Is féile Chríostaí í an Chincís. Is lá tábhachtach é Domhnach Cincíse (nó Domhnach na Cincíse[1]) i bhféilire na Críostaíochta[2]. Deirtear ina thaobh gur thuirling an Spiorad Naomh ar na haspail lena linn.

An Chincís

FéilireCuir in Eagar

Titeann an Chincís ar an seachtú Domhnach i ndiaidh na Cásca.

PiseogaCuir in Eagar

Dúradh in Éirinn fadó go raibh dlúthbhaint ag an gCincíseach[3] (.i. duineainmhí a rugadh i dtrátha na Cincíse) leis an mí-ádh agus leis an mbás. Creideadh, dá réir sin, go raibh sé i ndán dóibh duine a mharú.[2]

Tréimhse an-dainséarach a bhí i gceist, creideadh, agus tharla a lán timpistí, go háirithe ar Dhomhnach Cincíse agus ar Luan Cincíse.

Má ghortaigh Cincíseach duine eile, trí thimpiste fiú, thóg sé an-chuid ama le bheith ar fónamh arís (go dtí an chéad Domhnach Cincíse eile, uaireanta) nó d'fhéadfadh go bhfaigheadh an duine sin bás fiú amháin.

 
Lucas Van Leyden (1514)

Bás a bhí i ndán don té ar rug ainmhí Cincíseach greim fiacla air, nó má fuair duine speach ón ainmhí sin fiú.

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. ""Pentecost"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-03-28.
  2. 2.0 2.1 "An Chincís". Grúpa taighde Gaois. Dáta rochtana: 2021-03-28.
  3. "dúchas.ie" (ga). dúchas.ie. Dáta rochtana: 2021-03-28.