imreoir sacair atá ar fhoireann idirnáisiúnta Phoblacht na hÉireann.