Is é an Meán-domhan (Béarla: Middle-earth; tá an téarma seo bunaithe ar Middangeard an tSean-Bhéarla agus ar Miðgarður na hÍoslainnise) an ilchríoch shamhailteach ina bhfuil imeachtaí an úrscéil fhantaisíochta Tiarna na bhFáinní le J. R. R. Tolkien suite.

Samhail den Aon Fháinne Amháin, arb é buninneall na n-imeachtaí é in úrscéal Tolkien.

Tíreolas cuir in eagar

 
Sracléarscáilh den Mheán-domhan

Cheap Tolkien an Meán-domhan mar ilchríoch sa chruinne ar a dtugann sé Arda. Cuimsíonn Arda an Domhan, is é sin, ImbarAmbar, chomh maith leis an nGrian, an Ghealach agus na réaltaí. Is cuid den ollchruinne é Arda - is é an ollchruinne.

Mar a chruthaigh Eru Ilúvatar (is é sin, Dia) an Domhan ar dtús, bhí dhá ilchríoch ann: an Meán-domhan, nó Endor, agus na Tailte Neamhbhásmhara (The Undying Lands) nó an Ríocht Bheannaithe (The Blessed Realm)—Aman. Bhí an dá ilchríoch seo dealaithe ó chéile ag an bhFarraige Mhór, Belegaer.

Aman cuir in eagar

In Aman a bhí cónaí ar na Valar, is é sin, ar na "miondéithe" nó na hardaingil a bhí cosúil le déithe na miotaseolaíochtaí Gréagacha, Rómhánacha agus Gearmánacha. Ós rud é gur Caitliceach cráifeach ab ea Tolkien, ba leasc leis ollchruinne mhiotasúil a chruthú nach mbeadh aon Dia amháin os a cionn, agus mar sin, chuir sé Eru Ilúvatar ag rialú Arda. Ón taobh eile de, bhí dúil aige riamh sna miotaseolaíochtaí réamh-Chríostaí agus ina gcuid déithe freisin, agus chruthaigh sé na Valar. B'as Aman ó dhúchas do na hEilbh, na hEldar, chomh maith.

Númenór cuir in eagar

Bhí an t-oileán úd Númenór suite san Fharraige Mhór—nó sna Farraigí Dealaitheacha, The Sundering Seas—idir Aman agus an Meán-domhan. Bhronn na Valar ar an gcine daonna é, ó tháinig na Daoine chun fortachta do na hEilbh le linn Chogadh na Seod, cogadh a chuir na hEilbh ar Mhorgoth, an Vala a d'iompaigh ina "dhiabhal". Mar sin, thug muintir Númenór Yôzâyan, nó Tír an Bhronntanais, ar Númenór ina dteanga féin, an teanga Adûnaic. Bhí teangacha na nEalbh, an teanga Sindarin agus an teanga Quenya, á labhairt is á staidéar go forleathan i Númenór.

Bhí déanamh na réalta ar Oileán Númenór, agus é roinnte ina shé réigiún: an cúig leithinis (Andustar, Hyarnustar, Hyarrostar, Orrostar agus Forostar) agus an séú réigiún i lár an oileáin (Mittalmar). I lár Mittalmar a bhí sliabh Meneltarma, agus ar mhullach an tsléibhe, thagadh slua mór de mhuintir an oileáin le chéile trí huaire in aghaidh na bliana, le hErukyermë (teacht an Earraigh), Erulaitalë (lár an tsamhraidh) agus Eruhantalë (altú an fhómhair) a cheiliúradh agus buíochas is urraim a thabhairt d'Eru Ilúvatar. Ba é Armenelos príomhchathair Númenór, agus bhí an cuan úd Rómenna in oirthear an oileáin suite taobh istigh de chríocha Mittalmar, idir an dá leithinis úd Orrostar agus Hyarrostar.

D'iompaigh muintir Númenór ina seoltóirí agus ina mairnéalaigh mhóra, go háirithe faoi cheannas Vëantur, a bhí ina cheannasaí ar chabhlach an rí (tá cur síos air seo le léamh sa scéal Aldarion and Erendis, sa leabhar Unfinished Tales). Bhí sé de gheasa orthu, áfach, gan seoladh chomh fada siar leis an Ríocht Bheannaithe. I rith an ama, thosaigh an cosc seo ag cur isteach orthu, ó shíl siad go mbeadh neamhbhásmhaireacht agus saol síoraí suthain ar fáil sna Tailte Neamhbhásmhara. Sa deireadh, d'éirigh siad as Eru Ilúvatar a urramú agus teangacha na nEalbh a labhairt. Ansin, ghléas an rí Ar-Pharazôn fórsa sluaíochta de longa leis an Ríocht Bheannaithe a ionsaí agus an neamhbhásmhaireacht a bhaint amach do na Daoine le lámh láidir. Nuair a chuaigh an fórsa sluaíochta i dtír thiar in Aman, áfach, tháinig feirg ar Eru Ilúvatar, agus bhain sé an Bronntanas de na Daoine: chuir sé Númenór i dtóin phoill leis an gcuid is mó de mhuintir an oileáin.

Ar dtús, diosca mín leibhéalta ab ea Imbar. Nuair a chuaigh muintir Númenór in anuabhar air, áfach, chuir Eru Ilúvatar athrú cuma ar an domhan: bhain sé an Ríocht Bheannaithe de dhromchla an Domhain, agus rinne sé liathróid de: anois, má chuaigh longa na ndaoine ar lorg Aman, níor tháinig siad sa deireadh ach ar an áit ar imigh siad. Ina dhiaidh sin féin, áfach, bhí longa draíochta na nEalbh in ann Aman a bhaint amach agus an "Cosán Díreach" (The Straight Path) nó an "Bealach Caillte" (The Lost Road) á thaisteal acu.

Samhailchomhartha tábhachtach é an "Cosán Díreach" i miotaseolaíocht phríobháideach Tolkien. D'fhéadfá a rá go seasann léirscrios Númenór do thitim an chine dhaonna, don dóigh ar chaill an duine an ceangal díreach do Dhia agus an caidreamh nádúrtha a bhí aige Leisean.

An Meán-domhan féin cuir in eagar

Ar dtús, bhí cuma shiméadrach ar an Meán-domhan, ach ansin, rinne Melkor (Morgotħ), an Vala a chuaigh chun ceannairce ar Eru Ilúvatar, rinne sé an-scrios ar an ilchríoch, agus chuir sé an tsiméadracht as a riocht. Bhí an ilchríoch roinnte ina dhá fo-ilchríoch, ceann amháin ó thuaidh agus an ceann eile ó dheas, agus slabhraí fada sléibhte thiar agus thoir sa dá fho-ilchríoch. Bhí na sliabhraonta ainmnithe as na dathanna: na Sléibhte Bána (White Mountains), na Sléibhte Gorma (Blue Mountains), na Sléibhte Liatha (Grey Mountains), agus na Sléibhte Dearga (Red Mountains).

Diosca mín a bhí in Arda ar dtús. Chruthaigh na Valar dhá lampa mhóra mhillteanacha le solas a thabhairt: Illuin agus Ormal. Thóg an Vala Aulë, an saor agus an tógálaí, — thóg sé dhá thúr mhóra, Helcar i bhfad ó thuaidh agus Ringil i bhfad ó theas. Cuireadh Illuin ar Helcar, agus shuigh na Valar Ormal ar Ringil. Idir an dá lampa, san áit a raibh an dá chineál solas á mheascadh, bhí cónaí ar na Valar in oileán Almaren. Nuair a mhill Melkor an dá lampa, scriosadh oileán Almaren, agus fágadh farraigí móra san áit a raibh na lampaí. Chuaigh na Valar chun cónaithe taobh amuigh den Mheán-domhan go dtí Aman, áit ar bhunaigh siad a ríocht féin, Valinor. Tugadh Farraige Helcar ar an bhfarraige thuaidh, agus baisteadh an t-ainm Beleriand ar na críocha taobh thiar de na Sléibhte Gorma. Chruthaigh Melkor sliabhraon nua, Sléibhte an Cheo (The Misty Mountains) le cur as don Vala Oromë, a raibh de nós aige dul ag sealgaireacht sa Mheán-domhan fiú i ndiaidh do na Valar aistriú go Valinor.

An Chéad Aois cuir in eagar

An chuid is mó de na himeachtaí "staire" a luaigh Tolkien leis an gCéad Aois sa Mheán-domhan, is in Beleriand a thit siad amach. Taobh istigh de chríocha Beleriand, bhí ríochtaí folaithe na nEalbh: Doriath, arbh é an Rí Elu Thingol (Elwë Singollo) a rialaigh í, agus Gondolin, arbh é Turgon a bhunaigh í. Áit thábhachtach eile ab ea Nargothrond, dún daingnithe arbh é an tEalbh Finrod Felagund a bhunaigh é. Thoir sna Sléibhte Gorma a bhí cónaí ar na hAbhaic, agus iad tar éis dhá chathair mhóra a ghearradh sa chloch, Belegost agus Nogrod. Bhí an abhainn mhór úd Sirion ag rith idir Oirthear agus Iarthar Beleriand. San Oirthear, bhí ríocht Ossiriand in inbhear na habhann úd Gelion—ba í Ossiriand ríocht na treibhe sí ar a dtugtar na hEilbh Liatha. Taobh thuaidh de Bheleriand, bhí na réigiúin úd Nevrast, Hithluin, agus Dor-lómin, chomh maith le Sléibhte an Iarainn (Iron Mountains), áit a raibh Angband, dún Melkor. Ba é Cogadh na Feirge (War of Wrath) idir lucht leanúna na Valar agus sluaite armtha Melkor a chuir deireadh leis an gCéad Aois.

An Dara agus an Tríú hAois cuir in eagar

Sa Dara agus sa Tríú hAois, ba iad na réigiúin ba thábhachtaí in Iarthar an Mheán-domhain ná Eriador, Gondor, Sléibhte an Cheo, agus gleannta na habhann móire úd Anduin. Is iad na Sléibhte Gorma, nó Ered Luin, teorainn nádúrtha Eriador san iarthar, agus iad ag rith in aice leis an bhfarraige. Tá Mithlond, nó na Cuanta Liatha (Grey Havens), suite in Inbhear Lhûn: is ansin a théann na hEilbh ar bord loinge le haghaidh a thabhairt ar an Ríocht Bheannaithe. Mar a chonaic muid thuas, ní féidir an Ríocht Bheannaithe a shroicheadh ón Meán-domhan a thuilleadh, ach amháin le longa draíochta na nEalbh, agus iad in ann an Cosán Díreach (the Straight Path) a sheoladh go dtí Valinor.

Is iad Sléibhte an Cheo teorainn nádúrtha Eriador thoir. Ritheann an sliabhraon seo ón tuaisceart a fhad le hIsengard, nó Orthanc, áit a bhfuil cónaí ar an draíodóir Saruman. I Sléibhte an Cheo a ghearr na hAbhaic an chathair is mó agus is áille dá gcuid riamh, Khâzad-dumMoria.

In Eriador a bhunaigh iarsmaí mhuintir Númenór an ríocht úd Arnor, nó Tír an Rí. Níos déanaí, thit an ríocht seo as a chéile ina trí mhionríocht, mar atá, Arthedain, Cardolan, agus Rhudaur. Nuair a thit imeachtaí Thiarna na bhFáinne amach, áfach, bhí na ríochtaí seo ligthe i ndearmad cheana féin. Bhí tír na Hobad, nó an tSír (the Shire), suite in Eriador freisin, chomh maith le hImladris nó Gleann na Scoilte, áitreabh de chuid na nEalbh, cóngarach do thaobh thiar Shléibhte an Cheo. Ba é an tEalbh Elrond a bhí i gceannas ar mhuintir Ghleann na Scoilte, agus é ina sheanchaí mór acu, ó bhí sé beo ó laethanta na Chéad Aoise anuas.

Taobh thoir de Shléibhte an Cheo, bhí an réigiún mór úd Rhovanion, chomh maith le Lothlórien, tír de chuid na nEalbh, agus Galadriel ina banríon uirthi. Píosa maith ó theas, bhí coill Fangorn, agus an tEinteach—sórt fathach i riocht crainn—Crannfhéasóg (Treebeard) ag rialú ansin. Ritheann an abhainn úd Anduin trí Lothlórien, agus taobh thoir de Fangorn. Aniar ón abhainn a bhí an Mhodarchoill. Níos faide soir fós a bhí Erebor, nó an Sliabh Uaigneach, agus an dragan Smóg ag cur faoi ansin. Ansin atá an chathair na tSratha (Dale) freisin. Daoine daonna iad muintir na cathrach sin, agus a lán caidrimh acu leis na hAbhaic.

Taobh theas agus thoir de Shléibhte an Cheo a bhí ríocht na Rochann—is é an leagan Béarla a bhí ag Tolkien ná Rohan, ach san iarfhocal a chuir sé le Tiarna na bhFáinní, dúirt sé go bhfuil Rohan "bunaithe ar an bhfoirm Rochann, seanfhoirm Rochand", agus mar sin, is féidir Rocha nó tír na Rochann a thabhairt uirthi as Gaeilge. Bhí na Rochannaigh ina gcomhghuaillithe ag muintir Gondor, a raibh a dtír suite taobh theas de Rochainn. De shliocht Númenór ab ea muintir Gondor. Taobh thoir de Gondor, bhí Mordor suite, tír a bhí timpeallaithe ag na sléibhte ó thrí thaobh, agus b'ansin a bhí cónaí ar Sauron, an Tiarna Dubh, sa Túr Dorcha, nó Barad-dûr. Bhí na tailte ó theas ó Gondor—Harad, nó an Deisceart—faoi fhorlámhas Sauron, agus a muintir naimhdeach do Gondor.

