An Ghluaiseacht Neamhailínithe

Is éard atá sa Ghluaiseacht Neamhailínithe, nó Gluaiseacht na dTíortha Neamhailínithe, ná fóram 120 ballstát nach bhfuil i gcomhghuaillíocht fhoirmeálta ar bith - is é sin nach bhfuil ina mballstáit d'aon chomhghuaillíocht mhíleata. Is í an dara heagraíoht idirnáisiúnta is mó, i ndiaidh na Náisiún Aontaithe. Tíortha i mbéal a bhforbartha, nó tíortha tearcfhorbartha fiú, atá iontu go bunúsach.

Tháinig gluaiseacht na dtíortha neamhailínithe ar an bhfód i ré an Chogaidh Fhuair, nuair a rinne tíortha áirithe iarracht gan dul leis an deighilt dhomhanda idir comhghuaillithe na Stát Aontaithe (Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Theas) agus comhghuaillithe an Aontais Shóivéadaigh (Conradh Vársá). Socraíodh prionsabail na gluaiseachta i gComhdháil Bandung sa bhliain 1955 agus bunaíodh an ghluaiseacht go foirmeálta i mBéalgrád sa bhliain 1961. Ba iad Príomh-Aire na hIndia Jawaharlal Nehru, Uachtarán na hIúgslaive Josip Broz Tito, Uachtarán na hÉigipte Gamal Abd al Nasir, Uachtarán Ghána Kwame Nkrumah, agus Uachtarán na hIndinéise Sukarno tionscnóirí na Gluaiseachta. Níor tosaíodh ag baint úsáide as an téarma An Ghluaiseacht Neamhailínithe ach i gcúigiú comhdháil na gluaiseachta, sa bhliain 1976.

Ba é Fidel Castro a chuir i bhfoclaibh cuspóir na heagraíochta i bhForógra Havana sa bhliain 1979 mar seo: "cinntiú an neamhspleáchais náisiúnta, an fhlaithis, na sláine críche agus na slánála do na tíortha neamhailínithe" agus iad "ag streachailt leo in aghaidh an impiriúlachais, an choilíneachais, an nua-choilíneachais, an chiníochais agus gach cineál ionsaí ón gcoigríoch, forghabhála, forlámhais, trasnaíochta nó mórcheannais agus in aghaidh an chineál polaitíochta atá bunaithe ar cheannas na mórchumhachtaí agus ar na blocanna." Tá beagnach dhá dtrian de bhallstáit na Náisiún Aontaithe ina mballstáit den Ghluaiseacht Neamhailínithe, agus tá 55 % de dhaonra an Domhain ina gcónaí sna tíortha seo. Tíortha de chuid an Tríú Domhan an chuid is mó de na tíortha neamhailínithe, cé go bhfuil náisiúin áirithe lánfhorbartha ann chomh maith.

Cé go raibh cuid nár bheag de na tíortha neamhailínithe sách cairdiúil leis an tSín nó an tAontas Sóivéadach i mblianta an Chogaidh Fhuair, agus coimhlintí áirithe taobh istigh den Ghluaiseacht dá réir, tháinig an Ghluaiseacht slán as an gCogadh Fuar. Sna blianta i ndiaidh dheireadh an Chogaidh Fhuair dhírigh an ghluaiseacht ar chomhoibriú iltaobhach a fhorbairt agus aontas na náisiún i mbéal a bhforbartha a chur chun dinn, go háirithe idir na tíortha arb iad an Deisceart Domhanda iad.