An Bhearna Mhíl

gearrscéal le Máirtín Ó Cadhain

Gearrscéal Gaeilge leis an scríbhneoir Éireannach Máirtín Ó Cadhain é An Bhearna Mhíl a foilsíodh in An Braon Broghach.

Máirtín Ó Cadhain

Creat an ScéilCuir in Eagar

Tosaíonn an sceal agus Nóra Liam Bhid ag a bainis go déanach ar maidin. Mothaíonn sí coimhthíos ag cur as di, is í go neirbhíseach corrabhuaiseach tar éis gur phós sí fear nár chuala sí aon iomrá air go dtí mí ó shin, is nár leag sí súil air go seachtain roimhe. Ta cóisir na bainise ag éirí tuirseach faoin am sin seachas buachaill aimsire athair Nóra, Beairtlín. Tagann sé in áiféala go mór uirthi agus í ag cuimhneamh ar an spraoi a bhíodh aici le Beairtlin, nár imigh sí leis ‘bog te ar áit na mbonn’ Déanann Beairtlín iarracht cur ina luí uirthi go mbeidh gach rud ceart ach tuigtear eatarthu nach amhlaidh a bheidh. Imíonn lucht aitheantais Nóra ansin, ag geallúint go dtabharfaidh siad cuairt uirthi ‘corruair’, geallúint gan fhírinne is cosúil. Míníonn a fear nua di faoi chuid de logainmneacha na háite is imíonn leis ar ais sa teach mór áirgiúil(I gcomórtas le bunáite na dteach i gceantar an chailín). Iar theacht ar ais don teach di cuireann sé as di nach bhfuil an chistin ‘tíriúil’ gan trácht ar ‘gaelach’. Tá an teach is a bhfuil ann, maille le fear an tí, coimhthíoch di. Beartaíonn sí tine a chur síos ansin ach molann a fear di gurbh fhearr di dul a luí, rud a scanraíonn í. Is cosúil gur fear deas ach leamh a fear úr. Téann Nora amach is feiceann lorg coise Bheairtlín ar an talamh, ach scríobann cearc an lorg coise lena crág. Filleann Nóra ar an teach is ar a fear atá ina chnap anois is scrúdaíonn sí é is tugann suntas don chaoi nach bhfuil bearna mhíl aige. Seans go gcuireann seo as di, agus i ngeall air sin go gcaithfidh sí an deimheas a imirt air, nó go bhfuil sí ag glacadh go drogallach lena saol nua.

‘Croiméal cróndubh a bhfacthas di ón gcúpla smearamharc a thug sí uirthi cheana gur ghéar a theastaigh a díogáil uaithi. Agus go háirid ó thug sí faoi deara go barainneach anois nach raibh na dosáin thiubha róine ag clúdú aon bhearna mhíl…’

LéirmheastóireachtCuir in Eagar

Déanann an léirmheastóir Alan Titley cur síos air seo mar eipeafáine, nó maidhmiú cuartach (nath a bhaineann sé as béal an Chadhnaigh)[1][2]. Titley, Alan, ‘Máirtin Ó Cadhain & Foirm an Ghearrscéil’, Comhar, Deireadh Fómhair 1980. (Lgh. 34-36, 38-40.)

Ag tosach an scéil seo is léir dúinn Nóra a bheith crúógach i mbun oibre ag réiteach tae agus seo ar oíche a bainise di. Deirtear go bhfuil sí ‘ar scor’ amhail is gur post aici anois an cleamhnas a rinneadh di. Is léir ar chéad leathanach ABBL nach raibh aon chumhacht ag Nóra ina cinniúint féin. D’inis a hathair ar chúla téarmaí dá máthair go raibh ‘ceithearnach Achréidh déanta amach aige’ di. Ní ritheann sé leis gur chóir é a lua leis an iníon.

Fear saibhir go leor é, teach breá ceann slinne aige, rud nár chomónta i gConamara na linne, agus tá tábhacht nach beag ag baint leis seo. De bharr gur buachaill aimsire é Beairtlín, an-seans nach dtabharfaí cead di é a phósadh riamh, mar go measfaí nach mbeadh sé feiliúnach di. Is éilimh ghéilleagrach agus shóisialta a chinntíonn nach bpósfaidh Nóra a grá geal.

