Is í an Chomhairle Eorpach a shainíonn treoir agus tosaíochtaí polaitiúla foriomlána an Aontais. De bhrí nach ceann d'institiúidí reachtaíochta an Aontais í, ní dhéanann sí caibidlíocht i leith dlíthe ná ní ghlacann sí dlíthe. Ina ionad sin, leagann sí amach clár oibre beartais an Aontais; is gnách go ndéantar sin trí 'chonclúidí' a ghlacadh le linn chruinnithe na Comhairle Eorpaí, ina sainaithnítear cúiseanna imní agus bearta a bhíonn le déanamh.

Bosca Sonraí EagraíochtaAn Chomhairle Eorpach
(en) European Council Cuir in eagar ar Wikidata
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálinstitiúid de chuid an Aontais Eorpaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh9 Nollaig 1974
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú (2017–)
UachtaránachtCharles Michel (2019–) Cuir in eagar ar Wikidata
Uachtarán na Comhairle Eorpaí Cuir in eagar ar WikidataCharles Michel (2010–luach ar iarraidh) Cuir in eagar ar Wikidata
MáthaireagraíochtAontas Eorpach Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid

Suíomh gréasáinconsilium.europa.eu… Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: eucouncil Twitter: EUCouncil Instagram: eucouncil LinkedIn: eucouncil Youtube: UCLPG_xkgSWeWnOhBsi-jxCA Cuir in eagar ar Wikidata
Foirgneamh Europa, rue de la Loi, An Bhruiséil
EUCO sa bhliain 2011; Enda Kenny ar dheis

Comhaltaí na Comhairle Eorpaí cuir in eagar

Is iad cinn stáit nó rialtais 27 mBallstát an Aontais, Uachtarán na Comhairle Eorpaí agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh comhaltaí na Comhairle Eorpaí.

Glacann Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála páirt freisin i gcruinnithe na Comhairle Eorpaí nuair a phléitear gnóthaí eachtracha.

 
Foirgneamh Europa, rue de la Loi, An Bhruiséil

Próiseas cinnteoireachta cuir in eagar

Den chuid is mó, is de chomhthoil a ghlacann an Chomhairle Eorpach a cuid cinntí. Mar sin féin, i gcásanna áirithe, ar a dtugtar cuntas i gconarthaí an Aontais, is d'aontoil nó trí thromlach cáilithe a dhéantar cinneadh.

Más gá vóta a chaitheamh, ní fhéadfaidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí ná Uachtarán an Choimisiúin páirt a ghlacadh sa chúram sin.

Uachtarán na Comhairle Eorpaí cuir in eagar

Bíonn an tUachtarán ina chathaoirleach ar chruinnithe na Comhairle Eorpaí agus stiúrann sé a cuid imeachtaí. Eisean a áirithíonn go ndéantar ionadaíocht sheachtrach ar an Aontas Eorpach ar a leibhéal féin freisin maidir le saincheisteanna a bhaineann le comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais. Chun cabhrú leis/léi ina chuid gníomhaíochtaí, tá a oifig phríobháideach féin, an Cabinet, ag an tUachtarán.

Is é Charles Michel Uachtarán na Comhairle Eorpaí ón 1 Nollaig 2019 i leith. Príomh-Aire na Beilge ab ea é ar feadh 5 bliana roimhe sin.

IarUachtaráin na Comhairle Eorpaí cuir in eagar

Donald Tusk (2014-2019)

Herman Van Rompuy (2009-2014)

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar