Grúpa neamhfhoirmiúil is ea an Eoraghrúpa, nó an Grúpa Euro, a thagann le chéile le gnóthaí a bhaineann le hairgeadra an euro a phlé.[1] Airí Airgeadais ó thíortha limistéar an euro atá ina mbaill den ghrúpa.[2]

Bosca Sonraí EagraíochtaAn Grúpa Euro
Sonraí
Cineálcoiste Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh4 Meitheamh 1998
Gníomhaíocht
Faoi thionchar
Rialachas corparáideach
UachtaránachtMário Centeno (2018–) Cuir in eagar ar Wikidata
Uachtarán an Ghrúpa Euro Cuir in eagar ar WikidataJeroen Dijsselbloem Cuir in eagar ar Wikidata
MáthaireagraíochtComhairle an Aontais Eorpaigh Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinconsilium.europa.eu… Cuir in eagar ar Wikidata

Pléann Airí an limistéir euro ábhair a bhaineann lena bhfreagrachtaí comhpháirteacha maidir leis an euro. I measc na rannpháirtithe bíonn Uachtarán Ghrúpa an euro, an Coimisinéir um ghnóthaí geilleagracha agus airgeadaíochta, Uachtarán an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus Airí Airgeadais na mballstát i limistéir an euro.

De ghnáth tagann an Grúpa Euro le chéile uair sa mhí, roimh gach cruinniú Comhairle ECOFIN.

Tionóladh an chéad chruinniú ar an 4 Meitheamh 1998 i Château de Senningen i Lucsamburg.

Is é príomhchúram an chomhlachta dlúthchomhar i ndáil le beartais eacnamaíocha a chinntiú i measc Bhallstáit an limistéir euro. Tá sé mar aidhm freisin aige dálaí a sporadh lena réadófar fás eacnamaíoch níos láidre.

Bíonn an Grúpa Euro freagrach freisin as na Cruinnithe Mullaigh Euro a ullmhú agus as an obair a leanann iad.

Cruinnithe

cuir in eagar

Is gnách go dtagann an Grúpa Euro le chéile uair sa mhí, an lá roimh chruinniú na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais. Bíonn an coimisinéir um ghnóthaí eacnamaíocha agus airgeadais, cánachas agus custam agus Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh rannpháirteach i gcruinnithe an Ghrúpa Euro freisin.

Tionóladh céad chruinniú neamhfhoirmiúil airí airgeadais thíortha an limistéir euro an 4 Meitheamh 1998 in Château de Senningen i Lucsamburg.

An tUachtarán

cuir in eagar

Toghann an Grúpa Euro uachtarán, a bhíonn sa phost ar feadh 2.5 bliain, trí thromlach simplí de na vótaí a caitheadh. Ón 13 Iúil 2020 i leith, is é Paschal Donohue, Aire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe na hÉireann, Uachtarán an Ghrúpa Euro. Toghadh é an 9 Iúil 2020.

Bunús dlí

cuir in eagar

An Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE):

  • Airteagal 137 – rialacha a bhaineann go sonrach le tíortha sin an Aontais arb é an euro an t-airgeadra atá acu[3]
  • Prótacal (Uimh. 14) maidir leis an nGrúpa Euro

Féach fresin

cuir in eagar
  1. Nuacht RTÉ (2022-11-24). "Paschal Donohoe athcheaptha mar uachtarán ar an Eoraghrúpa" (as ga). 
  2. "An Grúpa Euro" (ga). www.consilium.europa.eu. Dáta rochtana: 2021-02-05.
  3. "An Grúpa Euro". eur-lex.europa.eu. Dáta rochtana: 2021-02-05.