Ciorróis

galar ae
(Athsheolta ó An Chiorróis)

Neamhord ainsealach leadránach san ae, ina milltear cealla an ae, agus a dtagann fíocháin cholmnacha (fiobróis) ina ndiaidh, is ea ciorróis.

An Chiorróis

Má leanann an aicíd ar aghaidh, teipeann an t-ae le buíochán, rith fola, bailiú sreabháin i gcuas an pheireatóinéim sa bholg, agus i ndeireadh báire cóma is bás.

CúiseannaCuir in Eagar

Is é an chúis is coitinne leis ól fada leanúnach iomarcach alcóil. Ach is féidir go dtarlóidh sí mar thoradh ar neamhord uathimdhíonach, príomhchiorróis dhomlasach, bac sa chomhchonair dhomlasach (le calcalais domlais, mar shampla), nó ionfhabhtú víreasach (le heipitíteas B nó C, mar shampla).

Is féidir le haemacrómatóis oidhreachtúil bheith mar chúis le fadhbanna tromchúiseacha sláinte, ciorróis mar shampla.

Taispeánann taighde go bhfuil cealla faoi leith – gaschealla ina bhfuil neart teiliméaráise – san ae agus má chailltear iad nach mbeidh an t-ae in ann é féin a athnuachan ná feidhmiú i gceart.[1]

TagairtíCuir in Eagar

  1. Liam Ó Dubhláin. "Cealla aitheanta a dhéanann athnuachan ar an ae" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-10-03.