An Lá Mór (Agóid)

(Athsheolta ó An Lá Mór)


Is agóid ar son stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach a bhí sa An Lá Mór a tharla i mBaile Átha Cliath ar an 24 Aibreán, 2004. Bhí Stádas agus Na Gaeil Óga taobh thiar den fheachtas a raibh stádas oifigiúil na Gaeilge san AE mar chríoch air.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAn Lá Mór
Cineálagóid Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana24 Aibreán 2004 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhBaile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhalt: Feachtas "Stádas"

Bhí tuairim is 6,000 duine i láthair ar an lá a d'fhág go raibh An Lá Mór ar na hagóidí Gaeilge ba mhó riamh i stair na hÉireann. Chruinnigh an slua ag barr Shráid Uí Chonaill agus shiúil trí lár Bhaile Átha Cliath go dtí Sráid Theach Laighean. Ar ardán taobh amuigh de Thithe an Rialtais labhair Seán Ó Neachtáin, Aoife Ní Scolaí ó Chonradh na Gaeilge, Tomaí Ó Conghaile thar cheann Na Gaeil Óga mar aon le Panu Petteri Höglund ón Fhionlainn.

Bunaíodh Na Gaeil Óga chun ceist STÁDAS a bhrú chun tosaigh sna hollscoileanna agus tugadh áit ar ardán don ghrúpa ar an Lá Mór. Rinne Aoife Ní Scolaí comhordú ar rannpháirtíocht Chonradh na Gaeilge san fheachtas. Le linn an fheachtais, tháinig sé chun solais go raibh Panu Petteri Höglund i ndiaidh achainí dá chuid féin a chur ar siúl ar an Idirlíon ar mhaithe leis an gcuspóir céanna. Thug Stádas lántacaíocht don achainí sin, agus rinne siad cinneadh go dtabharfaí cuireadh do Panu a bheith i láthair sa mhórshiúl agus labhairt ag an léirsiú mór os comhair Dháil Éireann.

Féach Freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar