an Ghaeilge i Sasana ina cuid tábhachtach de shaol na Gaeilge taobh amuigh d'Éirinn. Bhí Éireannaigh ag teacht go dtí an Bhreatain agus go Sasana go háirithe ar feadh na meánaoiseanna. Thug a bhformhór an Ghaeilge leo, agus faoin 16ú bhí a líon ag dul i méid. Tháinig na mílte ó dheireadh an 18ú haois amach, go háirithe i rith an Drochshaoil. Tá stair fhada ag an teanga i Londain féin ón 16ú haois i leith, agus bunaíodh craobh láidir de Chonradh na Gaeilge ann i dtús an 20ú haois.

Fiú tar éis cuid den phobal mór a dhéanamh de shliocht na nÉireannach i Sasana tá daoine ar fud na tíre ag foghlaim na Gaeilge agus á labhairt.

Eitseáil Bhriostó c. 1850: ceann de phríomhchalaí na nÉireannach (agus na Gaeilge) i Sasana.

An 16ú agus an 17ú haoisCuir in Eagar

 
Bunleabhar ilteangach i nGaeilge, i Laidin agus i mBéarla a rinne Críostóir, Barún Dhealbhna, d’Eilís I Shasana.

Bhí cainteoirí Gaeilge de gach aicme le fáil i Sasana i ndeireadh na meánaoiseanna. Bhí a lán bacach Éireannach i Sasana sa 16ú haois déag, agus ó dheireadh na haoise sin amach bhí sclábhaithe Éireannacha ag cur fúthu i Learpholl, i mBriostó agus i Londain.[1]

I measc na gcainteoirí uaisle a chaith tamall i Sasana bhí beirt deartháireacha de mhuintir Nuinseann, clann de na Sean-Ghaill: Críostóir, 9ú Barún Dhealbhna, fear a scríobh bunleabhar Gaeilge don Bhanríon Eilís, agus Uilleam, file Gaeilge a d’fhreastail, mar is eol dúinn, ar Ollscoil Oxford in 1571.[2]

Bhí mórán Éireannach ina gcónaí i Londain i dtús an 17ú haois, agus Caitlicigh óga ina measc nach raibh ró-dhílis do rialtas Shéamas I. Orthu sin bhí Máire Stíobhartach Ní Dhomhnaill, iníon Bhrighid Nic Gearailt agus Rudhraighe Ó Domhnaill, Iarla Thír Chonaill. Bhí sí ina cónaí i Sasana lena seanmháthair Bantiarna Chill Dara, agus in 1626, nuair a bhí sí 19 bliana d’aois, bhris sí féin agus scata cairde isteach i bPríosún an Tí Geata in Westminster chun a leasdeartháir Caifir “Con” Ó Domhnaill agus a col ceathrar Aodh Ó Ruairc a fhuascailt. D’éalaigh sí ó Londain lena leannán, fear óg darbh ainm Dualtach Ó Gallchobhair. Choisc gaoth chinn orthu imeacht ó Bhriostó chun na hÉireann agus bhí orthu an Mhór-Roinn a bhaint amach.[3]

Sa chéad leath den 17ú haois bhí iarlaí de mhuintir de Búrca ina gcónaí in Summerhill (Cnoc Samhraidh) in Kent agus an teideal Clann Riocaird orthu. B’fhéidir gur ar Uileag de Búrca (d’éag 1657) nó ar a athair Riocard (d’éag 1635) a raibh aghaidh an bhráthar bhocht gan ainm a scríobh dán fada faoi thuras in aisce. Tosaíonn sé:

Olc mo thuras sonn ó Lundain
go Cnoc Samhraidh – aoibhinn aird;
fuaras ainséin, mar nár shaoileas,
beagán aoibhnis, easbhaidh ghráidh.[4]

Tá líne amháin de Ghaeilge i saothar Shakespeare: "Caleno custure me" (Gníomh IV, Radharc 4, Henry V). Teideal amhráin atá ann: "Cailín ó chois tSiúir mé".

 
Radharc ó Chnoc Hambledon in Dorset, contae a raibh saighdiúirí Éireannacha ag troid ann i gCogadh Cathartha Shasana.

Bhí timpeall 2,000 saighdiúir Éireannach mar chuid de na reisimintí Ríoga a tugadh anall ó Éirinn i rith Chogadh Cathartha Shasana. Difríochtaí teanga agus cultúir ba chúis, mórán, leis an doicheall mór a bhí rompu i Sasana. Ina measc bhí saighdiúirí de chuid Mhurchadha Uí Bhriain, 1ú hIarla Inse Uí Chuinn, a thug leis iad agus é ag dul ar thaobh na Parlaiminte.[5]

An 18ú agus an 19ú haoisCuir in Eagar

Tháinig na sluaite Éireannach isteach agus neart cainteoirí Gaeilge ina measc nuair a tosaíodh ag déanamh canálacha sna 1780idí agus bóithre iarainn sa 19ú haois. Chuir níos mó Éireannach fúthu i mbailte mór tionsclaíocha in Lancashire sa chuid deiridh den 18ú haois ná in aon chontae eile. Mealladh a lán Éireannach chun Birmingham i lár an 1820idí agus borradh mór faoin tionsclaíocht ann.

Bhí teaghlaigh mhóra de chainteoirí Gaeilge ann agus cuid mhaith acu ó na ceantair chéanna i gContae Mhaigh Eo, Contae Ros Comáin, Contae na Gaillimhe agus Contae Shligigh. Ba Éireannaigh iad an séú cuid de na cinn teaghlaigh i Manchain faoi 1835. Faoi na 1830idí bhí cainteoirí Gaeilge le fáil i Manchain, i nGlaschú agus sna bailte móra ba mhó sa Bhreatain Bheag Theas. Bhí cainteoirí Gaeilge ó Chontae Ros Comáin, ó Chontae na Gaillimhe agus ó Chontae Mhaigh Eo in Stafford ó na 1830idí amach.[1]

Tháinig na sluaite ó Éirinn go dtí Sasana, an Bhreatain Bheag agus Albain de thoradh an Drochshaoil (1845-52). Tháinig mórán acu ó Chontae Mhaigh Eo, Contae Chorcaí, Contae Phort Láirge agus Contae Luimnigh go dtí Learpholl, Briostó agus bailte móra sa Bhreatain Bheag Theas agus in Lancashire, agus chuaigh siad go Londain go minic. Chuaigh naibhithe ag obair ar na bóithre iarainn. Tá tuairiscí ar phobail Ghaeilge i gceantair de Learpholl i rith an Drochshaoil. [6] Is iomaí cainteoir Gaeilge as Cúige Mumhan a tháinig go Londain agus mórán de na mná gan Bhéarla nó gan ach an cúpla focal acu. Bhí timpeall 100,000 Éireannach tagtha go Londain faoi 1851.[1]

An 20ú haoisCuir in Eagar

Bunaíodh craobhacha de Chonradh na Gaeilge i gcathracha i Sasana de bharr Athbheochan na Gaeilge i dtús an 20ú haois. Bhí trí chraobh den Chonradh i nGlaschú faoi 1902,[7] agus bunaíodh craobh i Manchain.[8]

Tar éis an Dara Cogadh Domhanda bhí mórán Éireannach ag obair “ar na buildeálacha” agus mar bhanaltraí i Londain. Bhí cuid mhaith cainteoirí dúchais ó Chonamara agus ó Ghaeltachtaí eile sna bailte móra agus i Londain, agus ba mhinic a bhíodh an teanga le cloisteáil ar láithreáin tógála agus sna hallaí damhsa.[9]

LondainCuir in Eagar

 
St Giles in the Fields sna 1730idí, mar a léirigh William Hogarth é.

Ba chuid suntasach de shaol Londan na hinimircigh ó Éirinn ón gcéad chuid den 17ú haois. Bhí mórán acu ina n-oibrithe séasúracha agus ina mangairí. Bhí mórán acu le fáil i measc na mbochtán timpeall St Giles in the Fields san 18ú haois agus cuid mhaith acu ina n-athshaighdiúirí. Tá léargas éigin le fáil i dtuairiscí trialach an Old Bailey ar labhairt na Gaeilge sna gcúlsráideanna agus úsáid ateangaire cúirte san áireamh (1768).[10]

Bhí na chéad phobail Éireannacha in St Giles in the Fields agus in Seven Dials. Faoin gcéad chuid den 19ú haois bhí pobail Éireannacha in Whitechapel, Saffron Hill, Poplar and Southwark, agus go háirithe in Marylebone. Ba mhinic na hÉireannaigh i mbun mangaireacht sráide. Mheas Henry Mayhew sna 1850idí gurbh é sin an obair a bhí ag timpeall 10,000 bean agus fear. Tugann an scríbhneoir agus teangeolaí George Borrow cuntas (1851) ar a athair agus é siúd ag dul isteach i slumanna lán de chainteoirí Gaeilge i Londain sa chéad chuid den 19ú haois.[11]