Baintear úsáid as samhail an eochrasaí nach bhfaigfidh ligean ar na háthanna síolraithe riamh is tuigimid gur ag snámh in aghaidh easa a bheidh sí dá saol anois. Deirtear linn go ndeachaigh an cailín ‘faoi chuing an phósta’. Tugann cuing seo an phósta buarach na sochaí i dtuiscint. Cé gur rá coitianta go maith é, nuair a fheictear é is na samplaí eile thuas luaite, is léir Ó Cadhain ag rá linn nach bhfuil mórán de chead a cinn ag an ógbhean.

Léirítear mianta Nóra dúinn agus í ag caint ar an ‘suirí gan ghoimh’ a rinne sí le Beairtlín. Tá sé trom uirthi nár fheád sí a gean air a chur in iúl toisc go raibh ainimh air. Luann Beairtlín an tslí nach mbeadh ‘comhaireamh na sop ag duine nach mbeadh ina cheannaí siopa nó ina bhoicín Achréidh’.

Seo toisc go n-éilíonn an pobal ar athair Nóra fear breá rachmasach a roghnú di. Ní hamháin go bhfuil seo i gcoinne a tola ach ní smaoinítear ar a toil fiú. Déanfar cleamhnas di más olc maith léi é, gnás a bhí coitianta go maith an tráth úd. Ba dhóigh leat nár smaoiníodh ar mhianta an chailín agus is amhlaidh gur measadh nach mbeadh rogha a leasa déanta aici féin. Arís eile luaitear an chuingir a bheith uirthi. Fiú amháin nuair is mian léi amhrán Bheairtlín a chlos coscann an pobal seo uirthi is sciobann siad leo í.

Tá 26 míle de shiúl na gcos eatarthu anois, is í pósta ar fear nach bhfuil aithne aici air. Tugtar Mrs Ryan uirthi ag deireadh na cóisire, rud atá gallda is eachtrannach di is méadaíonn seo ar an gcoimhthíos aici. Tugann an uile dhuine acu seo uirthi, an pobal ag brú mianta an aonaráin faoi chois. ‘gan an oiread is an t-aon sine lena dúchas a bheith fágtha ó d’imigh Beairtlín’ Tá an áit seo, an Achréidh, marbh di i gcomórtas lena baile cois farraige. Tosaíonn Nóra ar smaoineamh faoin teach ‘te’ agus an tslí gur eitigh a hathair boicíní eile fúithi. Seo an conradh idir a hathair agus Pádraig. De bharr gur de mhuintir cuíosach saibhir í bhí spré suntasach aici is d’fhág sin go raibh a hathair in ann í a dhíol leis an gceannaitheoir ba shaibhre nó b’oiriúnaí amhail is go mba cheantálaí é. Tugann Nóra faoi deara nach mbeidh inti feasta ach ball acra de bhaill acra an tí, uirlis gan ghá. Ainneoin go bhfuil an machaire réidh go maith, luaitear buairín is leis tagann an scanradh go mbeidh sí sáinnithe anseo go deo deo.

Tá an chistin gallda agus coimhthíoch di, leis, is baintear stangadh aisti nach mbaintear aon fheidhm as móin sa teach. Nuair a luaitear leaba scanraíonn sí.

AistriúcháinCuir in Eagar

Aistríodh an scéal seo go Béarla sa leabhar The Road to Brightcity le hEoghan Ó Tuairisc faoin teideal The Hare-lip. D'fhoilsigh Poolbeg Press as Baile Átha Cliath sa bhliain 1981 é.

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. Greaves school. "greavesschool.com". www.greavesschool.com. Dáta rochtana: 2019-01-06.
  2. Scríobh Ó Cadhain féín:  "Sé an dóchas a fheicim riamh anall i stair na tire ná an maidhmiú cuartach: an dóchas ag gint an mhsinigh, agus an misneach ag gint an ghnímh"