An tAcht Laghdaithe Boilsciú (acht aeráide na S-A), 2022

Ar 17 Lúnasa 2022, chuir Joe BidenUachtarán na Stát Aontaithe, a lámh leis an tAcht Laghdaithe Boilsciú, 2022 (the Inflation Reduction Act), an dlí "is suntasaí ar son na haeráide dár reachtaíodh riamh i stair Mheiriceá" go dtí an pointe seo.[1][2][3]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAn tAcht Laghdaithe Boilsciú, 2022
Íomhá
Map
Cineálbill (en) Aistrigh
Act of Congress in the United States (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Fógairt117ú Comhdháil na Stát Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhábharboilsciú
2021–2023 inflation surge (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Baint le limistéar údaráisStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Joe Biden Cuir in eagar ar Wikidata
Sínitheoir
Cúis2021–2023 inflation surge (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata


Séala Mór na Stát Aontaithe

Meastar go bhféadfadh an tAcht na hastaíochtaí ó bhreoslaí iontaise na Stát Aontaithe a laghdú agus go mbeidís 41%-42% faoin leibhéal ag a rabhadar in 2005 faoin mbliain 2030.[4]

Cúlra cuir in eagar

Sa bhliain 2018, bhí na Stáit Aontaithe freagrach as 12% d’astaíochta gás teasa (GCT[5]) na cruinne (C02e).[6][7][8] Má chomhairtear na hastaíochtaí ar fad ó bhreoslaí iontaise ó 1750, is mó a tháirg SAM ná aon tír eile ar domhan.[9]

Bearta cuir in eagar

Faoin reachtaíocht seo, cuirfear $369 billiún ar fáil mar mhaoiniú chun acmhainní fuinnimh inathnuaite a neartú agus astaíochtaí ceaptha teasa a laghdú.

  • Spreagann an tAcht tomhaltóirí agus tionscail lena spleáchas ar bhreoslaí iontaise a athrú.
  • Cuireann an tAcht pionós ar chomhlachtaí breoslaí iontaise a scaoileann amach iomarca astaíochtaí meatáin
  • Cuirfear maoiniú riachtanach ar fáil chun an truailliú a ghlanadh suas.
  • Gearrann táille mheatáin ar chomhlachtaí breoslaí iontaise a scaoileann an iomarca den mheatán amach san aer ó tharla gur truailleán aeráide an-chumhachtach é an gás sin.[9]

Spriocanna cuir in eagar

An sprioc atá leis an reachtaíocht seo go mbeadh billiún tonna de laghdú ar astaíochtaí gásanna ceaptha teasa na Stát Aontaithe in 2030. Faoin mbliain 2030, meastar nach mbeidh ach 9.7% de leictreachas na Stát Aontaithe á fháil ó ghual, tionscal atá ag dul i léig ansin le fada.

Cé go raibh an gás nádúrtha mar fhoinse fuinnimh ag ardú thall le tamall, meastar go mbeidh a úsáid sin freisin laghdaithe 28% sa bhliain 2030.

Conspóídí cuir in eagar

Cháin na polaiteoirí is forásaí nó is liobrálaí sa Chomhdháil an bille seo toisc é a bheith níos teoranta ná an uaillmhian a bhí ag an Uachtarán Biden leis an ‘Acht Atógála Níos Fearr’. Ach theip air dóthain tacaíochta a fháil don acht sin agus a bhuíochas do na forálacha ar son na haeráide atá san Acht Laghdaithe Boilsciú seo, glacadh leis.[9]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Nandita Bose, Steve Holland (2022-08-17). "Biden signs inflation act, hands pen to Manchin" (en). Reuters. Dáta rochtana: 2022-08-23.
  2. "The Inflation Reduction Act is a strong step towards clean energy" (en). World Economic Forum. Dáta rochtana: 2022-08-23.
  3. Carlos Martín (2022-08-22). "The Inflation Reduction Act will reduce household energy insecurity—but it could do more" (en-US). Brookings. Dáta rochtana: 2022-08-23.
  4. "Biden lena lámh a chur leis an dlí aeráide is tábhachtaí riamh i Meiriceá" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-08-23.
  5. astaíochtaí Gás Ceaptha Teasa
  6. "List of countries by greenhouse gas emissions" (as en) (2022-03-11). Wikipedia. 
  7. "List of countries by greenhouse gas emissions per person" (as en) (2022-03-04). Wikipedia. 
  8. bunachar sonraí (2018). "Resource Watch" (en). resourcewatch.org. Dáta rochtana: 2022-08-23.
  9. 9.0 9.1 9.2 "Biden lena lámh a chur leis an dlí aeráide is tábhachtaí riamh i Meiriceá" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-08-23.