Chuaigh laghdú ar uimhir na n-inimirceach i bhfeidhm ar usáid na teanga. Faoi lár an 19ú haois bhí tuairim is 109,000 duine i Londain (4.5% de dhaonra na cathrach) a rugadh in Éirinn. Faoi 1861 bhí an uimhir sin tite go dtí 107,000, faoi 1871 go dtí 91,000, agus in 1901 go dtí 60,000.[12]

Bhí Conradh an Gaeilge i mbun oibre in Londain. Bhí daoine nótáilte ina mbaill de chraobh Londan agus bhí sí chun tosaigh ag foilsiú ábhair i nGaeilge.[13][14]

Grúpaí agus rangannaCuir in Eagar

LondainCuir in Eagar

Bíonn cruinniú Gaeilgeoirí sa teach tábhairne The Auld Triangle i bhFinsbury Park gach coicís, [15] agus tá ranganna Gaeilge san Irish Cultural Centre[16], Hammersmith agus sa London Irish Centre[17] in Camden Town. Cuireann St Mary's University[18] ranganna saor in aisce ar fáil d'fhoghlaimeoirí. Reáchtálann Coláiste na nGael imeachtaí teanga i dteanna Chonradh na Gaeilge.[19]

ManchainCuir in Eagar

Tá dhá ghrúpa Gaeilge sa chathair, Conradh na Gaeilge Manchester agus Manchester Irish Language Group.

Eagraíonn Manchester Irish Language Group ranganna seachtainiúla agus imeachtaí cultúrtha, leithéidí Fhéile Ealaíon Manchain (imeacht bliantúil).[20].

BirminghamCuir in Eagar

Bíonn ranganna Gaeilge ar an Luan san Irish Centre Birmingham. [21]

LearphollCuir in Eagar

Bíonn ranganna Gaeilge ar an Déardaoin in St. Michael's Irish Centre.[22]

LeedsCuir in Eagar

Bíonn ranganna Gaeilge ar an Luan san Irish Arts Foundation.[23]

NewcastleCuir in Eagar

Bíonn ranganna Gaeilge ar an Luan sa Tynside Irish Centre.[24]

An Bhreatain BheagCuir in Eagar

Bíonn ranganna Gaeilge ar an Aoine i gCaerdydd.[25]

NaiscCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 "'The Irish in England', in Family Tree Magazine" 8–10.
  2. De Brún, Pádraig; Ó Buachalla, Breandán; Ó Concheanainn, Tomás (eag.). Nua-Dhuanaire: Cuid 1. Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath 1975, lch 179.
  3. Bagwell, Richard (1895). "O'Donnell, Mary Stuart," National Dictionary of Biography, imleabhar 41, lch 446; luaitear "Addenda," Earls of Kildare, lch 321.
  4. Nua-Dhuanaire, ibid., lch 7
  5. Stoyle, Mark. Soldiers and Strangers: An Ethnic History of the English Civil War. Yale University Press 2005, lgh 62-70. ISBN 9780300107005
  6. Nic Craith, Máiréad; Leyland, Janet, ‘The Irish language in Britain: A case study of North West England,’ Language, Culture and Curriculum, Volume 10, Issue 3, 1997, pp. 171-185. DOI: 10.1080/07908319709525250
  7. "Gaelic Revival".
  8. "Irish Manchester".
  9. Féach an léargas a thugtar ar an saol úd in Mac Amhlaigh, Dónall. Dialann Deoraí. An Clóchomhar Tta 1960.
  10. "Old Bailey Proceedings Online: Margaret Flanady, William Flanady, Deception and perjury".
  11. "Lavengro" (2006-05-15). Retrieved on 2017-03-08. 
  12. "Communities - Irish London - Central Criminal Court".
  13. "Introduction".
  14. "Programme for Feis Lonndan, 1907. - UCD Digital Library".
  15. http://www.meetup.com/ar-an-drabhlas-Londain/
  16. http://www.irishculturalcentre.co.uk/?q=adult/language
  17. http://www.londonirishcentre.org/events/
  18. http://irishpost.co.uk/university-offers-free-irish-language-classes/
  19. https://www.facebook.com/ConradhnaGaeilgeLDN/
  20. http://mancirishlang.org.uk/
  21. http://www.irishcentrebirmingham.co.uk/index.php/aboutus/81
  22. http://www.stmichaelsirishcentre.org/#!regular-events/ilke0
  23. http://www.irisharts.org.uk/events
  24. http://www.getintonewcastle.co.uk/whats-on/events/irish-language-lessons-2/
  25. http://www.jomec.co.uk/altcardiff/culture/irish-classes-available-in-cardiff