Osclóidh seo an príomhroghchlár

Is éard atá i gceist leis an nGaeilge i dTuaisceart Éireann ná an teanga Cheilteach sin a labhraítear sa chuid sin den oileán.

Cé nach bhfuil aon eolas beacht ann i dtaobh líon na múinteoirí a bhí cáilithe an Ghaeilge a mhúineadh idTuaisceart Éireann i rith luathbhlianta na 1920idí ná líon na scoileanna a bhí i gceist is féidir meastachán maith a dhéanamh bunaithe ar staitisticí oideachais. Ar an gcuid ba mhó bhí suas le 380 múinteoir a raibh buncháilíochtaí sa Ghaeilge acu ag múineadh an ábhair in 177 mbunscoil poiblí (mar a bhí á thabhairt ar na scoileanna náisiúnta faoin tráth seo). B'ionann sin agus isteach nó amach le 34% de na múinteoirí i mbunscoileanna poiblí sin a bhí faoi bhainistíocht Chaitliceach nó 8% de mhóriomlán na mbunmhúinteoirí idTuaisceart Éireann.

Tá tagairt i gcomhaid de chuid na hAireachta do 271 múinteoir Gaeilge in 191 scoil i rith na tréimhse sin anuas go dtí 1927. Ní áirítear ina measc, áfach, an líon sin de na múinteoirí nach mbíodh deis acu an t-ábhar a mhúineadh ar chor ar bith. Tugann staitisticí scrúduithe scoileanna le fios go raibh ar a laghad múinteoir amháin Gaeilge ag gach uile cheann de na 245 scoil a bhí faoi bhainistíocht Chaitliceach is é sin isteach is amach le 31% den mhóriomlán i dTuaisceart Éireann. Tá an Nua-Ghaeilge ar fáil mar chuid den chúrsa céime sa Léann Ceilteach ag Ollscoil na Banríona agus mar ábhar roghnach i gColáiste Mhuire.