Logainmneacha cuir in eagar

  • Angrenost nó an Daingean Iarainn (Béarla: Isengard), daingean Saruman.
  • Arnor, ríocht i dtuaisceart an Mheán-domhain i dtús na Tríú hAoise. Thit an ríocht seo as a chéile go luath, ionas gur tháinig Rhudaur, Arthedain agus Cardolan ina háit.
  • Barad-dûr nó an Túr Dorcha: an túr agus an daingean ina raibh cónaí ar Sauron i Mordor. I dTeanga Dhubh Sauron féin, is é Lugbûrz ainm na háite seo.
  • Belegaer—an Fharraige Mhór taobh thiar den Mheán-domhan.
  • Bá Belfalas—bhí cósta theas Gondor suite chois na bá seo. Ar an taobh eile den bhá, bhí foghlaithe mara Harad ina gcónaí.
  • Carach Angren nó an Béal Iarainn (Béarla: Isenmouthe): b'é seo an geata idir gleann Udûn agus machaire Gorgoroth i Mordor.
  • Dol GuldurCnoc na Marbhdhraíochta (Béarla: Hill of Sorcery)—cnoc agus daingean i ndeisceart na Coille Dorcha. B'ansin a chuir Sauron faoi, sular aistrigh sé go Mordor. Roimh theacht Sauron, thugtaí Amon Lanc nó An Sliabh Lom ar an áit.
  • Ephel DúathSléibhte an Scátha, sliabhraon arb é teorainn thiar Mordor é.
  • Ered LithuiSléibhte an Luaithrigh, sliabhraon arb é teorainn thuaidh Mordor é.
  • Ered Luinna Sléibhte Gorma, sliabhraon arb é teorainn thiar Eriador é. Sa Tríú hAois, bhí na sléibhte seo ag rith in aice le cósta thiar an Mheán-domhain.
  • Eriador, réigiún mór in Iarthar an Mheán-domhain idir na Sléibhte Gorma agus Sléibhte an Cheo. I dtús na Tríú hAoise, bhí an réigiún seo á rialú ag rí Arnor.
  • Gondor, ríocht de chuid na nDaoine in Iarthar an Mheán-domhain. Ba iad Isildur agus Anárion ó Númenór a bhunaigh an ríocht seo go gairid roimh dheireadh na Dara hAoise.
  • Gorgoroth, machaire in iarthuaisceart Mordor. Bhí Sliabh na Cinniúna (Orodruin, Amon Amarth) suite i lár Gorgoroth.
  • Harad—an Deisceart. Bhí foghlaithe mara ag cur fúthu i Harad, agus iad ag cuidiú le Sauron.
  • Doimhneacht Helm (Béarla: Helm's Deep)—gleann i sliabhraon Ered Nimrais. B'iad na Rochannaigh a bhí i seilbh an ghleanna, agus daingean acu ansin, mar atá, Hornburg. Tá an gleann ainmnithe as Helm Síorbhuailteach (Béarla: Helm Hammerhand), rí na Rochann, a chaith geimhreadh na mblianta 2758-2759 sa Tríú hAois ansin le teacht slán ó na Dúnlannaigh.
  • HithaeglirSléibhte an Cheo (Misty Mountains), an sliabhraon arb é teorainn thoir Eriador é.
  • Imladris, Gleann na ScoilteRivendell as Béarla—coilíneacht de chuid na nEalbh in aice le Sléibhte an Cheo. B'é Elrond taoiseach na nEalbh i Rivendell.
  • Ithilien nó Tír na Gealaí—an chuid ab fhaide thoir de Gondor.
  • Khand—tír chianmhar a bhí suite taobh thoir theas de Mordor. Vairiagaigh an t-ainm a bhí ar mhuintir na tíre seo, agus iad i gcomhghuaillíocht le Sauron.
  • Minas Morgul ("Túr na Marbhdhraíochta"), iarchathair de chuid mhuintir Gondor in aice le Mordor (seanainm: Minas Ithil nó "Túr na Gealaí"). Shealbhaigh lucht leanúna Sauron í agus d'iompaigh ina bunáit dá gcuid féin í.
  • Minas Tirith ("Túr an Gharda"), príomhchathair Gondor (seanainm: Minas Anor nó Túr na Gréine. Nuair a ghabh Sauron Minas Ithil, fuair Minas Anor an t-ainm nua).
  • Morannonan Geata Dubh (the Black Gate)—ba é seo an bealach isteach i Mordor, sa bhearna idir Ephel Dúath agus Ered Lithui. An té a rachadh isteach anseo, gheobhadh sé roimhe an gleann úd Udûn; i ndiaidh dó Udûn a chur de chaithfeadh sé teacht trí gheata eile fós, Carach Angren nó an Béal Iarainn (Béarla: Isenmouthe) le Gorgoroth a bhaint amach.
  • Mordor, ríocht Sauron san Oirthear, agus na sléibhte á timpeallú ó thrí thaobh: Ered Lithui sa Tuaisceart agus Ephel Dúath san Iarthar agus sa Deisceart. Bhí gleann dubh domhain in Iar-Thuaisceart Mordor, Gleann Udûn, agus ní raibh sé indéanta daingean Sauron, Barad-dûr nó an Túr Dorcha, a bhaint amach gan dul tríd an ngleann seo. Siar ó dheas ó Barad-dûr a bhí Machaire Gorgoroth, agus tailte ní ba mhéithe níos faide ó dheas, i Núrn, agus bhí na tailte sin á saothrú le bia a sholáthar do shluaite cogaidh Sauron. Bhí loch mór ansin freisin, Muir Núrnen.
  • Orodruin (Sliabh na Tine) nó Amon Amarth (Sliabh na Cinniúna): bolcán i Machaire Gorgoroth, Mordor. Le tine an bholcáin seo a théigh Sauron an t-ór le haghaidh an tAon Fháinne Amháin, agus ní leáfadh aon tine eile é.
  • Pelennor: ba iad Páirceanna Pelennor na tailte talmhaíochta timpeall ar Minas Tirith, taobh istigh de Rammas Echor.
  • Rhûn: "An tOirthear" i dteanga na nEalbh. Go bunúsach, níor thug Tolkien mórán eolais don léitheoir ar an gcuid seo den Mheán-domhan, ach amháin go raibh daoine ina gcónaí ansin nach raibh cairdiúil i leith mhuintir Gondor agus na Rochann, agus iad sásta dul i gcomhghuaillíocht le Sauron ina n-aghaidh.
  • Rocha (Béarla: Rohan), ríocht de chuid na nDaoine taobh thuaidh de Gondor. Fir mhóra mharcaíochta ab ea na Rochannaigh, agus iad an-tugtha dá gcuid capall. Ní raibh sibhialtacht chomh forbartha acu agus a bhí ag muintir Gondor.
  • An tSír (The Shire, Sûza sa teanga Westron), ceantar dúchais na Hobad.
  • Udûn, gleann in Iarthuaisceart Mordor.

Stair cuir in eagar

Sa díolaim mhiotaseolaíoch a chuir Christopher Tolkien, mac an scríbhneora, in eagar i ndiaidh bhás J. R. R. Tolkien féin, mar atá, The Silmarillion, aithnítear ceithre mhórthréimhse stairiúla, mar atá, Ainulindalë, Blianta na Lampaí, Blianta na gCrann agus Blianta na Gréine. Sa Mheán-domhan féin, áfach, thosaigh taifead na staire nuair a mhúscail na hEilbh an chéad uair, sa Chéad Aois. Faoin am sin a d'éirigh an Ghrian an chéad uair, freisin. B'ansin a thosaigh Blianta na Gréine, agus ní cuimhin leis na hEilbh féin a dhath ón am roimhe sin—Tosach na Laethanta, mar a thugann muintir an Mheán-domhain féin air.

Ainulindalë cuir in eagar

I dtús báire, bhí Eru Ilúvatar ann, is é sin, Dia, agus chruthaigh Sé spioraid mhóra, na hAinur. Mhúin Sé do na hAinur ceol a dhéanamh, agus thosaigh siad ag seinm leo, de réir an téama a thug Ilúvatar dóibh. An tAinu ba láidre acu ar fad, Melkor, ar ar tugadh Morgotħ ní ba deireanaí, chuir sé an téama as a riocht, agus ansin, thug Ilúvatar téamaí nua, ionas gur éirigh an ceol róchasta le bheith intuigthe ag na hAinur féin. Sa deireadh, ghair Ilúvatar an ceol chun saoil: Eä!—"bíodh sé ann!"—agus ansin, d'iompaigh ceol na nAinur—an truailliú a mheasc Melkor tríd san áireamh—ina ollchruinne, nó . Cuid de na hAinur, thuirling siad ansin ar le snas a chur ar a raibh cruthaithe ag Ilúvatar.

Tús na Laethanta cuir in eagar

Nuair a chuaigh na hAinur síos in le hArda a fhoirmiú agus a ullmhú le haghaidh Chlann Ilúvatar—is é sin, na Daoine agus na hEilbh—tháinig Melkor agus a chuid ansin freisin, agus iad ag cur ó mhaith obair na nAinur eile. Roinntear na hAinur ina dhá rang: is iad na Valar an chuid is cumhachtaí acu, agus thairis sin, tá na Maiar ann. B'é Melkor an tAinu ba láidre acu, ach b'é Manwë ceannasaí na nAinur. Bhí baint ag gach Vala le gné áirithe den domhan, agus b'ansin a bhí a chuid cumhachtaí fócasaithe. Bhí dúil ag Melkor sna hantoisceachtaí - an teas mór, an fuacht mór, na talamhchreatha, an dorchadas dubh, an solas dallraitheach agus araile. Ar dtús, rachadh sé rite leis na Valar eile bac a chur ar Melkor. Ansin, áfach, tháinig Tulkas go hArda, agus in éineacht le Tulkas, bhí na Valar sách láidir le Melkor a ruaigeadh go dtí an dorchadas timpeall ar Arda, agus ansin, chrom siad arís ar an obair Arda a ullmhú do mhúscailt Chlann Ilúvatar.

Go gairid ina dhiaidh sin, thosaigh Blianta na Lampaí. Ar dtús, bhí Arda mín leibhéalta, agus rinne na Valar dhá lampa móra le solas a chaitheamh air. B'iad na hainmnacha a thug siad ar na Lampaí ná Illuin agus Ormal. I lár Arda, áit a raibh solas an dá Lampa le feiceáil, a bhí cónaí ar na Valar in Oileán Almaren. Tugtar Earrach Arda ar an tréimhse seo fosta: bhí na Valar díreach tar éis an chuma ab fhearr leo a chur ar Arda, agus Melkor fágtha ar imeall na hollchruinne, taobh amuigh de Bhallaí na hOíche (Béarla: the Walls of Night). San am seo, thosaigh na coillte ag fás, agus na chéad ainmhithe ag teacht chun saoil. Ansin, áfach, d'éirigh le Melkor seangú isteach arís, agus chuir sé deireadh le hEarrach Arda, nuair a scrios sé an dá Lampa.

I ndiaidh scrios na Lampaí, thosaigh blianta na gCrann. Tharraing na Valar siar go Valinor in Iarthar Arda, agus rinne an Vala Yavanna, Bronntóir na dTorthaí, rinne sí dhá chrann móra le solas a thabhairt ar Valinor, mar atá, Telperion, an Crann Airgid, agus Laurelin, an Crann Óir. Bhí an dá Chrann ag tabhairt solais d'Aman, ach d'fhan an Meán-domhan i ndorchadas, gan de sholas ansin ach na réaltaí.

Na hImeachtaí sa Chéad Aois cuir in eagar

I dtús na Chéad Aoise, dhúisigh na hEilbh in Oirthear an Mheán-domhain in aice le Loch Cuiviénen. Go gairid ina dhiaidh sin, chuaigh na Valar i dteagmháil leo, agus iad ag áitiú ar na hEilbh an oilithreacht a dhéanamh anoir go Valinor. Cuid de na hEilbh, níor thug siad aird air seo, agus scar siad leis an gcuid eile. San am seo, d'éirigh le Melkor na Valar eile a bhréagadh chun é a scaoileadh saor, agus nuair a d'éirigh, chuaigh sé go dtí an Meán-domhan le heasaontas a chothú i measc na nEalbh. D'éirigh leis beirt phrionsaí Sí, Fëanor agus Fingolfin, a chur in adharca a chéile, agus mharaigh sé athair na beirte acu, Finwë. Ghoid sé na Silmarilí, trí sheoid a raibh solas an dá Chrann iontu, agus scrios sé na crainn féin.

Chuir Fëanor gairm chruinnithe ar an treibh sí a raibh baint aige féin léi, na Noldor, agus chuaigh siad ar lorg Melkor go Beleriand. B'é Fëanor a thug an leasainm úd Morgotħ—Namhaid Dubh an Domhain—ar Melkor. Thug seisean agus a chlann mhac na mionna go bhfaighfidís athsheilbh ar na Silmarilí nó go bhfaighfidís bás san iarracht. B'é Fëanor féin a bhí i gceannas ar an gcéad dream de na Noldor, agus Fingolfin ar an dream ba mhó a bhí ag teacht ina ndiaidh. Rinne na Noldor stad in Alqualondë, áit a raibh cónaí ar na Teleri, treibh eile de shíoga. Cuanchathair a bhí ann, ach ní raibh na Teleri sásta áis a gcuid long a thabhairt do na Noldor. Ansin, d'ionsaigh Fëanor agus lucht a leanúna na Teleri, mharaigh siad cuid mhaith acu, agus ghoid siad a gcuid long. Tugadh an Chéad Fhionaíl (Béarla: The First Kinslaying) ar na himeachtaí seo. Sheol lucht leanúna Fëanor leo ar na longa goidte, agus fágadh lucht leanúna Fingolfin ar an mblár fholamh. Ní raibh de rogha acu ach an fharraige a thrasnú ag Helcaraxë, áit a raibh an t-oighear chomh pacáilte is go bhféadfá é a shiúl go dtí an Meán-domhan.

Sna himeachtaí a lean, maraíodh Fëanor. Tháinig Fingolfin agus an chuid ba mhó de chlann mhac Fëanor slán, áfach, agus bhunaigh siad ríochtaí cumhachtacha ina dhiaidh sin. Idir an dá linn, thóg na Valar an dá thoradh deireanacha a bhí fágtha den dá chrann agus rinne siad an Ghrian agus an Ghealach díobh. Mar sin, thosaigh Blianta na Gréine, agus is gnách glacadh leis gurb é Chéad Éirí na Gréine fíorthús na Chéad Aoise freisin.

Rinne na Noldor léigear ar Angband, daingean Melkor, agus iad ag coinneáil diansúil ar an áit le nach seangódh an Namhaid as an áit. Mar sin féin, bhí sé ábalta fórsaí a chur amach trí bhealaí rúnda ó am go ham, agus na Noldor ag cur troda ar na fórsaí seo. A fhad is a mhair an t-imshuí seo, áfach, bhí síocháin i réim sa chuid is mó den Mheán-domhan—An tSíocháin Fhada.

I rith na Síochána Fada, dhúisigh na Daoine, agus rinne siad a mbealach thar na Sléibhte Gorma go Beleriand. Sa deireadh, áfach, d'éirigh le Morgotħ an léigear a bhriseadh, agus ansin, d'ionsaigh sé ríochtaí na nEalbh sa Mheán-domhan. Chloígh sé gach ceann acu, fiú Gondolin, an chathair cheilte. B'é an t-aon rath amháin a bhí ar na Daoine agus na hEilbh araon gur éirigh le Beren, fear daonna, agus Lúthien, cailín de phór na nEalbh is na Maiar, an Silmaril a bhaint de choróin Morgotħ. Fuair Beren agus Lúthien bás go gairid ina dhiaidh sin, ach bhí Mandos, an Vala a thugann aire d'anamacha na marbh, — bhí sé sásta iad a ghairm chun beatha arís, ar acht is nach bheicfeadh aon Duine Beren ina bheo arís, agus go mbeadh Lúthien sásta bás an duine dhaonna a fháil. Cuid an-tábhachtach de mhiotaseolaíocht phríobháideach Tolkien écéal grá Beren agus Lúthien. Is iad na hainmneacha seo atá le léamh ar thuama Tolkien agus a mhná céile, fiú.

Mharaigh na hAbhaic Thingol, athair Lúthien, agus ghoid siad an Silmaril uaidh. Le cuidiú na nEinteach, rinne Beren luíochán roimh na hAbhaic agus sciob sé an Silmaril uathu. Thug sé an Silmaril do Lúthien, ach fuair an bheirt acu bás—agus b'é an fíorbhás é an iarracht seo—go gairid ina dhiaidh sin. D'fhág siad an Silmaril ag a mac Dior. B'é Dior a bhunaigh an ríocht úd Doriath in athuair. Nuair a fuair clann mhac Fëanor amach go raibh ceann de na Silmarilí ag Dior, tháinig siad á éileamh air, agus nuair a dhiúltaigh sé an tseoid a thabhairt dóibh, mharaigh siad é. Scrios siad Doriath freisin—b'é seo an Dara Fionaíl (the Second Kinslaying). Ní bhfuair siad an Silmaril, áfach, nó d'éalaigh iníon Dior, Elwing, uathu, agus an tseoid aici. Fuair triúr mac de chuid Fëanor—Celegorm, Curufin, agus Caranthir—bás, agus iad ag iarraidh seilbh a fháil ar an Silmaril.

I ndeireadh na Chéad Aoise, ní raibh saoirse ag na hEilbh ná ag na Daoine ach amháin in inbhear na habhann úd Sirion, ina measc siúd Eärendil a phós Elwing. Tharraing clann Fëanor trioblóid arís, áfach, agus iad ag éileamh an Silmaril dóibh féin. D'éirigh ina chogadh idir iad agus lucht leanúna Eärendil, - b'é sin an Tríú Fionaíl (The Third Kinslaying as Béarla). Ansin, thug Eärendil agus Elwing an Silmaril leo trasna na farraige go dtí Valinor le cabhair na Valar a iarraidh. Bhí na Valar sásta cuidiú leo, agus tháinig siad go dtí an Meán-domhan le Morgotħ a phríosúnú.

Na hImeachtaí sa Dara hAois cuir in eagar

I dtús na Dara hAoise, fuair na Daoine an t-oileán úd Númenór mar bhronntanas ó na Valar, nó Yôzâyan, Tír an Bhronntanais, mar a thug siad air ina dteanga féin, an Adûnaic. San am céanna, is iomaí Ealbh a fuair fáilte ó na Valar. Bhí na Númenóraigh ní b'fhadsaolaí ná na Daoine eile. Chuaigh siad le seoltóireacht, agus iad ag teacht ar cuairt i gcuanta an Mheán-domhain agus ag múineadh scileanna nua do mhuintir na n-áiteanna sin. I rith na blianta, áfach, tháinig éad ar na Númenóraigh leis na hEilbh, ó bhí saol suthain síoraí acu siúd. Nuair a bhí na Númenóraigh i bpraidhm a gcumhachta (seachas i mbarr a maitheasa), bhí siad ina dtiarnaí agus ina dtíoránaigh ar Dhaoine an Mheán-domhain, in áit a bheith ag tabhairt cabhrach agus oideachais dóibh.

Cúpla céad bliain i ndiaidh thús na Dara hAoise, thosaigh Sauron, iar-sheirbhíseach de chuid Morgotħ, ag eagrú is ag rialú na n-arrachtaí agus na n-ainmhithe drochmhúinte in Oirthear an Mheán-domhain. D'áitigh sé ar na saoir i gceártaí na nEalbh in Eregion Fáinní na Cumhachta a shaoirsiniú. Faoi rún, áfach, rinne sé féin an t-Aon Fháinne Amháin a raibh de chumhacht ann na fáinní eile a rialú agus a choinneáil faoi smacht, nó mar a ghrean Sauron féin san fháinne:

ash nazg durbatulûk, as nazg gimbatul,
ash nazg thrakatulûk, agh burzum-ishi krimpatul

— i dteanga rúnda a chuid seirbhíseach, a chiallaíonn, a bheag nó a mhór: "Seo an tAon Fháinne Amháin le hiad a aimsiú, seo an tAon Fháinne Amháin le hiad a rialú, seo an tAon Fháinne Amháin le hiad a thabhairt go dtí an Dorchadas agus a chur faoina shlabhraí". Nuair a chuir Sauron an tAon Fháinne ar a mhéar féin, áfach, d'aithin ríthe na nEalbh céard a bhí i gceist aige, agus chaith siad a bhfáinní féin uathu sula raibh d'uain ag Sauron iad a chur faoi smacht.

San am seo, bhí Sauron ag caitheamh a scáile ar Númenór. Ní raibh na ríthe sásta bás a fháil go sásta síochánta i ndiaidh a gcuid suilt a bhaint as an saol. Ina áit sin, bhí siad ag cloí leis an mbeatha go santach. Sna laethanta a bhí, bhí muintir Númenór riamh dílis agus buíoch do na Valar agus d'Eru, ach anois, bhí siad ag déanamh dearmaid den chíos a bhí dlite uathu do na Valar. Bhí siad ag éirí faoi chinniúint an Duine, is é sin, an bhásmhaireacht. Scoilt muintir Númenór ina dhá leath, mar atá, lucht leanúna an Rí, nach raibh ag teastáil uathu ach tuilleadh cumhachta a bhaint amach do Númenór beag beann ar na hEilbh agus na Valar, agus na Fíréin, a d'fhan dílis do na hEilbh agus a thug aird ar fhocail Eru Ilúvatar i gcónaí.

Bhí Sauron chomh cinnte ann féin is gur fhógair sé gurbh eisean Rí na nDaoine. Níor thaitin an ghaisciúlacht seo le hAr-Pharazôn, rí deireanach Númenór, nó bhí sé den tuairim gurbh eisean Rí na nUile Dhaoine. Mar sin, ghléas sé fórsa armtha agus sheol sé go dtí an Meán-domhan le dúshlán Sauron a thabhairt. Thuig Sauron nach mbeadh seans ar bith aige in aghaidh a leithéid de shluaite armtha, agus bhí sé sásta é féin a ghéilleadh d'Ar-Pharazôn a rinne príosúnach de. Bhí Sauron ábalta a shaoirse a fháil ar ais lena chuid bladaireachta, agus go gairid ina dhiaidh sin, bhí sé ina chomhairleoir ag Ar-Pharazôn. D'inis sé don rí gurbh é Melkor an fíor-Dhia, agus nach raibh i gceist le hEru Ilúvatar ach bréag de chuid na Valar. Thosaigh an Rí ag géarleanúint na bhFíréan, agus maraíodh cuid mhór acu mar íobairt do Melkor. Nuair a d'éirigh Ar-Pharazôn sean, d'áitigh Sauron air gur chóir dó ionsaí a thabhairt faoi Valinor le rún an tsaoil shíoraí a bhaint amach ó na Valar le lámh láidir. Bhí eagla ar Ar-Pharazôn roimh an mbás, agus mar sin, chruinnigh sé cabhlach millteanach cogaidh le seoladh go Valinor. Rith le hAmandil, a bhí i gceannas ar na Fíréin, go bhféadfadh sé sampla Eärendil a leanúint agus trócaire a iarraidh ar na Valar. Mar sin, sheol sé go Valinor beag beann ar Ar-Pharazôn agus a chabhlach, ach níor chualathas iomrá air riamh ina dhiaidh sin. San am céanna, d'ullmhaigh Elendil, mac Amandil, agus an bheirt mhac aige siúd, Isildur agus Anárion, na Fíréin chun éalú ó Númenór le himirce a dhéanamh go dtí an Meán-domhan.

Akallabêth agus deoraíocht shliocht Elendil cuir in eagar

Nuair a chuaigh Ar-Pharazôn i dtír in Aman, tharraing sé fearg Eru Ilúvatar anuas air féin. Scriosadh cabhlach agus arm Ar-Pharazôn go hiomlán, agus chuir Ilúvatar athrú cuma ar an Domhan. D'fhág Sé déanamh na liathroide air, agus scar sé ó Aman é, ionas nach bhféadfá Valinor a bhaint amach le gnáthlong arís. Níor fhág Sé ach aon Bhealach Díreach amháin ón Meán-domhan go hAman, agus ní fhéadfadh ach longa draíochta na nEalbh an bealach sin a aimsiú. Maidir le Númenór, d'éirigh na farraigí suas ina dtaoide tuile, agus shuncáil siad an t-oileán ar fad. B'é seo an Díle (Béarla: The Downfall), nó, mar a thugtar air i dteanga mhuintir Númenór, Akallabêth.

D'éirigh le hElendil agus a chlann mhac Númenór a fhágáil in am, ach fuair Tar-Míriel, banríon Númenór, bás sa Díle, cé go raibh sí dílis d'Eru Ilúvatar agus do na hEilbh. Bhí sí pósta ar Ar-Pharazôn in aghaidh a tola. Nuair a thosaigh na huiscí ag líonadh suas, d'fhéach sí le mullach an tsléibhe naofa Meneltarma a bhaint amach le trócaire a iarraidh ar na Valar nó ar Eru Ilúvatar, ach ansin, bháigh an tuile í sular tháinig sí in airde.

Bhunaigh Elendil agus a mhic dhá ríocht do Dhaoine sa Mheán-domhan: Arnor agus Gondor. Bhí spiorad Sauron tar éis seangú ar ais go dtí an Meán-domhan i ndiaidh na Díleann i Númenór, agus ansin, chuaigh sé i riocht duine arís. D'éirigh sé bagrach ar na Daoine agus ar na hEilbh arís go dtí go ndeachaigh na Daoine agus na hEilbh le chéile arís le Cogadh na Comhghuaillíochta Deireanaí a chur ar Sauron. Fuair Elendil, Anárion agus rí na nEalbh, Gil-galad, bás sa chogadh seo, ach d'éirigh leis an gComhghuaillíocht Sauron a mharú, nó, ar a laghad, a riocht daonna a mharú. Maidir le hIsildur, ghearr sé an tAon Fháinne de lámh Sauron agus choinnigh sé aige féin é in éiric bhás a mhuintire. Ní raibh Isildur sásta an Fáinne a scrios, nó, le bheith beacht, níor lig an Fáinne dó é a dhéanamh. Thug sé faoi deara go ndéanfadh an Fáinne dofheicthe é, dá gcuirfeadh sé ar a mhéar é. Ní raibh a fhios aige, áfach, go raibh toil dá chuid féin ag an bhfáinne. Nuair a chuir Isildur air féin é le teacht slán ó dhiorma d'oir, shleamhnaigh an fáinne dá mhéar, agus fuair na hoirc radharc ar Isildur is mharaigh siad é. Sin é an tuige go dtugtar Cabhóg Isildur (Isildur's Bane) ar an bhFáinne freisin.

I ndiaidh bhás Isildur, cailleadh an Fáinne, agus níor chualathas a dhath faoi ar feadh i bhfad.

Na hImeachtaí sa Tríú hAois cuir in eagar

Tá imeachtaí Thiarna na bhFáinní suite sa Tríú hAois. I ndiaidh do na Dúnedain—iarsmaí mhuintir Númenór—seadú sa Mheán-domhan, tháinig dhá ríocht mhóra de chuid na nDaoine ar an bhfód san ilchríoch, Arnor agus Gondor. Bhí na hEilbh ag cailleadh a seanmhisnigh, agus iad ag imeacht leo as an Meán-domhan. Mar sin, d'fhan ríochtaí dá gcuid anseo agus ansiúd. Ag druidim chun deireanais don Tríú hAois, d'éirigh Sauron láidir arís, agus é ag santú an tAon Fháinne Amháin. Neach réamh-Hobadach, nó cineál Hobaid, darbh ainm Sméagol a tháinig i seilbh an Fháinne ar dtús, ach ós rud é gur chuir urchóid inmheánach an Fháinne a shaol ó mhaith air, d'éalaigh sé as measc a mhuintire, agus an Fáinne á choinneáil bheo thar ghnáthfhad saoil na ndaoine is na hobad. Rinne sé dearmad dá ainm, agus is é an t-ainm a ghlac sé air ná Gollum, in aithris an cineál fuaime a dhéanfadh a scornach agus é ag slogadh. Sa deireadh, d'éirigh leis an Hobad Biolbó Baigín an Fáinne a mhealladh ó Gollum. Thug Bilbo an Fáinne dá ghaol óg, Fródó, ach ansin, fuair searbhóntaí Sauron, na Marcaigh Dhubha (Black Riders) nó na Taibhsí Fáinne (Ringwraiths) amach faoin áit a raibh an Fáinne. B'éigean do Fródó éalú ón tSír, ceantar dúchais na Hobad, agus cabhair a iarraidh ar na hEilbh in Imladris (Béarla: Rivendell). B'é an chomhairle a ghlac na hEilbh agus ionadaithe na gciníocha eile ná gur chóir an Fáinne a leá sa tine chéanna ar tháinig sé aisti, is é sin, i Sliabh na Cinniúna (Béarla: Mount Doom, sa teanga Sindarin OrodruinAmon Amarth), bolcán i Mordor, ríocht Sauron. I ndiaidh eachtraí sceitimíniúla, d'éirigh le Fródó agus a shearbhónta dílis an Fáinne a thabhairt a fhad le Sliabh na Cinniúna. Sa deireadh, bhí dúil nimhe ag Fródó féin san Fháinne, ionas nach bhféadfadh sé é a chaitheamh isteach, ach ansin, bhain Gollum an Fáinne de, agus thit sé féin síos i laibhe an bholcáin, agus an Fáinne leis.

Ciníocha cuir in eagar

Na hAinur cuir in eagar

Na Valar cuir in eagar

Is iad na Valar na hAinur is airde céim. D'fhéadfá ardaingil a thabhairt orthu. Chruthaigh Eru Ilúvatar iad sular chruthaigh Sé an Ollchruinne (), an Grianchóras (Arda) agus an Domhan (Imbar). Luaigh Tolkien na Valar seo, ach is dócha nach bhfuil iontu ach na Valar is mó cumhachta—ríthe agus banríonacha na Valar. Is í an teanga Valarin a labhraíonn siad. Murab ionann agus na teangacha Quenya agus Sindarin, ní dhearna Tolkien mórán forbartha riamh ar an teanga seo. Is féidir, áfach, teacht ar bhlúiríní di ina chuid lámhscríbhinní, a foilsíodh i ndiaidh a bháis sa tsraith The History of Middle-earth. Bhí focail na teanga seo ní b'fhaide ná focail na dteangacha Sindarin agus Quenya. Mar shampla, is é an leagan Valarin d'ainm Tulkas ná Tulukastâz.

  • Manwë, Ard-Rí na Valar. Is é Manwë fear céile Varda agus Rí Arda. Nuair a bhí sé ag cur faoi sa Mheán-domhan, bhí cónaí air thuas i mullach an tsléibhe ab airde sa Mheán-domhan—Taniquetil.
  • Ulmo, Vala na bhfarraigí.
  • Aulë, an "Gobán Saor". B'eisean a chruthaigh na hAbhaic, agus iad á urramú faoin ainm Mahal.
  • Oromë, ar a dtugtar Araw agus Aldaron fosta, "Tiarna na gCrann" agus an sealgaire mór.
  • Mandos, Breitheamh na Marbh. Le fírinne, Námo is ainm dó, agus is é Mandos ainm a árais. Go bunúsach, ní dual do na hEilbh bás a fháil, ach is féidir Ealbh a mharú le lámh láidir, agus is féidir don Ealbh stiúgadh le brón. An tEalbh a gheobhaidh bás, rachaidh a spiorad go Mandos, agus thig le Mandos foirm nua chorpartha a thabhairt don spiorad.
  • LórienIrmo, máistir na n-aislingí is na mbrionglóidí.
  • TulkasAstaldo, an Vala deireanach a thuirling go hArda. Nuair a bhí Melkor ar tí bua a bhreith ar na Valar eile sa Mheán-domhan, tháinig Tulkas chun fortachta dóibh.
  • Melkor—an diabhal, an Tiarna Duairc, nó Morgotħ Bauglir, Namhaid Dubh an Domhain, an Tíoránach.
  • Varda, Bantiarna na Réaltaí. Adhraíonn na nEalbh í faoin ainm Elberetħ Giltħoniel. Is í bean chéile Manwë í. B'ise a las na réaltaí os cionn an Domhain.
  • YavannaKementári, bean chéile Aulë, Bantiarna na dTorthaí.
  • Nienna, Bantiarna na nDeor is na Trócaire.
  • Estë, Bantiarna na Scíthe, bean chéile Irmo.
  • Vairë, fíodóir na staire, na n-imeachtaí is na n-eachtraí.
  • Vána, Bantiarna na mBláth, bean chéile Oromë agus deirfiúr Yavanna.
  • Nessa, Bantiarna an Damhsa agus bean chéile Tulkas.

Na Maiar cuir in eagar

Is Maiar iad na carachtair thábhachtacha seo i dTiarna na bhFáinní, mar shampla:

  • Alatar agus Pallando, draoithe na n-éadaí gorma. Ní raibh mórán baint acu le himeachtaí Thiarna na bhFáinní.
  • Sauron, searbhónta Melkor agus, ina dhiaidh sin, Tiarna Dubh ann féin.
  • GandalfOlórinMitħrandir, draoi na n-éadaí liatha. Cabhraíonn sé le príomhcharachtair an scéil lena chuid cumhachtaí neamhshaolta agus lena chríonnacht. Ar dtús, áfach, níl a fhios ag muintir na Síre cé hé féin. Síleann siad nach bhfuil ann ach cineál sean-Ealbh a bhfuil an-scileanna aige i gcúrsaí na tine ealaíne.
  • Saruman, draoi na n-éadaí bána. D'éirigh Saruman an-bhródúil, an-uaibhreach i rith na mblianta, go dtí gur lig sé síos a chuid cairde. D'fhéach sé le Gandalf a bhréagadh chun comhoibriú a dhéanamh leis, agus nuair a dhiúltaigh sé, chéas Saruman é ina chuid doinsiún.
  • Radagast, draoi na n-éadaí donna. Bhí Radagast an-tugtha do na héanacha agus do na hainmhithe, agus is beag a bhuairfeadh sé a chloigeann le himeachtaí na nDaoine is na nEalbh.
  • Melian, bean chéile Elu Thingol agus máthair Lúthien Tinúviel. Luaitear sa leabhar úd The Silmarillion í.

Na hEilbh cuir in eagar

Dhúisigh na hEilbh roimh na Daoine, agus iad neamhbhásmhar. Is é sin, ní thiocfadh an tseanaois orthu, ach d'fhéadfaidís bás a fháil i machaire an áir nó ar bhealach foréigneach eile. Is iad na teangacha a labhraídís ná an teanga Quenya agus an teanga Sindarin. B'í an teanga Quenya an tseanteanga léannta, ach b'i an teanga Sindarin an ghnáthchaint. Ó am go ham, thagair Tolkien do chanúintí éagsúla den teanga Sindarin a d'fhéadfadh a bheith chomh difriúil le chéile is nach dtuigfeadh lucht a labhartha a chéile ach ar éigean.

Tá cuid mhaith iarsmaí den teanga Quenya fágtha i lámhscríbhinní Tolkien. Tá lucht díograise ann agus iad ag iarraidh an teanga a chaighdeánú agus a úsáid le chéile, fiú. Cé go bhfuil a lán focal agus abairtí sa teanga Sindarin le fáil i scríbhinní Tolkien freisin, níl sé leath chomh furasta leagan caighdeánaithe den tSindarin a oibriú amach. Is amhlaidh nach raibh mórán suime ag Tolkien riamh sna teangacha beo, nó b'fhearr leis taighde a dhéanamh ar na teangacha marbha (an Sean-Bhéarla, mar shampla) agus ar an teangeolaíocht stairiúili—s é sin, ar an dóigh a n-athraíonn agus a bhforbraíonn na teangacha i rith na gcéadta bliain. Mar sin, cé gur thug sé an-chur síos ar an dóigh ar fhorbairt na dtamhan éagsúil i leaganacha "stairiúla" éagsúla de na teangacha Ealbhacha, níor bhac sé riamh le gramadach ná téacsleabhar na dteangacha seo a chur ar fáil dá chuid léitheoirí.

Na hAbhaic cuir in eagar

De réir mar a d'inis Tolkien sa Silmarillion, ba é Aulë a chruthaigh na hAbhaic. Ar dtús, ní raibh toil dá gcuid féin acu, agus ní raibh siad ábalta a dhath a dhéanamh as a stuaim féin: chaithfeadh Aulë iad a "chianrialú". Thuig Aulë ansin nach raibh sé in ann neacha intleachtúla a chruthú a bheadh inchurtha le clann Ilúvatar, agus d'ardaigh sé a chasúr leis na hAbhaic a scrios arís. Ansin, áfach, d'éalaigh na hAbhaic óna chasúr, nó bhí Eru tar éis trua a ghlacadh le hAulë agus A bheannacht a thabhairt dá obair.

Saoir chloiche sciliúla iad na hAbhaic, agus cónaí orthu i hallaí móra a ghearrann siad i gcloch na sléibhte. Is í an duáilce is mó a bhíonn acu ná an tsaint atá acu sa saibhreas agus san ór. Tá teanga dá gcuid féin acu, an teanga Khuzdul, agus is é Khâzad a n-ainm sa teanga seo. Teanga rúnda í nach mbíonn á staidéar ach ag na hAbhaic féin, agus mar sin, níor bhac Tolkien ach cúpla focal di a sholáthar—is é sin, gáir chatha na nAbhac: Baruk Khâzad, Kházad ai-mênu! ("Tuanna na nAbhac, na hAbhaic anuas oraibh!") Is í Comhchaint an Iarthair an teanga a bhíonn siad a labhairt leis na ciníocha eile. Na hainmneacha atá orthu ina dteanga féin, tá siad chomh rúnda is nach mbreacann siad síos iad fiú ar a gcuid tuamaí. Na gnáthainmneacha "poiblí" a bhaist Tolkien orthu i dTiarna na bhFáinní, cosúil le Gimlí, Glóin, Trór agus Tráin, fuair sé ón Íoslainnis (nó ón tSean-Lochlainnis) iad.

Na Daoine cuir in eagar

Tugtar Edain ar na Daoine sa teanga Sindarin, agus is é Atani an leagan Quenya. Dhúisigh na Daoine ní ba deireanaí ná na hEilbh, agus murab ionann agus iadsan, tá na Daoine básmhar. Is é an tuiscint a bhí ann ar dtús gur bronntanas ab ea an Bás a fuair na Daoine ó Eru Ilúvatar, nó éalú a bhí ann ón Domhan, bealach éalaithe nach raibh ar fáil do na hEilbh ná do na Valar féin. Nuair a thruailligh Melkor croíthe na nDaoine, áfach, tháinig eagla orthu roimh an mbronntanas, agus thosaigh siad ag dearcadh air mar a bheadh damnú ann. Ghlac siad col leo féin agus lena nádúr féin. Sin é an tuige ar fhéach muintir Númenór, mar shampla, neamhbhásmhaireacht agus saol síoraí ar an domhan seo a bhaint amach dóibh féin trí Valinor a ionsaí.

Sa Tríú hAois, bhí dhá ríocht mhóra ag na Daoine in Iarthar an Mheán-domhain: Gondor agus Rocha. B'iad sliocht na bhFíréan ó Númenór a bhunaigh Gondor. Na Rochannaigh, arís, tháinig siadsan ó Thuaisceart an Mheán-domhain, agus ní raibh cultúr chomh forbartha acu agus ag muintir Gondor. Maidir leis na Númenóraigh nach raibh dílis d'Eru Ilúvatar, is é sin, lucht leanúna an Rí Ar-Pharazôn, bhí cuid dá sliochtsan le fáil sa Mheán-domhan freisin, agus thugtaí "na Númenóraigh Dhubha" orthu. Is iomaí duine acu a bhí ar fiannas i sluaite armtha Sauron.

Nuair a d'imigh ríocht Arnor de dhroim an tsaoil i dtuaisceart an Mheán-domhain, chuaigh sliocht na bhFíréan ansin le fánaíocht sna coillte. Duine d'Fhánaithe an Tuaiscirt (Rangers of the North) ab ea Aragorn, nó an Taistealaí (Strider), a bhain amach ríchathaoir Gondor i ndeireadh Thiarna na bhFáinní.

Is iad na teangacha a bhí á labhairt ag na Daoine ná an teanga Adûnaic (i Númenór) agus ina dhiaidh sin, an teanga Westron nó "Comhchaint an Iarthair", an teanga choitianta ar fud an Mheán-domhain sa Tríú hAois. Bhí a dteanga féin ag na Rochannaigh, agus í gaolmhar leis an gComhchaint—rud a thug Tolkien in iúl trí hiad a chur ag labhairt Sean-Bhéarla. Iad siúd de mhuintir Númenór a d'fhan dílis do na hEilbh, bhí siad ag staidéar agus ag cleachtadh theangacha na nEalbh freisin. Bhí líofacht na dteangacha seo ag Aragorn, cuir i gcás. Maidir leis na Númenóraigh Dhubha, is dócha go raibh an teanga Adûnaic acu.

Níor bhac Tolkien riamh leis an teanga Westron a fhorbairt mórán, nó is é an tuiscint a bhí aige ná gur sheas an Béarla i dTiarna na bhFáinní don Westron. Maidir leis an Adûnaic, d'fhág sé cúpla abairt agus sceits gramadaí againn. Tá an chuid is mó den ábhar seo ar fáil sa leabhar úd Sauron Defeated, an naoú cuid den History of Middle-earth.

Na Hobaid cuir in eagar

Hobaid iad príomhlaochra an úrscéil: Biolbó Baigín, Fródó Baigín, Sam Gamgee, Merry Brandybuck, agus Peregrin Túc. Tá cónaí ar an gcuid is mó de na Hobaid sa tSír (The Shire) in Eriador. Cuid de Ríocht Arnor a bhí sa tSír a fhad is a mhair an ríocht sin. Is gnách leis na Hobaid a gcónaí a dhéanamh i bpoill faoi thalamh, cé go mbíonn tithe ag an gcuid is saibhre acu. Cineál Daoine iad go bunúsach, ach amháin go bhfuil siad i bhfad níos ísle fás ná na fíor-Dhaoine. Is í an teanga a labhraíonn siad ná an Westron, cé go raibh teanga eile acu fadó, agus í ní ba chosúla le teanga na Rochann. Mhair cuid mhaith focal ón tseanteanga i ngnáthchaint na Síre. Chuaigh Merry Brandybuck sna saighdiúirí i Rochainn, áit a gcluineadh sé an teanga á labhairt ina thimpeall go minic, agus d'aithin sé cuid mhaith focal óna chanúint féin i mbéal na Rochannach.

Ní raibh a fhios ag cuid mhór de mhuintir an Mheán-domhain an focal "hobad", agus is é an t-ainm a bhí acu ar na hobaid ná "leathdhaoine" (Béarla: Halflings, an teanga Sindarin: periannath). Níor thaitin an t-ainm seo leis na hobaid, áfach.

Na hOirc cuir in eagar

Cineál arrachtaigh ab ea na hOirc, agus iad i seirbhís Sauron (d'éirigh le Saruman, áfach, arm Orc dá chuid féin a ghoradh is a chothú). Níl sé soiléir cérbh as dóibh ó thús, ach dealraíonn sé gur cine a bhí iontu a chruthaigh Morgotħ trí dhaoine agus eilbh a thruailliú lena olcas. Cibé scéal é, ní raibh grá ag na hOirc d'aon rud: bhídís riamh ag troid le chéile, agus ní thabharfaidís urraim ar bith do Sauron féin ach go bé go raibh an bás ag bagairt ar chách a rachadh chun diúnais ar an Tiarna Dubh.

Cheap Sauron teanga rúnda dá chuid searbhóntaí, an Teanga Dhubh, ach ní raibh grá ag na hOirc don teanga féin, agus níor bhac siad le caighdeán Sauron a thabhairt leo. Mar sin, thit an teanga as a chéile ina canúintí scaipthe, agus mar sin, b'éigean do na hOirc an Chomhchaint - an Westron - a úsáid le haghaidh cumarsáide eatarthu féin go minic, ó nach dtabharfaidís canúintí coimhthíocha a dteanga féin.

Na hEintigh cuir in eagar

Tugann na hEintigh (Ents as Béarla; tá an t-ainm seo bunaithe ar fhocal Sean-Bhéarla a chiallaíonn "fathach") aire do na crainn, agus iad féin an-chosúil leis na crainn, ach amháin go bhfuil caint agus tuiscint acu. B'í an Vala Yavanna a d'áitigh ar Eru Ilúvatar na hEintigh a chruthú leis na crainn a chosaint ar na Daoine, na hEilbh agus na hAbhaic. D'fhoghlaim na hEintigh an chaint agus na teangacha ó na hEilbh, ó theastaigh uathu siúd bheith in ann caint a dhéanamh le cách (coinnigh cuimhne air gurb é an t-ainm a bhí ag na hEilbh orthu féin sa teanga Quenyaquendi, is é sin, "na cainteoirí"). Tá a dteanga féin ag na hEintigh, ach níl aon neach eile ábalta an teanga sin a fhoghlaim, nó tá na focail an-fhada, agus an ghramadach chasta. Bíonn na hEintigh ábalta teangacha na gciníocha eile a fhoghlaim go gasta, áfach. Bíonn siad an-mhall ina gcuid nósanna, ach is féidir leo a bheith iontach dainséarach mar naimhde.