Is í an Damaisc (دمشق) príomhchathair na Siria. Bhí tuairim is 1,700,000 duine ina gcónaí sa chathair sa bhliain 2006.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Damaisc
دمشق (ar) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 33°31′N 36°17′E / 33.51°N 36.29°E / 33.51; 36.29
Tíran tSiria
Governorate of Syria (en) AistrighDamascus Governorate (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
an tSiria (1945–) Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán2,584,771 (2023) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús24,616.87 hab./km²
Teanga oifigiúilan Araibis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deHauran (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla105 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceBarada Cuir in eagar ar Wikidata
Airde680 m Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Eachtra thábhachtach
Eagraíocht pholaitiúil
• Ceannaire an rialtaisBishr Al Sabban (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód011 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáindamascus.gov.sy Cuir in eagar ar Wikidata

Tá sí suite cois Barada in iardheiscearrt na tíre 80km (50 míle) slí ó chósta thoir na Meánmhuire, ar ardchlár 680m (2,200 troigh) os cionn leibhéil na farraige. Tá an aeráid breacthúr.

Roghnaíodh an Damaisc mar phríomhchathair Arabach an chultúir sa bhliain 2008.[1]

Is cathair ársa í an Damaisc agus baineann tábhacht ar leith léi sa Leiveaint ó thaobh an chultúir agus an reiligiúin de.

Bunaíodh an chathair sa dara mílaois roimh Chríost, agus bhí sí mar phríomhchathair ag chéad ríshliocht na gCailifí Muslamacha, síol Umayya, ó 661-750. Tar éis bhua na n-Abasach, tháinig Baghdad i gcomharbas uirthi mar phríomhchathair na cailifeachta oirthearaí agus tháinig meath ar an Damaisc.

Athbheochan a bhí i gceist le ré na n-Ayyubid agus na Mamalúcach sa Damaisc.

Faoi smacht na nOtamánach, tháinig meath mór uirthi. Fógraíodh ríocht neamhspleách Arabach na Siria inti, faoin rí Faisal, sa bhliain 1920, ach cúpla mí ina dhiaidh sin, ghabh na Francaigh an chathair faoi chomhaontú le comhghuaillithe buacacha eile an Chéad Chogaidh Dhomhanda.[2] In 1922, thug Conradh na Náisiún mandáid dóibh ar an tSiria agus an Liobáin[3]. Roghnaíodh an Damaisc mar phríomhchathair don tSiria tar éis don tír sin a neamhspleáchas a bhaint amach i 1946.

  • Abbasiyyin
  • Abu Rummaneh
  • Amara
  • Bahsa
  • Baramkah
  • Barzeh
  • Dummar
  • Jobar
  • Kafar Souseh
  • Malki
  • Mazraa
  • Mezzeh
  • Midan
  • Muhajreen
  • Qanawat
  • Rukn Eddeen
  • Al-Salihiyah
  • Sarouja
  • Sha'alan
  • Al-Shaghour
  • Tijara
 
Campus ollscoile

Is í an Damaisc príomhionad oideachais na Siria. Is í Ollscoil na Damaisce an ollscoil is mó agus is sine sa tír.

sacar, cispheil, snámh agus leadóg bhoird coitianta sa Damaisc. Is iomaí club spóirt atá lonnaithe sa chathair, mar shampla clubanna sacair Al-Jaish, Al Wahda agus Al Majd.

 
Stáisiún Hejaz

Páirceanna

cuir in eagar

Is í Páirc Tishreen an pháirc is mó sa chathair. Bíonn seó bláthanna ar siúl sa pháirc gach bliain. Tá páirceanna Al-Jahiz, Al-Sibki, AlTijara agus Al-Wahda suite sa Damaisc chomh maith.

Córas iompair

cuir in eagar

Tá Aerfort Idirnáisiúnta na Damaisce tuairim is 20km ó lár na cathrach. Tá mionbhusanna an-tábhachtach san iompar poiblí sa Damaisc agus tá tuairim is 100 líne sa chathair.

Leabharliosta

cuir in eagar
 
Cearnóg al-Merjeh
  • Marie Fadel, Rafik Shami: Damaskus, Der Geschmack einer Stadt, München 2009. ISBN 978-3-8363-0037-7
  • Fischer Weltgeschichte 4, Die Altorientalischen Reiche, Band III (Frankfurt 1967).
  • Monika Haddad: Jasmin und Oliven, Frankfurt 2004, ISBN 3-88939-721-2
  • Lieve Joris: Die Tore von Damaskus, Piper 2000.
  • Brigid Keenan: Damaskus. Verborgene Schätze im Orient, Stuttgart 2001. ISBN 3-7630-2384-4
  • Hugh Kennedy: The Prophet and the age of the Caliphates. The Islamic Near East from the sixth to the eleventh century, London 1986. ISBN 0-582-49312-9 (engl.)
  • Carmella Pfaffenbach: Damskus: Von der traditionellen orientalischen Stadt zur kulturell globalisierten Metropole des Südens. In: Günter Meyer (Hg.): Die arabische Welt im Spiegel der Kulturgeographie. Veröffentlichungen des Zentrums für Forschung zur arabischen Welt (ZEFAW) Band 1, Mainz 2004, S. 62-69
  • Wayne T. Pitard: Ancient Damaskus. A historical study of the Syrian city-state from earliest times until its fall to the Assyrians in 732 BC, Winona Lake 1995. ISBN 0-931464-29-3 (engl.)
  • Louis Pouzet: Damas au VIIe/XIIIe s. Vie et structures religieuses dans une métropole islamique, Beyrouth 1988.
  • Christian Reder, Simonetta Ferfoglia (Hg.): Transferprojekt Damaskus. urban orient-ation (Recherchen, Gespräche, Essays, deutsch/arabisch), Edition Transfer bei Springer Wien-New York 2003, ISBN 3-211-00460-2
  • Jean Sauvaget: Les monuments historiques de Damas, Beyrouth 1932.
  • Frank Rainer Scheck, Johannes Odenthal: Syrien. Hochkulturen zwischen Mittelmeer und Arabischer Wüste, Ostfildern: DuMont, 4. Aufl. 2009, S. 124-171 ISBN 978-3-7701-3978-1
  • Michael Teupel: Damaskus - Syrien, International Travel Books, Hamburg 2008, ISBN 978-3-00-024099-7
  • Nicola Ziadeh: Damascus under the Mamluks, Oklahoma 1964.
  1. "دمشق عاصمة الثقافة العربية 2008". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-08-05. Dáta rochtana: 2010-07-15.
  2. Mufti, Malik (1996). "[lch. 20 Sovereign Creations: Pan-Arabism and Political Order in Syria and Iraq]". Cornell University Press. 
  3. "French Mandate for Syria and the Lebanon" (1923). The American Journal of International Law 17 (3): 177–182. doi:10.2307/2212963. ISSN 0002-9300.